Foilsiú
Scéim Ghinearálta Bhille Sláinte (Táillí d'Othair Chónaitheacha Phoiblí a Chealú) 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é an aidhm atá leis an mBille táillí d'othair chónaitheacha phoiblí géarthinnis a chealú le haghaidh daoine a bhfuil cúram á rochtain acu mar othar poiblí i ngach ospidéal poiblí. Tá gá le reachtaíocht phríomha chun Acht Sláinte 1970 a leasú chun an táille d'othair chónaitheacha phoiblí a chealú.
Nuair a bheidh an reachtaíocht seo achtaithe, cuirfear deireadh leis an táille d'othair chónaitheacha phoiblí géarthinnis de €80 an lá, suas go dtí uasmhéid de €800 sa bhliain (lena n-áirítear táillí le haghaidh cásanna lae), do dhaoine a bhfuil cúram á rochtain acu mar othar poiblí i ngach ospidéal poiblí.