Níl an RA mar chuid de Mhargadh Aonair ná Aontas Custam an AE a thuilleadh.
Ciallaíonn sé sin go mbeidh gnó ar bith, beag beann ar mhéid, a aistríonn earraí ón mBreatain Mhór, (GB) chuici nó tríthi, faoi réir réimse nua foirmiúlachtaí custaim, lena n-áirítear dearbhuithe custaim, gnáthsheiceálacha custaim, dleachtanna custaim a íoc agus ceanglais rialála eile, lena n-áirítear rialuithe SPS a gcás táirgí bia.
Tá sé ríthábhachtach go dtuigfidh gnóthaí, is cuma cé chomh beag is atá siad, na tionchair a bheidh ag na rialacha agus próisis nua ar a gcuid oibríochtaí. Má theipeann ort na ceanglais nua seo a chur i bhfeidhm, cuirfear bac ar do chumas trádáil a dhéanamh leis an RA agus d’fhéadfadh moill shuntasacha bheith i gceist maidir le hearraí a aistriú ón mBreatain Mhór, chuici nó tríthi.
Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach mbeidh feidhm ag na hathruithe sin i ndáil le hearraí a thrádáil idir Éire agus Tuaisceart Éireann, áit a mbeidh an Prótacal maidir le hÉirinn /Tuaisceart Éireann i bhfeidhm ón 1 Eanáir agus déantar foráil go leanfaidh Cód Custam an AE de bheith i bhfeidhm i leith Thuaisceart Éireann agus i dTuaisceart Éireann.
Tá infheistíocht shubstaintiúil déanta ag an Rialtas i mbonneagar, soláthar foirne agus córais IT ag calafoirt agus aerfoirt na tíre lena chinntiú go mbeidh an t-athrú chuig na socruithe nua seo thrádáil Thoir-Thiar chomh héifeachtúil agus is féidir. Tá na hullmhúcháin a dhéanann do ghnó ina chuid lárnach dó sin. D’fhéadfadh go leor a bheith i gceist leis, idir réamhdhearbhuithe a chur isteach agus cruinneas na doiciméadachta ábhartha ar fad a chinntiú.
D’fhéadfadh moilleanna a bheith i gceist i ndáil le hearraí ag calafoirt agus aerfoirt le linn an aistrithe chuig córais nua, go háirithe in GB. Moltar do ghnóthaí an riosca sin a chur san áireamh ina slabhra soláthair ar feadh tamaill, lena n-áirítear droichead talún na RA a úsáid chun allmhairiú agus onnmhairiú chuig margaí Eorpacha. Féach ar an rannán maidir le iompar agus lóistíocht chun tuilleadh eolais a fháil.
Faoi láthair, tá dleachtanna custaim coiteanna i bhfeidhm ar fud Bhallstáit an AE ar fad maidir le hallmhairithe ó thríú tíortha.
Tugtar bunús le Comhaontú Trádála agus Comhair an AE-na RA do thrádáil saor ó tharaifí idir an AE agus an RA nuair is féidir bunáit na n-earraí atá á n-allmhairiú agus á n-onnmhairiú a chruthú. Is féidir an cruthúnas sin a thabhairt trí úsáid a bhaint as ráiteas bunáite ón onnmhaireoir nó bunaithe ar eolas an allmhaireora. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ráta taraife tosaíochta 0% i gceist má chruthaítear gur de bhunadh na RA iad earraí atá ag teacht isteach san AE ón RA, agus go bhfuil iarraidh don ionramháil tosaíochta seo san áireamh ar an dearbhú custam cuí. Mar a chéile, beidh ráta taraife tosaíochta 0% i gceist má chruthaítear gur de bhunadh an AE iad earraí atá á n-onnmhairiú chuig an RA ón AE, agus arís go bhfuil éileamh ar ionramháil tosaíochta san áireamh ar an dearbhú custam cuí.
