Íomha: URDF Banner ga

An Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí

Is príomhghné de Thionscadal Éireann 2040 é an Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (CAFU). Faoi cheannaireacht na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, bunaíodh an Ciste chun tacú le forbairt níos dlúithe agus níos inbhuanaithe, trí athghiniúint agus athnuachan na gcúig chathair agus na mbailte móra eile in Éirinn, de réir chuspóirí an Chreata Náisiúnta Pleanála (CNP) agus an Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN).

Cumasóidh sé seo céatadán níos mó d'fhorbairt chónaithe agus d'fhorbairt ilchineálach a chur ar fáil laistigh den lorg foirgnithe atá inár gcathracha agus inár mbailte cheana féin agus cabhróidh sé lena chinntiú gur áiteanna mealltacha agus bríomhara iad níos mó dár gceantair uirbeacha a mbeidh fonn ar dhaoine a bheith ag obair iontu agus a bheith ina gcónaí iontu, agus a mbeidh fonn orthu infheistiú iontu agus cuairt a thabhairt orthu freisin.

Is ciste dhá bhilliún euro atá ann, agus éiríonn leis an méid thuasluaite a dhéanamh trí thionscadail athghiniúna agus athnuachana sna cúig chathair agus sna bailte móra eile in Éirinn a pháirtmhaoiniú. I láthair na huaire, tá tionscadal a bhfuil CAFU ag tacú leis á reáchtáil i ngach limistéar údaráis áitiúil ar fud na tíre.

Go dtí seo, eagraíodh trí Ghlao ar thograí faoi CAFU agus tá breis is 1.8 billiún euro leithdháilte go sealadach. Tá Glao 1 agus Glao 2 ag tacú le 132 togra, ina gcuimsítear níos mó ná 400 tionscadal aonair, agus tá Glao 3 ag tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh déileáil le réadmhaoin atá folamh agus tréigthe go fadtéarmach trí chiste imrothlach de luach €150m.

Babhtaí Maoinithe CAFU

Rianaire Thionscadal CAFU

Tá sonraí maidir le gach ceann de na 132 togra athghiniúna ar éirigh leo, ina bhfuil breis is 400 tionscadal aonair, le fáil ar Léarscáil GIS idirghníomhach ag an nasc seo a leanas:

Rianaire Thionscadal CAFU (suíomh seachtrach)