Bunaíodh EURES, Gréasán na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta, sa bhliain 1993. Is é an Coimisiún Eorpach a bhunaigh é chun saorghluaiseacht oibrithe a éascú laistigh de thíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (AE)/ Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE)
Is iad na heagraíochtaí seo a leanas atá sa ghréasán:
Is é is cuspóir do EURES ná eolas, comhairle agus seirbhísí earcaíochta/socrúchán (meaitseáil post) a sholáthar chun tairbhe oibrithe, fostaithe agus saoránach ar bith a dteastaíonn uathu leas a bhaint as an bprionsabal bunúsach shaorghluaiseacht daoine.
Ar leibhéal na hEorpa, is éard atá in EURES ná:
In Éirinn, is iad na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta de chuid na Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a dhéanann EURES a chomhordú.
Déan teagmháil le do chomhairleoirí áitiúla EURES Comhairleoirí de chuid EURES
Comhchistíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Ciste Sóisialta na hEorpa EURES mar chuid de Chlár CSE um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim, 2014-2020.