Ráiteas Beartais maidir le hIompórtáil Gáis Fraiceáilte
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sonraítear i gClár an Rialtais , de réir mar a bheidh Éire ag dul i dtreo na neodrachta ó thaobh carbóin de, nach mbaineann ciall le tionscadail GNL a fhorbairt a bhfuil gás fraiceáilte á iompórtáil mar chuid díobh. Sonraítear ann freisin nach dtacaíonn an Rialtas le hiompórtáil gáis fraiceáilte agus go bhfuil sé tiomanta do ráiteas beartais a fhorbairt chun an cur chuige sin a bhunú.
I ndiaidh d’Oifig an Ard-Aighne mionscrúdú a dhéanamh, níorbh fhéidir bonn dlí a sholáthar d’Éirinn chun reachtaíocht intíre a rith chun toirmeasc a chur ar iompórtáil gáis fraiceáilte. Chinn an tArd-Aighne:
Ní féidir le hÉirinn faoi Chonarthaí an AE nó Treoir 2009/73/CE an AE a bhaineann le comhrialacha don mhargadh inmheánach gáis nádúrtha:
I bhfianaise an chinnidh dlí, glactar leis gurb iad na gníomhartha atá sonraithe sa Ráiteas Beartais thíos na roghanna is réalaíche atá ar fáil lena chinntiú go gcuireann an Rialtas an méid atá sonraithe i gClár an Rialtais i gcrích.
Seo a leanas na príomhghníomhaíochtaí a bhfuil foráil déanta lena n-aghaidh sa Ráiteas Beartais:
Tá Éire ag tabhairt faoi athbhreithniú ar shláine sholáthar fuinnimh chórais leictreachais agus gáis nádúrtha na hÉireann. Soláthróidh an t-athbhreithniú seo eolas maidir le conas is féidir le hÉirinn a chinntiú go mbeidh córais fuinnimh slána aici agus díreofar ar an tréimhse as seo go dtí 2030 i gcomhthéacs conair inbhuanaithe a chinntiú a thacóidh le glan-astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050. Breithneofar san athbhreithniú seo conas a bheidh uaillmhian mhéadaithe an Rialtais i ndáil le fuinneamh in-athnuaite agus forbairt foinsí fuinnimh glana dúchasacha nua, cosúil le hidrigin agus bithmheatáin, in ann úsáid fuinnimh iontaise a laghdú agus conas is féidir leis seo an riosca a bhaineann le sláine an tsoláthair a laghdú. Chomh maith leis sin, díreofar ar a chinntiú go mbeidh an riosca suntasach a bhaineann le sócmhainní tréigthe á sheachaint againn, i gcomhthéacs thiomantas an Rialtais gealltanas a thabhairt maidir le glan-astaíochtaí nialasacha faoi 2050.
Beidh an t-athbhreithniú seo mar bhonn leis an gcinneadh a dhéanamh maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil sé oiriúnach críochfoirt GNL a fhorbairt in Éirinn agus, dá mbeifí lena leithéid de chríochfoirt a fhorbairt, cibé acu an mbeidh nó nach mbeidh siad in úsáid díreach chun soláthar cúltaisce a sholáthar sa chás go dteipeann ar an mbonneagar soláthair gáis nádúrtha.