Cuntasaíocht Rialtais

Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo rochtain éasca a sholáthar ar fhaisnéis maidir le bainistíocht airgeadais agus treoir chuntasaíochta do réimse an rialtais láir agus go háirithe an Cód Caiteachais Phoiblí, an Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit, treoir maidir le ceapacháin ar Bhoird Stáit, faisnéis maidir leis an Nuachóiriú ar Thuairisciú agus ar Chuntasaíocht Phoiblí, Iniúchadh Inmheánach lena n-áirítear Treoir ón gCoiste Iniúchóireachta agus treoir maidir le Bainistíocht Riosca.

Ceanglais Chuntasaíochta agus Tuairiscithe Airgeadais

Tá treoir ar an leathanach seo maidir le beartas, nósanna imeachta agus prionsabail chuntasaíochta agus bhainistíochta airgeadais do réimse an rialtais láir. Léigh tuilleadh.

Rialachas

Tá croí-threoir bheartais le fáil ar an leathanach seo go háirithe an Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit 2016 agus an Iarscríbhinn maidir le Cothromaíocht Inscne, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht. Is í an aidhm atá ann a chinntiú go gcomhlíonann Ranna agus oifigí Rialtais Láir agus comhlachtaí poiblí araon na caighdeáin is airde rialachas corparáideach. Léigh tuilleadh.

Creat um Luach ar Airgead

Tá dualgas ar gach Comhlacht Poiblí in Éirinn caitheamh go cúramach le cistí poiblí, agus a chinntiú go bhfaightear an luach is fearr ar airgead nuair a bhíonn airgead poiblí á chaitheamh nó á infheistiú. Léigh Níos Mó.

Cód Caiteachais Phoiblí

Is é an Cód Caiteachas Phoiblí an tacar de rialacha agus nósanna imeachta a bhfuil feidhm acu chun a chinntiú go bhfaightear an luach ar airgead is fearr is féidir aon uair a bhíonn airgead poiblí á chaitheamh nó á infheistiú. Léigh tuilleadh.

Tuairisciú agus Athchóiriú Airgeadais

Tá doiciméid agus naisc ar an leathanach seo a bhaineann leis an gClár Athchóirithe um Nuachóiriú ar Thuairisciú agus Cuntasaíocht Airgeadais Phoiblí in Éirinn. Léigh tuilleadh.

Maidir linn

Tá eolas ar an leathanach seo ar a ndéanann Aonad Cuntasaíochta an Rialtais agus ar ról, feidhmeanna agus freagrachtaí an aonaid. Léigh tuilleadh.