Dréacht-threoirlínte COVID-19 do Choláistí Samhraidh Gaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I gcomhthéacs an chúraim atá ar an Roinn tacú le hearnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge agus ar mhaithe le soiléiriú a dhéanamh oiread is féidir ar na bunriachtanais a chaithfí a chomhlíonadh i gcás go mbeadh cúrsaí Gaeilge in ann dul ar aghaidh an samhradh seo (2021), tá dréacht-threoirlínte COVID-19 d’earnáil na gColáistí Gaeilge foilsithe ag an Roinn faoin ábhar.
Is ar lucht stiúrtha na gColáistí Gaeilge agus ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh atá na treoirlínte dírithe.
In éindí le fáil a bheith orthu ar an suíomh seo, tá cóip díobh á seoladh chomh maith chuig gach teaghlach atá cláraithe leis an Roinn faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, chuig lucht stiúrtha gach coláiste Gaeilge atá aitheanta faoin Scéim agus chuig scáthghrúpa na gcoláistí samhraidh, CONCOS.
Ta cuireadh á thabhairt do pháirtithe leasmhara a dtuairimí faoi na treoirlínte a sheoladh i scríbhinn chuig an Roinn trí ríomhphost a chur chuig: colaistigaeilge@tcagsm.gov.ie tráth nach déanaí 27 Aibreán 2021.
Ós rud é go dtagann na treoirlínte seo faoi réir pé rialacháin agus comhairle sláinte phoiblí atá i bhfeidhm ag aon am faoi leith, aithnítear go bhféadfadh athruithe teacht orthu le linn an ama.