Ráiteas Straitéise Roinn an Taoisigh 2023-2025 - Iarratas ar Aighneachtaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tacaíonn Roinn an Taoisigh leis an Taoiseach mar Cheann an Rialtais agus oibríonn sí le gach Roinn Rialtais le Clár an Rialtais a chur i bhfeidhm. Baineann gníomhaíochtaí na Roinne le feidhmeanna feidhmiúcháin an Taoisigh agus an Rialtais; Rúnaíocht an Rialtais, Oifig Phríobháideach an Taoisigh; Oifig Phríomh-Aoire an Rialtais, Oifig an Tánaiste, Oifig Cheannaire an Chomhaontais Ghlais agus Oifigí na nAirí Stáit a cheaptar sa Roinn.
Áirítear sna príomhghníomhaíochtaí tacaíocht a thabhairt don Taoiseach na dualgais atá aige mar Cheann Rialtais a chomhlíonadh maidir leis an Oireachtas, saincheisteanna Bunreachta, Prótacal, an Chomhairle Eorpach, an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas agus Comhairle na Breataine-na hÉireann, Rúnaíocht an Rialtais agus Seirbhís Faisnéise an Rialtais; dul i mbun beartas rialtais a leagan amach agus a chur i bhfeidhm trí chóras na gCoistí Comh-Aireachta den chuid is mó; tacaíocht a thabhairt do na hAirí Stáit a cheaptar sa Roinn; mionteagasc agus comhairle a chur ar fáil don Taoiseach maidir leis an réimse uile saincheisteanna a bhaineann le beartais bhaile, AE agus idirnáisiúnta.
Tá Roinn an Taoisigh ag ullmhú Ráiteas Straitéise na Roinne don tréimhse 2023 go dtí 2025 faoi láthair agus tugtar cuireadh do dhaoine den phobal agus d’aon pháirtí leasmhar, a dtuairimí a chur ar aghaidh tráth a bhfuil an Roinn ag féachaint lena cuspóirí agus spriocanna ardleibhéil do na trí bliana atá amach romhainn, chomh maith leis na straitéisí a úsáidfear chun iad a bhaint amach, a shainiú. Leis an obair sin léireofar an ról tábhachtach a bheidh ag an Roinn maidir le príomhthosaíochtaí náisiúnta uile-Rialtais a chur chun cinn i gcaitheamh na tréimhse atá le teacht lena n-áirítear Tithíocht, Gníomhú ar son na hAeráide, Bochtanas agus Folláine Leanaí agus Sláinte chun forbairt a dhéanamh ar na tosaíochtaí straitéiseacha na Roinne atá ann cheana agus atá dírithe ar na nithe seo a leanas:
Ba chóir aighneachtaí (ar ríomhphost más féidir) a sheoladh faoin 28th Feabhra, 2023, chuig:
ríomhphost: strategystatement@taoiseach.gov.ie
nó ar an bpost agus “Ráiteas Straitéise 2023 - 2025” marcáilte go soiléir ar an gclúdach litreach, chuig:
Seirbhísí Corparáideacha, Roinn an Taoisigh, Tithe an Rialtais, Baile Átha Cliath 2.
Tabhair ar aird go bhféadfaí gach aighneacht a fhaightear a iarraidh agus a chur ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.