Íomha: Brexit Banner V5

An tEolas is Déanaí

Nuashonruithe agus Eolas Tábhachtach do thiománaithe leoraí:

An Breatimeacht

D'fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 nuair a thug an dá thaobh Comhaontú um Tharraingt Siar chun críche d'fhonn imeacht ordúil a éascú.

Rinneadh foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar d’idirthréimhse, agus tháinig deireadh leis an tréimhse sin an 31 Nollaig 2020.

Ar an 24 Nollaig 2020, tháinig foirne idirbheartaíochta an AE agus na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú i bprionsabal maidir le Comhaontú Trádála agus Comhair, agus tháinig sin i bhfeidhm ag deireadh na hidirthréimhse. Foráiltear leis an gComhaontú do thrádáil saor ó tharaifí, saor ó chuótaí agus do chomhoibriú earnálach i roinnt réimsí tábhachtacha. Tá tuilleadh eolais tugtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an gComhaontú ar a láithreán gréasáin . De bharr chomh deireanach is a tugadh an idirbheartaíocht chun críche, tá sé molta ag an gCoimisiún Eorpach go gcuirfí an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach ar feadh tréimhse ón 1 Eanáir fad is atá nósanna imeachta an AE agus na Ríochta Aontaithe chun críoch a chur leis an gcomhaontú seo á dtabhairt chun críche.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird fiú agus an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm, go mbeidh athrú ollmhór agus buan ann ag deireadh na hidirthréimhse ar an 31 Nollaig, mar nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina cuid de Mhargadh Aonair agus Aontas Custaim an AE a thuilleadh. Ciallóidh sé sin go mbeidh nósanna imeachta nua i gceist do ghnólachtaí a bheidh ag aistriú earraí chuig an RA, ón RA nó tríthi, seachas Tuaisceart Éireann. Ciallaíonn an Prótacal maidir le [external-link hÉirinn / Tuaisceart Éireann , atá ina chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar a comhaontaíodh idir an AE agus an RA in 2019, nach gcuirfear aon nósanna imeachta nua i bhfeidhm ar earraí a bheidh ag bogadh idir Thuaisceart Éireann agus Éire (agus Ballstáit eile san Aontas Eorpach).

Onnmhaireoirí Éireannacha: Bí ullamh do Rialuithe Allmhairithe RA nua ón 1 Aibreán

• Ar an 1 Aibreán, cuirfidh an RA tús le rialuithe nua allmhairithe ar chatagóirí áirithe d'earraí AE. Beidh tionchar ag rialuithe allmhairithe nua na RA ar onnmhaireoirí ar de bhunús ainmhíoch iad a gcuid táirgí, lena n-áirítear gach táirge feola, déirí, éisc agus ilchodacha ina gcuimsítear táirgí de bhunús ainmhíoch, chomh maith le plandaí agus táirgí plandaí rialáilte.

• Ciallóidh sé sin, anuas ar na foirmealtachtaí custaim a bhfuil gá leo, go mbeidh ar onnmhaireoirí de chuid na Éireann a bhíonn ag onnmhairiú go dtí an RA nó tríthi, gan Tuaisceart Éireann san áireamh, roinnt ceanglais nua sa RA a chomhlíonadh. Beidh ar d'allmhaireoir RA fógra a thabhairt roimh ré d'údaráis na RA maidir leis na hearraí, beidh ord an Teastas (na Teastais) Sláinte cuí a fháil ó údaráis na hÉireann agus beidh ort na hearraí sin a bhogadh i dteannta an Teastais Sláinte (na dTeastas Sláinte) sin.

• Tá sé den ríthábhacht go dtuigeann onnmhaireoirí na ceanglais onnmhairithe nua seo atá ag an RA agus a chinntiú go bhfuil gach duine sa slabhra soláthair, lena n-áirítear d'allmhaireoir sa RA, soiléir i ndáil leis an ról atá acu agus na freagrachtaí atá orthu chun go mbeidh siad ábalta iad a shásamh.

• Tá réimse de thacaíochtaí Rialtais ar fáil, lena n-áirítear oiliúint agus deontais, d'fhonn cuidiú le do ghnó dul i ngleic leis na hathruithe sin. Beidh ort áfach a bheith i dteagmháil le d'allmhaireoir sa Ríocht Aontaithe agus le húdaráis na RA.

Má bhíonn ort Glaoch a Dhéanamh

Beidh tú ábalta teacht ar shonraí phríomhsheirbhísí atá ann do ghnólachtaí anseo .

Pleananna Bainistithe Tráchta

Léigh an t-eolas is déanaí ar: Pleananna Bainistithe Tráchta do Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Líonra Bóithre Bhaile Átha Cliath

Sé Chéim atá le glacadh le bheith Ullamh don Bhreatimeacht

Is féidir eolas agus treoracha maidir le do ghnó a ullmhú don Bhreatimeacht a fháil ach cliceáil anseo

Plean Gnímh don Ullmhacht

Leagtar amach na céimeanna a dteastaíonn ó ghnólachtaí agus ó dhaoine aonair iad a ghlacadh le bheith go hiomlán ullamh don Bhreatimeacht sa Phlean Gníomhaíochta um Ullmhú don Bhreatimeacht.

Tá sé tábhachtach go dtuigimid na hathruithe seo agus go dtuigimid na céimeanna nach mór dúinn a ghlacadh anois.

Bí ar an eolas

Le bheith ar an eolas faoin nuacht is déanaí:

• féach ar an

Item was unpublished or removed

atá ar siúl ar fud na tíre ina bhfuil sonraí maidir le himeachtaí atá ar na bacáin i do cheantar nó comharsanacht

• féach ar an eolas is déanaí ón AE maidir le hullmhacht don Bhreatimeacht maidir le gnólachtaí agus saoránaigh

• Bí ag leanúint Getting Ireland Brexit Ready ar Twitter. Is é @BrexitReadyIRL an príomhchuntas Twitter atá ag an Rialtas chun an nuacht is déanaí a fháil faoin mBreatimeacht

• faigh amach tuilleadh faoin bpróiseas a bhí ina chionsiocair leis an

Item was unpublished or removed