Bearta Nua mar Fhreagairt do COVID-19 (Coróinvíreas)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá bearta breise á bhfógairt ag an rialtas chun saoránaigh a chosaint ach leathadh COVID-19 a mhoilliú.
Iarrtar ar an bpobal i gcoitinne cloí leis an gcomhairle sin agus fanacht ar an eolas faoin ráig leanúnach seo.
Táimid ag obair go gníomhach chun leathadh an víris a mhoilliú ionas go mbeidh ár gcóras sláinte in ann freagairt go héifeachtach dó.
Is é an aidhm atá le scaradh sóisialta ná cur isteach ar leathadh COVID-19 nó é a laghdú ar bhealaí éagsúla. Déantar amhlaidh ach an teagmháil idir daoine a bhféadfadh go mbeadh an t-ionfhabhtú orthu agus daoine sláintiúla a laghdú a oiread agus is féidir.
Is é atá i gceist le scaradh sóisialta ná spás dhá mhéadar (sé troithe) a choinneáil idir tú féin agus daoine eile. Níor cheart duit lámha a chroitheadh ná dlúth-theagmháil a dhéanamh nuair is féidir.
Tá sé tábhachtach srian a chur leis an riosca go leathfar an t-ionfhabhtú tuilleadh.
Féinleithlisigh: Iarrtar ar dhaoine fanacht sa bhaile má tá siomptóim de chineál fliú orthu (e.g. fiabhras, casacht agus a leithéid), beag beann ar a stair taistil nó teagmhála.
Idirghníomhartha Sóisialta: Idirghníomhartha le daoine lasmuigh den áit oibre a laghdú faoi 75% ar a laghad.
Éilítear ar gach saoránach:
Moltar féinscaradh cosantach do dhuine atá in ardbhaol diantinnis de bharr COVID-19 nuair atá an víreas á leathadh ina phobal/pobal.
Áirítear leis na grúpaí sin:
Iarrtar ar na seirbhísí lae agus na hospidéil lae pobail uile (lena n-áirítear seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, seirbhísí meabhairshláinte agus seirbhísí do dhaoine scothaosta) feabhas a chur ar a mbearta scartha shóisialta.
Níor cheart aon olltionóil a bheith ann:
Dúnfar músaeim, gailearaithe agus suíomhanna turasóireachta.
Ba cheart scaradh sóisialta agus dea-shláinteachas a úsáid i gcónaí.
Leatar tinnis riospráide amhail COVID-19 go tapa i spásanna plódaithe. Is féidir le holltionóil leathadh an ghalair a mhéadú.
Is féidir ionfhabhtuithe a tharchur freisin le linn taisteal chuig ócáid agus taisteal amach aisti agus ar fhilleadh na rannpháirtithe chuig a bpobal féin. Tá na moltaí sin ar aon dul leo sin atá á gcur chun feidhme ag formhór na dtíortha eile san Aontas Eorpach.
I measc na samplaí d’olltionóil bheadh comhdhálacha, ócáidí spóirt, ócáidí reiligiúnacha agus ócáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Dúnfar na hinstitiúidí seo a leanas i gcás daltaí agus mac léinn:
Is eol dúinn gur víreas tógálach é COVID-19 (Coróinvíreas) agus go dtolgfaidh a lán daoine é.
Is é an aidhm atá lenár straitéis um moilliú ná moill a chur le leathadh an víris. Ciallaíonn sé sin, mar shampla: má tá 1,000 duine chun an víreas a tholgadh, is dócha gurb é an toradh a bheidh ar na tionscnaimh um moilliú ná go dtolgfaidh 200 duine an víreas gach seachtain thar thréimhse cúig seachtaine, seachas 500 duine gach seachtain thar thréimhse dhá sheachtain.
Ar an mbealach sin, beimid in ann an t-ualach ar ár lia-chleachtóirí ginearálta agus ár n-ospidéil a mhaolú.
Meastar go laghdófar an t-éileamh ar acmhainn ospidéil le linn bhuaicthréimhse na heipidéime go mór mar thoradh ar ár mbearta uile um scaradh sóisialta. Tá seans ann go laghdófar an líon iomlán cásanna agus básanna mar thoradh orthu freisin.
Tugann an t-eispéireas sa tSín le fios gur gníomh an-éifeachtach maidir le leathadh an víris a mhoilliú is ea bearta um scaradh sóisialta a chur chun feidhme go luath agus go tapa agus ar bhealach cinntitheach, comhordaithe agus cuimsitheach.
