Treoir maidir le clúdaigh aghaidhe a úsáid go sábháilte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ní amháin go gcabhraíonn cumhdaigh aghaidhe éadaigh le tú a chosaint, ach cuireann sé cosc ar dhaoine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil COVID-19 (Coróinvíreas) orthu é a scaipeadh ar dhaoine eile.
Má chaitheann tú ceann, ba cheart duit na rudaí tábhachtacha a dhéanamh atá riachtanach chun scaipeadh an víris a chosc.
Áirítear orthu sin:
Is éard atá i gclúdach aghaidhe clúdach de chineál ar bith a chlúdaíonn do shrón agus do bhéal gan aon bhearnaí le feiceáil. Níl cumhdaigh aghaidhe oiriúnacha iad sciatha aghaidhe agus scáthláin ach féadfaidh daoine a bhféadfadh deacrachtaí análaithe nó míchumais nó leithscéal réasúnach sonrach eile sciath aghaidh nó scáthlán a chaitheamh in ionad cumhdaigh aghaidhe.
Má chaitear clúdach aghaidhe éadaigh go poiblí, féadfar leathadh COVID-19 sa phobal a laghdú. D’fhéadfadh sé cabhrú le scaipeadh braoiníní riospráide ó dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19 a laghdú.
D’fhéadfadh clúdach aghaidhe éadaigh cuidiú le daoine nach bhfuil a fhios acu go bhfuil an víreas acu ón víreas a scaipeadh.
Má tá COVID-19 agat nó má tá siomptóim an víris agat, ní mór duit féin-aonrú. Déan é seo fiú má tá clúdach aghaidhe á chaitheamh agat.
Caithfear clúdaigh aghaidhe a chaitheamh sna suíomhanna seo a leanas:
Moltar cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh sna cúinsí seo a leanas chomh maith:
Tá clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh i siopaí cheana féin ag formhór mór na ndaoine. Ba cheart d’úinéirí siopaí agus bainisteoirí áitribh a chur in iúl do dhaoine atá ag teacht isteach nó atá ina n-áitribh go gcaithfidh siad cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh agus gur cheart dóibh comhlíonadh a chur chun cinn.
Go dtí seo tá an Garda Síochána i dteagmháil leis an bpobal chun oideachas agus spreagadh a thabhairt dóibh cloí leis na bearta atá i bhfeidhm agus níl forfheidhmiú á úsáid aige ach amháin mar rogha dheiridh.
Is cion é gan cumhdach aghaidhe a chaitheamh gan leithscéal réasúnach agus féadfaidh an Garda Síochána fógra pionóis socraithe €80 a eisiúint ina leith.
Tá formhór mór an phobail ag comhlíonadh agus táthar ag súil go leanfaidh siad orthu ag déanamh amhlaidh agus nach dtiocfadh pionóis chun cinn ach i gcásanna rí-annamh.
Tá póstaeir maidir le húsáid cumhdaigh aghaidhe ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge agus is féidir iad a íoslódáil anseo.
Déantar clúdaigh aghaidhe as ábhair éadaigh cosúil le cadás, síoda nó línéadach.
Is féidir leat iad a cheannach nó iad a dhéanamh sa bhaile ag úsáid earraí cosúil le scairfanna, t-léinte, léinte aclaíochta, nó tuáillí.
Ní mholtar cumhdaigh aghaidhe do dhuine ar bith:
Sna cásanna sin, más féidir leis an duine scáthlán a chaitheamh, tabharfaidh sé cosaint éigin dóibh. Ach is é sin an t-aon am amháin ba chóir duit scáthlán a chaitheamh. Is bealach níos fearr iad cumhdaigh aghaidhe éadaigh chun tú féin a chosaint ar COVID-19.
Chun clúdach éadaigh a dhéanamh sa bhaile:
Ba chóir duit clúdach aghaidhe éadaigh a chaitheamh amach:
Déan:
Ná:
Chun é a bhaint díot i gceart:
Masc indiúscartha é masc ar ghrád leighis a bhfuil trí shraith ann agus tugtar masc máinliachta air freisin. Bíonn dath gorm ar na maisc seo, de ghnáth, bíonn ‘úsáid leighis’ scríofa ar an lipéad agus bíonn comhartha CE orthu. Ní hionann iad agus maisc éadaigh, nach bhfuil comhartha CE orthu, agus níl siad chomh héifeachtach céanna le maisc ar ghrád leighis.
Molann an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta (an FÉSPN) go n-úsáideann na daoine seo a leanas maisc ar ghrád leighis:
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú