I dTreo Creat Beartais le haghaidh Iascach Intíre in Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is acmhainn luachmhar nádúrtha é iascach intíre na hÉireann atá ina chuid d’fhéiniúlacht chultúrtha, chomhshaoil agus gheilleagrach na tíre. Tá sé riachtanach earnáil an iascaigh intíre a rialú chun an acmhainn a fheabhsú agus a fhorbairt agus chun an sochar geilleagrach agus sóisialta ón earnáil a uasmhéadú.
Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide dírithe ar chreat cuimsitheach, nua-aimseartha beartais a fhorbairt d’iascach intíre in Éirinn agus foilseofar ‘I dtreo Creat Beartais le haghaidh Iascach Intíre in Éirinn - Treochlár’ sa chéad chéim den phróiseas seo.
Is cuid thábhachtach den chéad chéim i bhforbairt an bheartais agus an chreata rialála é an treochlár. Tá eolas sa chreat ar earnáil an iascaigh intíre, agus a hacmhainn in Éirinn, agus leagfar amach ann freisin na chéad chéimeanna eile i bhforbairt an bheartais seo.
Díreofar sa chreat nua beartais seo, go príomha, ar chaomhnú agus ar bhainistíocht inbhuanaithe agus ar ár gcaidreamh leis an acmhainn luachmhar nádúrtha seo a athshamhlú. Scrúdófar ann freisin conas a d’fhéadfadh an earnáil barr a cumais ó thaobh an gheilleagair de a bhaint amach.
Tríd is tríd, is do dhaoine a bhfuil spéis acu sa tslatiascaireacht, iascach, forbairt tuaithe, an bhithéagsúlacht, gnáthóga nádúrtha, caighdeán an uisce, gníomhú ar son na haeráide nó inbhuanaitheacht níos leithne an treochlár seo. D’fhéadfadh páirtithe leasmhara ionadaíocht a dhéanamh do réimse leathan leasanna, lena n-áirítear, mar shampla, daoine a ghlacann páirt sa tslatiascaireacht agus in iascaireacht tráchtála intíre (daoine aonair agus eagraíochtaí / cumainn / clubanna), pobail thuaithe agus chósta, eagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil, údaráis áitiúla, earnáil an fháilteachais, agus comhlachtaí rialála eile.
Le linn chéim forbartha an bheartais, tabharfar deis do dhaoine páirt a ghlacadh i bhforbairt an chreata seo. Ba chóir d’aon duine a dteastaíonn uaidh nó uaithi páirt a ghlacadh sa phróiseas teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a chur chuig ifpolicy@decc.gov.ie nó tríd an bpost chuig:
Rannóg an Iascaigh Intíre
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Elm House
Bóthar Ghleann an Iarla
An Cabhán
H12 A8H7
Éire