Tá dleacht chustaim, más ann dóibh, iníoctha in éineacht le CBL (agus dleacht mháil más infheidhme) ag an bpointe allmhairithe isteach san AE, sin mura bhfuil ceadú faighte agat i leith nós imeachta custam simplithe nó cead chun íocaíocht a chur siar nós imeachta custam simplithe nó cead chun íocaíocht a chur siar i bhfeidhm agat. Chomh maith leis sin, maidir le gnólachtaí atá ag onnmhairiú earraí chuig GB, d’fhéadfadh siad a bheith faoi réir foirmiúlachtaí custaim agus iad á n-allmhairiú chuig GB. Moltar duit dul i dteagmháil le húdarás Ioncaim agus Custaim na RA, an HMRC , chun tuilleadh sonraí a fháil.
Déantar cur síos i Múnla Oibrithe Teorann Rialtas na RA, sonraí ar thabhairt isteach céimnithe rialuithe teorann ar onnmhairí chun na Breataine Móire ón AE. Mar aon le hachoimre a thabhairt ar na gnéithe éagsúla a thiocfaidh i bhfeidhm i ngach céim, cuirtear sonraí ar fáil sa pháipéar faoi na múnlaí a úsáidfear ag suíomhanna teorann, na hardáin éagsúla IT don earnáil lastais RoRo ar nós na Seirbhísí Aistrithe Feithiclí Earraí agus an Córas Cliste Lastais , mar aon le sonraí maidir le hearraí inmháil agus VAT a aistriú.
Is féidir eolas ar ullmhú do rialacha nua allmhairithe na RA a bheidh le tabhairt isteach ar an 1 Aibreán agus an 1 Iúil a fháil anseo.
Céimeanna praiticiúla is féidir leat a ghlacadh
Ma dhéanann tú trádáil leis an RA, tá céimeanna leagtha amach thíos is féidir leat a ghlacadh anois lena chinntiú go laghdófar aon chur isteach ar do ghnó a d’fhéadfadh tarlú:
Is féidir leat léargas maidir leis na céimeanna is tábhachtaí i ndáil le d’earraí a aistriú trí chalafoirt in Éirinn a fháil anseo.
Trí rialacha AE, cuirtear srian le hearraí áirithe a allmhairiú ó thríú tíortha chun sláinte daoine, ainmhithe agus an comhshaol a chosaint – earraí ar nós ainmhithe beo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch. Mar sin, ba chóir duit tabhairt faoin méid seo a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara nó téigh i dteagmháil le comhlachtaí ionadaíochta i d’earnáil.
Trí rialacha AE, cuirtear srian le hearraí áirithe a allmhairiú ó thríú tíortha chun sláinte daoine, ainmhithe agus an comhshaol a chosaint lena n-áirítear roinnt plandaí, táirgí plandaí agus ábhar pacáistíochta adhmaid. Mar sin, ba chóir duit tabhairt faoin méid seo a leanas:
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na ceanglais seo, féach an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Moltar do ghnóthaí freisin teagmháil a dhéanamh leis na comhlachtaí ionadaíochta ina n-earnáil atá in ann treoir a chur ar fáil maidir le dul in oiriúint do na hathruithe a bheidh i gceist mar gheall ar an mBreatimeacht.
D’fhonn sábháilteacht agus sláinte saoránaigh an AE a chosaint agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, cuirtear rialuithe i gcrích ar bhia atá ag teacht isteach ar mhargadh an AE lena chinntiú go mbaintear amach ceanglais dlí an AE i ndáil le bia. Bíonn na rialuithe a chuirtear i gcrích ar brath ar an gcineál bia atá i gceist agus d’fhéadfadh seiceáil dhoiciméadach a bheith i gceist nó seiceáil fhisiceach nó meascán ar bith de na seiceálacha sin. Meastar go mbaineann riosca níos airde le roinnt bianna don tsláinte phoiblí, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol maidir le galair, lotnaidí nó éilleáin, agus tá ceanglais bhreise i bhfeidhm i leith na mbianna sin chun na rioscaí sin a rialú. D’fhéadfaí a áireamh leis na ceanglais bhreise sin fógra a thabhairt roimh ré sula mbaintear an pointe iontrála amach, doiciméid tionlacain ar leith agus seiceálacha fhisiceacha iomlána. Sa chuid is mó de chásanna ní féidir leis na bianna sin dul isteach ar mhargadh an AE ach trí phointe iontrála ar leith.
