Tugtar an córas imdhíonachta ar chosaint nádúrtha an choirp ar ghalar. Is é an ról atá ag vacsaín ná córas imdhíonachta an choirp a ullmhú chun galar ar leith a aithint agus chun an corp a chosaint. Cuidíonn vacsaíní lenár gcoirp imdhíonacht ó víreas a fhorbairt gan an tinneas a chur orainn.
Cheadaigh an Coimisiún Eorpach vacsaín COVID- 19 Pfizer/BioNTech (Comirnaty) i mí na Nollag 2020. Dheonaigh an Coimisiún údarú margaíochta coinníollach (CMA) don vacsaín COVID-19 a d’fhorbair Moderna, an dara vacsaín COVID-19 atá ceadaithe san AE.
Tá tús curtha le rolladh amach na vacsaíní ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach fós cloí le comhairle sláinte poiblí d’fhonn cosaint a dhéanamh ar leathadh COVID-19.
Féach ar an bhFóram Iondaithe ar son Vacsaín COVID-19
Tá tús curtha leis an gclár náisiúnta vacsaínithe in Éirinn, ag tosú le hoibrithe cúram sláinte líne tosaigh agus le daoine os cionn 65 bliana d’aois agus ag maireachtáil i gCúram Cónaithe Fadtéarmach. D’fhonn scaipeadh an víris a theorannú, ní mór dúinn:
- níochán láimhe rialta
- casacht agus sraothartach a chlúdach
- achar 2 mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile
- teagmhálacha sóisialta le daoine eile lasmuigh dár dteaghlach a choinneáil chomh híseal agus is féidir
- bheith ar an eolas faoi chomharthaí COVID-19 agus fanacht sa bhaile agus teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh chun tástáil a shocrú má cheapann tú go bhfuil comharthaí ort
- clúdach aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus in áiteanna oibre gnóthacha faoi dhíon, ar iompar poiblí agus i spásanna plódaithe lasmuigh
Is iad seo na huirlisí is éifeachtaí atá againn chun scaipeadh an víris an-tógálaigh seo a theorannú. Beidh an vacsaín COVID-19 ina bhreis thábhachtach ar na bearta sláinte poiblí chun muid féin a chosaint ar scaipeadh COVID-19.
Bhunaigh rialtas na hÉireann an Tascfhórsa Ardleibhéil ar Vacsaíniú COVID-19 le déanaí. Tá plean náisiúnta um vacsaíniú do vacsaín COVID-19 in Éirinn forbartha ag an ngrúpa. Tá an tascfóras ag obair le FSS agus leis an Roinn Sláinte ar rolladh amach chlár náisiúnta vacsaínithe COVID-19 .
Sa Straitéis um Leithdháileadh Vacsaín COVID-19 liostaítear na grúpaí daoine a bheidh ábalta rochtain a fháil ar dtús ar an vacsaín COVID-19 in Éirinn. Beidh an vacsaín COVID-19 ar fáil saor in aisce do gach duine in Éirinn.