Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023

Scéim na nEalaíontóirí Cónaithe 2021

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán i gceannas ar chomhordú Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023. Is príomhchuid den Chlár é an Léiriú Cruthaitheach. Rinne an roinn forbairt ar ghnéithe éagsúla den Léiriú Cruthaitheach agus tá siad á gcur chun tosaigh. Cuirfear na gnéithe seo i bhfeidhm thar na trí bliana atá fágtha den Deich mBliana, idir 2021-2023.

Beidh ról tábhachtach ag saothair chruthaitheacha agus ealaíne i machnamh, iniúchadh agus díospóireacht a spreagadh le linn tréimhse dheireanach Dheich mBliana na gCuimhneachán, ag cur ar chumas daoine ó gach cúlra machnamh a dhéanamh ar ghnéithe dúshlánacha agus deacra agus na gnéithe sin a cheistiú.

Óstálfaidh na forais seo a leanas ealaíontóir cónaithe in 2021 faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán. Brúigh ar na naisc thíos i gcomhair eolais faoi gach clár ealaíontóir cónaithe, eolas faoi conas iarratas a dhéanamh san áireamh. Is é an dáta deiridh i gcomhair glacadh le hiarratais ná 17:00, Dé hAoine, an 19 Márta 2021.

Is gné nua de chlár na gcuimhneachán í scéim na nEalaíontóirí Cónaithe i gcomhair 2021. Tá an scéim dírithe ar na bailiúcháin atá á gcoimeád ag na comhpháirtithe seo i mbliana, a bhfuil nasc díreach acu leis an tréimhse idir 1912-1923. Díreofar aird ar na bailiúcháin stairiúla seo faoi chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán agus meallfar lucht féachana nua chucu.

Tá fáil ar an gcuireadh saincheaptha a thug gach ceann de na forais ag na naisc thuas. Beidh ealaíontóir cónaithe ag gach ceann de na forais ó dhisciplín faoi leith nó réimse disciplíní ealaíonta (ag brath ar riachantais shaincheaptha nó béim shaincheaptha na hInstitiúide sin) chun bailiúcháin faoi leith a roghnaíonn an Institiúid a léiriú agus

Item was unpublished or removed

Samhlaítear nach gcuirfidh gach ealaíontóir isteach ach ar cheann amháin de na comhpháirtithe scéime.