Tá sé mar aidhm ag tionscnamh an Oileáin Chomhroinnte an rialtais an oiread leas agus is féidir a bhaint as na deiseanna ar fad a eascraíonn as Comhaontú Aoine an Chéasta chun comhoibriú, caidreamh agus comhthuiscint a fheabhsú ar an oileán agus dul i dteagmháil le gach pobal agus gach traidisiún d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le todhchaí chomhroinnte.
- oibriú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann agus le Rialtas na Breataine d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha atá le sárú ar oileán na hÉireann
- tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an ngeilleagar uile-oileáin, cur leis an gcomhoibriú Thuaidh/Theas, agus infheistíocht a dhéanamh san Iarthuaisceart agus i réigiúin na teorann
- idirphlé fiúntach agus cuimsitheach a chothú chomh maith le clár cuimsitheach taighde ionas gur féidir teacht ar chomhthuiscint maidir le todhchaí chomhroinnte ar an oileán
Tá aonad um Oileán Comhroinnte i Roinn an Taoisigh ag feidhmiú mar spreagadh agus mar chomhordaitheoir ar an tionscnamh uile-rialtais seo.
Fógraíodh an Ciste um Oileán i mBuiséad 2021, ciste ina bhfuil €500m de mhaoiniú caipitil ar fáil idir 2021-25, agus é curtha i leataobh chun infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail chomhoibríocha Thuaidh/Theas.
Leagtar amach i dTuarascáil Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte 2022 – Gníomhaíocht maidir le Todhchaí Chomhroinnte, an dara bliain de Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, agus an chaoi a bhfuil an Rialtas tar éis a thiomantas dul i dteagmháil le gach pobal agus le gach traidisiún chun todhchaí chomhroinnte a thógáil ar an oileán, a chur chun cinn agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhun agus mar thaca aige. Foilsíodh an tuarascáil an 5 Nollaig 2022.
Is féidir dul i dteagmháil leis an aonad um Oileán Comhroinnte ag: SharedIsland@taoiseach.gov.ie
Cláraigh don Nuachtlitir Oileán Comhroinnte thíos:
#mc_embed_signup{background:#fff; clear:left; font:14px Helvetica,Arial,sans-serif; }
/* Add your own Mailchimp form style overrides in your site stylesheet or in this style block.
We recommend moving this block and the preceding CSS link to the HEAD of your HTML file. */