Faoi reachtaíocht AE, roinntear na bianna ina gcatagóirí ginearálta seo a leanas:
- Atá beartaithe chun teagmháil a dhéanamh le bia e.g. crúsca gloine;
- Atá i dteagmháil le bia cheana féin e.g. cartán bainne; nó
- Ar féidir a mheas le réasún go dtiocfaidh siad i dteagmháil le bia e.g. tuáillí páipéir.
Bianna de thionscnamh ainmhíoch measann an AE gur féidir galair thromchúiseacha i ndaoine agus in ainmhithe a tharchur tríothu. Ní mór iad a thabhairt isteach san AE trí Phost Rialaithe Teorann (BCP). Tá liosta de na BCPanna in Éirinn mar aon lena sonruithe ar fáil anseo. Tá a n-iontráil isteach ar mhargadh an AE faoi réir ceanglais ar leith ar nós oibleagáid a bheith ar an allmhaireoir (i.e. an t-oibritheoir atá freagrach as an gcoinsíneacht) a bheith cláraithe leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM), an bia a fhógairt tríd an gcóras AE ar líne TRACES NT, agus úsáid a bhaint as deimhnithe ar leith nach mór bheith in éineacht leis an mbia. In Éirinn, is é DAFM a dhéanann iontráil ar mhargadh an AE a rialú ag an gcalafort iontrála. Maidir le cuir i dtír iasc ó shoitheach iascaireachta as tríú tír, is é An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara a chuireann rialuithe i gcrích. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na ceanglais féach an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le bianna de thionscnamh ainmhíoch agus maidir le ceanglais bhreise i ndáil le héisc nó táirgí iascaigh féach An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara.
I gcoitinne, déantar Bianna de thionscnamh neamhainmhíoch a rialú chun críche sábháilteachta bia (e.g. éilliú micribhitheolaíoch nó ceimiceach) ag an bpointe iontrála ar Éirinn ag Seirbhís Sláinte Comhshaoil an HSE, agus ag An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) maidir le héilliú ó lotnaidicídí.
Is de réir an riosca a bhaineann leis an mbia a chuirtear an chuid is mó de na rialuithe i bhfeidhm i ndáil le bia allmhairithe de thionscnamh neamhainmhíoch. Tá bianna áirithe de thionscnamh neamhainmhíoch a meastar go bhfuil ‘riosca ard’ ag baint leo faoi réir leibhéal níos airde rialuithe allmhairithe ag an bpointe iontrála ar an AE, toisc gur dócha go bhféadfadh riosca tromchúiseach bheith ag baint leo i ndáil le sláinte daoine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol. Déanann an AE liosta na dtáirgí atá faoi réir leibhéal níos airde a nuashonrú go rialta (agus tá sé ar fáil ar láithreán gréasáin an FSAI agus ar láithreán gréasáin an DAFM . Is iad na húdaráis rialaithe ábhartha ( i.e. HSE, DAFM) a dhéanann na ceanglais i ndáil leis na bianna sin, lena n-áirítear fógra a thabhairt roimh ré faoi bhianna ag teacht isteach, iad a chur i láthair ag [external-link https://www.fsai.ie/uploadedFiles/Food_Businesses/Imports_Non_Animal/Collated list of Border Control Posts for products of non-animal origin.pdf | Post Rialaithe Teorann), ] agus seiceálacha aitheantais agus fisiceacha a chur i gcrích ina bhféadfadh anailís saotharlainne bheith i gceist leo.
Ba chóir do ghnóthaí bia atá ag allmhairiú táirgí bia de thionscnamh neamhainmhíoch go hÉirinn na ceanglais a sheiceáil lena dhéanamh amach an bhfuil rialuithe méadaithe agus fógra roimh ré maidir le hallmhairiú ag teastáil i ndáil le táirge ar leith. Ní mór an HSE a chur ar an eolas maidir le táirgí atá faoi réir rialuithe oifigiúla méadaithe nó faoi réir bearta éigeandála/cosanta tríd an gcóras AE ar líne TRACES NT, agus ní mór an doiciméadacht agus deimhnithe ar fad atá ag teastáil a chur isteach lá oibre amháin ar a laghad roimh theacht. Chun eolas a fháil maidir le ghnáthrialuithe, nó chun teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Sláinte Comhshaoil an HSE, seol ríomhphost chuig importcontroldublin@hse.ie. Maidir le bianna ina mbaineann an riosca le héilliú ó iarmhar lotnaidicídí , ní mór d’allmhaireoirí an doiciméadacht ar fad atá riachtanach a chomhlánú ar an gcóras AE ar líne TRACES NT agus na doiciméid sonraithe atá in éineacht le gach coinsíneacht a chur isteach chuig pcs_icon@agriculture.gov.ie sula dtagann siad go hÉirinn.
Chomh maith leis sin, tá roinnt bianna de thionscnamh neamhainmhíoch ar nós torthaí agus glasraí faoi réir rialuithe ag an HSE agus DAFM araon, toisc go bhfuil siad faoi réir rialaithe ag DAFM faoi rialacháin maidir le sláinte plandaí agus Ceanglais Mhargaíochta AE ach d’fhéadfadh siad bheith faoi réir rialaithe ag an HSE freisin maidir le héilliú micribhitheolaíoch.
Tá torthaí agus glasraí ó thríú tíortha a iontrálann margadh an AE ag an gcalafort iontrála in Éirinn faoi réir rialaithe ag DAFM . Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an rannán maidir le trádálaithe atá ag allmhairiú plandaí agus táirgí plandaí.
Táirgí ilchodacha is ea bia-ábhair ina bhfuil táirgí próiseáilte de thionscnamh ainmhíoch agus táirgí de thionscnamh plandaí. Leagtar amach ceanglais ar leith sa reachtaíocht maidir le táirgí ilchodacha go hairithe maidir le húsáid a bhaint as comhábhair de thionscnamh ainmhíoch ina bhfuil go leor táirgí ilchodacha, faoi réir seiceálacha tréidliachta ar allmhairiú. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na ceanglais a bhaineann leis na bianna seo, féach ar ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Ábhair theagmhála bia
Sula n-itear bia ar deireadh, bíonn teagmháil idir é agus go leor ábhair agus nithe le linn é bheith á tháirgeadh, á phróiseáil, á stóráil, á ullmhú agus á riar. Tugtar Ábhair Theagmhála Bia (FCManna) ar ábhair agus nithe dá leithéid.
Tá FCManna a chuirtear ar mhargadh an AE faoi réir rialacha ginearálta maidir le hábhair theagmhála bia agus tá roinnt ábhair theagmhála bia faoi réir bearta breise ar leith e.g. ábhar ceirmeach, plaistigh. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hábhair theagmhála bia, féach Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI).
Tá sé de fhreagracht ar allmhaireoirí ábhair theagmhála bia áirithe Dearbhú Comhlíontachta a eisiúint agus ní mór an t-eolas a leagtar síos sa reachtaíocht a bheith ann agus ní mór go mbeadh sé éasca na hábhair, nithe nó táirgí ar eisíodh é ina leith a aithint. Tá sonraí breise ar fáil ó FSAI.
Mar gheall ar riosca aitheanta, tá ceanglais allmhairithe tugtha isteach ag an AE i ndáil le:
Tá FCManna atá ag iontráil mhargadh an AE ag an bpointe iontrála in Éirinn rialaithe ag Seirbhís Sláinte Comhshaoil Seirbhís Sláinte Comhshaoil an HSE.
