Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta

Cuireadh Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta ar bun i mí na Bealtaine 2020 chun Plean Téarnaimh na Turasóireachta a ullmhú ina gcuimsítear moltaí maidir le conas is féidir earnáil turasóireachta na hÉireann a chur in oiriúint agus a thabhairt slán i dtimpeallacht turasóireachta athraithe mar thoradh ar ghéarchéim COVID. Chuir an Tascfhórsa Plean Téarnaimh na Turasóireachta 2020 – 2023 faoi bhráid an Aire ar an 30 Meán Fómhair 2020. Déantar roinnt moltaí sa Phlean chun cabhrú le gnólachtaí maireachtáil, bail sheasmhach a chur orthu féin agus téarnamh ó phaindéim COVID.

Ag teacht le moladh ó Phlean Téarnaimh na Turasóireachta a chuir Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta i dtoll a chéile, cuireadh Grúpa Maoirseachta Téarnaimh ar bun i mí na Nollag 2020. Is é cuspóir an ghrúpa seo ná maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Phlean Téarnaimh a chuir Tascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta ar fáil agus monatóireacht a dhéanamh ar théarnamh na hearnála ó ghéarchéim COVID.

Seo a leanas na sonraí is déanaí ó Thascfhórsa Téarnaimh na Turasóireachta agus ón nGrúpa Maoirseachta Téarnaimh.