Pinsean Stáit (Ranníocach) Rátaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Faoi na rialacha reatha, ríomhfar do ráta íocaíochta don Phinsean Stáit (Ranníocach) trí úsáid a bhaint as modh an 'Mheáin Bhliantúil' nó 'Modh na Ranníocaíochtaí Comhiomlánaithe’ (ACM), agus íocfar an ráta is tairbhiúla díobh seo leat.
Faoi riail an Mheáin Bhliantúil, sroichtear do mheán trí ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh, idir íoctha agus creidiúnaithe, a chomhcheangal agus a roinnt ar líon na mblianta idir theacht isteach sa chóras Árachais Shóisialaigh agus aois an phinsin a bhaint amach. Is é do mheán bliantúil a shocróidh an ráta íocaíochta a gheobhaidh tú, leis an uasráta pinsin iníoctha le duine a bhfuil meán Bliantúil de 48 ar a laghad aige, agus an íocaíocht íosta á íoc le duine ag a bhfuil meán bliantúil 10 ar a laghad.
Tá socrú Modh an Ranníocaíochta Comhiomlánaithe (ACM) i bhfeidhm ón 30 Márta 2018 agus tá sé infheidhme maidir leo siúd a bhfuil dáta breithe acu an 1 Meán Fómhair 1946 nó ina dhiaidh sin. Tá trí ghné ag baint leis an gcur chuige seo. Cuireann an Roinn san áireamh:-
Chun an t-uasráta íocaíochta a fháil faoin ACM, ní mór 2,080 ranníocaíocht agus creidmheas a bheith agat (comhionann le 40 bliain). Má tá níos lú ná 2,080 ranníocaíocht agus creidmheas agat beidh do ráta mar chéatadán den uasráta pinsin.
Is é uasráta an phinsin Stáit ranníocach ná €277.30 beag beann ar cibé an ndearnadh measúnú ort ag baint úsáide as Modh an Mheáin Bhliantúil, nó as Modh na Ranníocaíochtaí Comhiomlánaithe. Mar sin féin, cé go bhfuil bandaí ráta ar leith ag modh an Mheáin Bhliantúil le haghaidh dámhachtainí ráta laghdaithe, beidh modh na Ranníocaíochtaí Comhiomlánaithe mar ráta pro rata ag brath ar líon na ranníocaíochtaí atá agat, nuair is lú na ranníocaíochtaí sin ná 2080 ranníocaíocht.
Bronnfaidh an Roinn an ráta is fabhraí duit i gcónaí, tar éis na ríomhanna éagsúla go léir a mheas.
Meán-ranníocaíochtaí bliantúla (SPC) | Ráta Pearsanta Seachtainiúil | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe faoi 66 | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe 66 bliana d'aois nó níos sine |
48 nó níos sine | €277.30 | €184.70 | €248.60 |
40-47 | €271.90 | €175.80 | €236.10 |
30-39 | €249.30 | €167.20 | €223.90 |
20-29 | €236.10 | €156.50 | €210.70 |
15-19 | €180.70 | €120.40 | €161.40 |
10-14 | €110.80 | €73.40 | €99.90 |
Modh ranníocaíochtaí comhiomlánaithe(SPC) | Ráta Pearsanta Seachtainiúil | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe faoi 66 | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe 66 bliana d'aois nó níos sine |
2,080 nó os a chionn | €277.30 | €184.70 | €248.60 |
Féadfaidh tú méadú seachtainiúil a fháil do gach leanbh cáilithe má fhaigheann tú méadú i leith duine fásta cáilithe, nó más tuismitheoir aonair tú. Mura gcáilíonn tú do mhéadú i leith duine fásta cáilithe, b’fhéidir go bhfaighidh tú méadú ar leathráta i leith leanbh cáilithe.
Méaduithe: | Ráta seachtainiúil | |
Gach leanbh cáilithe d'aois | Faoi 12 bliain | 12 bliain agus níos sine |
Ráta iomlán | €46.00 | €54.00 |
Leathráta | €23.00 | €27.00 |
Méadú do Mhaireachtáil Aonair | €22.00 | |
Méadú breise do dhaoine atá 80 bliain d’aois nó níos sine | €10.00 | |
Méadú i leith duine a chónaíonn ar oileáin áirithe amach ón gcósta | €20.00 |