Maidir le hearraí a onnmhairítear chuig an RA, gan Tuaisceart Éireann san áireamh, tá an RA ag tabhairt riachtanais nua isteach de réir a chéile ón 1 Eanáir, 1 Aibreán agus 1 Iúil 2021. Tá an cur chuige seo leagtha amach go mion i [external-link https://assets.publishing.service.gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/949579/December_BordersOPModel_2 pdf | Múnla Oibrithe Teorann na RA. ]
Ón 1 Aibreán 2021 ar aghaidh, beidh an RA ag cur ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) i bhfeidhm maidir lena leanas:
IIs féidir eolas a fháil maidir le hullmhú do rialuithe allmhairithe nua na RA a bheidh á dtabhairt isteach an 1 Aibreán agus an 1 Iúil a fháil anseo agus ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.
De bharr an Bhreatimeachta beidh roinnt athruithe ag teacht ar an gcaoi a n-oibríonn trádáil seirbhísí idir an AE agus an RA (Tuaisceart Éireann san áireamh) ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh. Ní bheidh baint a thuilleadh ag dlí an AE, ina dtacaítear leis an margadh inmheánach i leith seirbhísí, leis an RA, Tuaisceart Éireann san áireamh. Áiríonn sé sin an Treoir um Sheirbhísí, a chuireann caighdeáin chomhroinnte i dtaobh trádáil seirbhísí chun cinn ar fud an AE. Tá impleachtaí i gceist freisin maidir le cáilíochtaí a aithint a thacaíonn le trádáil seirbhísí.
Tá feidhm ag an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ón 1 Eanáir 2021. Ach, clúdaíonn an Prótacal trádáil earraí agus ní thugann aghaidh suntasach ar thrádáil seirbhísí. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bPrótacal, féach anseo.
Tá feidhm fós ag an gComhlimistéar Taistil (CTA) idir Éire agus an RA. Tá sé de chead ag saoránaigh de chuid na hÉireann agus na Breataine taisteal idir an dá dhlínse, a bheith ina gcónaí agus ag obair sa dá dhlínse gan gá cead a iarradh de bharr an CTA. Mar sin, cuidíonn sé cuid de na gnéithe a bhaineann le trádáil seirbhísí shaoránaigh de chuid na hÉireann agus na Breataine a éascú.
Áirítear forálacha i gComhaontú Trádála agus Comhair an AE-na RA (TCA) maidir le trádáil seirbhísí. Ní mar a chéile atá impleachtaí na bhforálacha sin maidir le gach earnáil. Tá cáipéis FAQ ar an TCA curtha i dtoll a chéile ag an gCoimisiún Eorpach, áirítear eolas breise ar sheirbhísí agus ar infheistíocht iontu. Is féidir sin a fháil anseo.
Is casta an réimse í an trádáil seirbhísí mar sin, más comhlacht Éireannach tú a chuireann seirbhís ar fáil sa RA (Tuaisceart Éireann san áireamh), nó gnólacht sa RA (Tuaisceart Éireann san áireamh) a chuireann seirbhís ar fáil san AE (Éire san áireamh), ní mór duit cuntas a ghlacadh ar an tionchar a bheidh ag na hathruithe sin ar d'earnáil faoi leith agus gníomh a ghlacadh dá réir.
Ba chóir duit céimeanna a ghlacadh chun tuiscint a fháil ar na tionchair a bheidh ar do ghnólacht féin agus d'oibríochtaí féin mar gheall ar athruithe ar bith ar rialacha, nósanna imeachta, agus/nó ar údaruithe ina rialaítear soláthar seirbhísí i ngach dlínse.
Bunaithe air sin, ba chóir duit do chur chuige féin a mheas chun an timpeallacht trádála nua seo a ghlacadh san áireamh.
Mar shampla:
Cliceáil anseo chun filleadh ar an leathanach An Breatimeacht agus Gnó.