Bí ullamh don Samhradh

Is cuid de thionscnamh Rialtas na hÉireann é an leabhrán seo a bhfuil sé mar aidhm leis eolas a chur ar fáil don phobal faoi shaincheisteanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu orthu i rith mhíonna an tsamhraidh in Éirinn. Tá an leabhrán seo ag cur leis an bhfeachtas eolais phoiblí atá bunaithe le fada agus a bhfuil an-rath air “Bí Ullamh don Gheimhreadh”.

I rith mhíonna an tsamhraidh, bíonn an-tóir ar uiscebhealaí agus ar thránna na hÉireann. Tugann formhór na ndaoine cuairt ar an tuath, glacann siad páirt i ngníomhaíochtaí amuigh faoin aer, tugann siad cuairt ar fheirmeacha teaghlaigh nó téann siad ar saoire thar lear. Baineann rioscaí gaolmhara leis na gníomhaíochtaí seo agus tá eolas faoi na rioscaí sin le fáil sa leabhrán seo.

Lena chois sin, faigheann daoine bás in Éirinn mar thoradh ar thimpistí bá, timpistí feirme, timpistí ar ár mbóithre nó tolgann siad tinnis a bhaineann le tréimhse an tsamhraidh.

Molaimid do dhaoine eolas a chur ar an bhfaisnéis san fheachtas seo.

Pdf

Leabhrán Bí ullamh don Samhradh 2023

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc
Pdf

Bí Ullamh don Samhradh - NÁ DÉAN DEARMAD AR DO MHEABHAIRSHLÁINTE AN SAMHRADH SEO

Íosluchtaigh nasc le haghaidh Íoslódáil
féachaint ar an gcomhad Amharc