Níl an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag moladh go gcuirfí toirmeasc ar eitiltí ag an am seo.
Táimid ag méadú láithreacht an lucht Sláinte Comhshaoil ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag na haerfoirt. Cuirfear paisinéirí isteach ar an eolas faoin gcomhairle sláinte poiblí uainn agus iarrfar orthu scaradh sóisialta agus féinleithlisiú a chleachtadh más gá.
Ba cheart d’fhostóirí/fostaithe ullmhú do bheith ag obair as an mbaile, nuair is féidir.
Moltar go laghdófaí teagmhálacha san áit oibre faoi 25% agus go gcuirfí cleachtais chianoibre/teileachomhdhálacha chun feidhme nuair is féidir. Moltar freisin gan taisteal le haghaidh cruinnithe.
Ba cheart amanna oibre agus amanna sosa a thuisliú nuair is féidir.
Iarrfar ar fhostóirí cur le feasacht a mball foirne ar COVID-19 agus tuilleadh cumarsáide a dhéanamh leo ina leith. Iarrfar orthu freisin beartais cosúil leis na cinn seo a leanas a thabhairt isteach ar mhaithe le teagmháil shóisialta a laghdú:
Mórfhoinse tarchuir ó thaobh COVID-19 de is ea braonáin a thagann as casacht agus sraoth a dhéanamh.
Is féidir le scaradh sóisialta in áiteanna oibre laghdú a dhéanamh ar an mbaol go dtarchuirfear an víreas ó dhuine go duine trí tharchur braonán laistigh d’achar dhá mhéadar a laghdú.
Má thagann siomptóim atá cosúil le siomptóim fliú ar dhuine, ba cheart é/í a scaradh lom láithreach ó dhaoine eile, ba cheart treoir a thabhairt dó/di maidir le dea-bhéasa riospráide agus ba cheart é/í a chur abhaile (gan iompar poiblí a úsáid, más féidir).
Tá comhairle ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ar fáil anseo.
Tá srianta ar chuairteanna i bhfeidhm in ospidéil agus i dtithe altranais. Is gá teagmháil shóisialta a theorannú i dtithe altranais, in ospidéil agus i suíomhanna fadfhanachta.
Beidh srianta ar chuairteanna i bhfeidhm i ngach cineál seirbhíse cónaithe (lena n-áirítear seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, seirbhísí meabhairshláinte agus seirbhísí do dhaoine scothaosta).
Is iad seo a leanas na siomptóim is coitianta a bhaineann leis an víreas:
Más rud é go bhfuil aon cheann de na siomptóim sin ort agus go bhfuil imní ort go raibh tú i dteagmháil le duine a bhfuil COVID-19 air/uirthi, féinleithlisigh agus cuir glao ar do lia-chleachtóir ginearálta.
Déanfaidh do lia-chleachtóir ginearálta nó dochtúir sláinte poiblí measúnú ort agus cinnfidh sé/sí cé acu is gá nó nach gá tú a thástáil i gcomhair COVID-19.
Tá gnólachtaí ag obair chun a chinntiú nach mbeidh aon chur isteach ann ar an soláthar bia.
Coinneofar ollmhargaí agus cógaslanna ar oscailt, agus dea-scaradh sóisialta á chleachtadh iontu.
Beidh scoileanna dúnta go dtí an 29 Márta agus déanfar athbhreithniú orthu ar bhonn leanúnach.
Moltar do chomaitéirí taisteal le linn uaireanta seachbhuaice agus scaradh sóisialta a chleachtadh. Má tá aon siomptóim ort, ná bain úsáid as iompar poiblí. Féinleithlisigh agus cuir glao ar do lia-chleachtóir ginearálta.
Cé go leanfar le hiompar poiblí a sholáthar, iarrtar ar an bpobal cloí leis na treoirlínte maidir le scaradh sóisialta.
Níl aon fhianaise ann á léiriú go dtugann maisc cosaint do dhaoine sláintiúla ar COVID-19. Tá maisc ag teastáil d’oibrithe cúram sláinte i suíomhanna cliniciúla.
Ba cheart scaradh sóisialta a chleachtadh, go háirithe i gcás grúpaí soghonta, nuair a thugann leanaí cuairt ar a seantuismitheoirí, fiú amháin i gcás nach bhfuil ceachtar díobh tinn.