Is é Peadar Kearney a chum an tAmhrán Náisiúnta, ar a dtugtar 'The Soldier's Song'/'Amhrán na bhFiann' i ndeireadh na bliana 1909 nó i dtús na bliana 1910 (de réir mionnscríbhinne a shínigh sé féin sa bhliain 1926). Tuigtear gur thart ar an am céanna a chum Patrick Heeney an ceol. Foilsíodh an buntéacs Béarla de 'The Soldier's Song' ar dtús i nuachtán Bulmer Hobson, an Irish Freedom, sa bhliain 1912. Ní raibh eolas go forleathan ar 'The Soldier's Song' go dtí gur canadh ag Ard-Oifig an Phoist é le linn Éirí Amach na Cásca i 1916.
Ba é Liam Ring (Ó Rinn) a rinne an chéad aistriúchán go Gaeilge ar an amhrán ag deireadh na bliana 1916 agus foilsíodh in irisleabhar an Airm é, An tÓglach, an 3 Samhain 1923. An 12 Iúil 1926, shocraigh Ard-Chomhairle Shaorstáit Éireann glacadh le ceol 'The Soldier's Song'/'Amhrán na bhFiann' mar an t-amhrán náisiúnta oifigiúil.
Ba as lárchathair thuaidh Bhaile Átha Cliath Peadar Kearney, Patrick Heeney agus Liam Ring (Ó Rinn), an triúr fear a raibh baint acu leis an Amhrán Náisiúnta agus bhí siad ina gcónaí i bhfoisceacht 200 slat dá chéile.
Seo díbh a chairde duan óglaigh,
Caithréimeach bríomhar ceolmhar,
Ár dtinte cnámh go buacach táid,
'S an spéir go mín réaltógach
Is fonnmhar faobhrach sinn chun gleo
'S go tiúnmhar glé roimh thíocht don ló
Faoi chiúnas chaomh na hoíche ar seol:
Seo libh canaig’ Amhrán na bhFiann.
Curfá:
Sinne Fianna Fáil,
atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
thar toinn do ráinig chugainn,
Faoi mhóid bheith saor,
Seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill.
Anocht a théam sa bhearna bhaoil,
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil,
Le gunna-scréach faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canaig' amhrán na bhFiann.
Cois bánta réidh, ar arda sléibhe,
Ba bhuach ár sinsir romhainn,
Ag lámhach go tréan faoin sárbhrat séin
Tá thuas sa ghaoth go seolta
Ba dhúchas riamh dár gcine cháidh
Gan iompáil siar ó imirt áir,
'S ag siúl mar iad i gcoinne namhad
Seo libh, canaig’ amhrán na bhFiann.
Curfá
A bhuíon nach fann d'fhuil Ghaeil is Gall,
Sin breacadh lae na saoirse,
Ta sceimhle 's scanradh i gcroithe namhad,
Roimh ranna laochra ár dtíre.
Ár dtinte is tréith gan spréach anois,
Sin luisne ghlé san spéir anoir,
'S an bíobha i raon na bpiléar agaibh,
Seo libh, canaig’ amhrán na bhFiann.
Curfá
Castar blúire d'Amhrán na bhFiann (an chéad cheithre bharra agus na cúig cinn dheireanacha) mar Chuirtéis don Uachtarán. Is féidir leat éisteacht le Banna Ceoil an Airm ag casadh Amhrán na bhFiann anseo.