COVID-19 Faisnéis maidir leis an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le linn na Paindéime COVID-19, féadfaidh sé go mbeidh an t-eolas seo a leanas ina chúnamh duit maidir leis an Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta.
Féadfaidh fostaí iarraidh ar íocaíocht iomarcaíochta má tá siad tar éis a bheith leagtha as ar bhonn sealadach nó ar bhonn gearr-ama de réir Chuid 12 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta ar feadh tréimhse:
Le linn na tréimhse éigeandála COVID-19 ón 13 Márta 2020 go dtí an 30 Meán Fómhair 2021 cuireadh an teidlíocht seo ar fionraí ar bhonn sealadach de réir Chuid 12A den Acht Um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, mar a bhí á leagan amach i gCuid 29 den Acht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail 2020. D'imigh Cuid 12A den Acht Um Íocaíochtaí Iomarcaíochta in éag ar an 30 Meán Fómhair 2021.
Féachtar ar thréimhse ar bith in mbíonn Íocaíochtaí Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime COVID-19 á bhfáil ag duine mar leagan as sealadach. Agus an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta á áireamh, ní fhéachtar ar thréimhse ar bith inar leagadh an fostaí as mar chuid den tréimhse seirbhíse ináirithe.
Má bhain fostóir leas as an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Pá COVID-19 (SFSP) nó as an Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta (SFPF) agus má lean siad orthu ag íoc a gcuid fostaithe, féachtar ar an tréimhse seo mar thréimhse seirbhíse ináirithe agus íocaíocht reachtúil iomarcaíochta á áireamh.