Tá cláir ama na scrúduithe teastais a thosóidh Dé Céadaoin 8 Meitheamh eisithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Rachaidh scrúduithe na hArdteistiméireachta ar aghaidh go dtí Máirt 28 Meitheamh, críochnóidh scrúduithe na hArdteistiméireachta Feidhmí Déardaoin 16 Meitheamh agus críochnóidh scrúduithe na Sraithe Sóisearaí Dé Luain 20 Meitheamh.
Tá athruithe suntasacha ar sceidealú scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i mbliana le tabhairt isteach Leibhéal Coiteann i ngach ábhar seachas Gaeilge, Béarla agus Matamaitic.
Eagrófar scrúduithe na Sraithe Sóisearaí an samhradh seo. Eagraíodh go deireanach iad i samhradh 2019. I scrúduithe na bliana seo, scrúdófar den chéad uair gach sainsonraíocht nua ábhair de chuid na Sraithe Sóisearaí, ach gur eisceachtaí iad Béarla, Eolaíocht agus Staidéar Gnó a scrúdaíodh cheana; Béarla ó 2017 – 2019 agus Eolaíocht agus Staidéar Gnó den chéad uair in 2019.
Tá na cláir ama timetables ar fáil ag www.examinations.ie .
D’fhógair Norma Foley TD, an tAire Oideachais, an 1 Feabhra go mbeadh na scrúduithe Sraithe Sóisearaí ar siúl sa samhradh, den chéad uair ón mbliain 2019 i leith. D’fhógair sí athruithe fairsinge ar na scrúduithe scríofa Ardteistiméireachta freisin. Is féidir leat an ráiteas iomlán a léamh anseo .
Foilsíodh roinnt coigeartuithe ar na socruithe measúnaithe don tSraith Shóisearach le déanaí chun aird a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, agus éascófar tuilleadh am teagaisc i scoileanna mar thoradh ar na coigeartuithe sin. Áirítear na nithe seo a leanas leo sin:
I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta na socruithe athbhreithnithe le haghaidh Measúnuithe Rangbhunaithe do scoláirí a bhí ag teacht isteach sa tríú bliain sa bhliain 2021. Tá na socruithe sin ar fáil anseo .
Foilseofar tuilleadh mionsonraí faoi scrúduithe Sraithe Sóisearaí na bliana 2022 anseo de réir mar a chuirtear ar fáil iad.
Foilseoidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an clár ama do na scrúduithe ar a shuíomh Gréasáin, examinations.ie , an tseachtain seo chugainn.
Trí chliceáil ar an nasc thíos tiocfaidh tú chuig faisnéis ar leith faoi conas aire a thabhairt do d'fholláine le linn na tréimhse éiginnte reatha seo agus chuig réimse acmhainní agus tacaíochtaí maidir le cúrsaí folláine.