Réidh don Scoil
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seo mar is féidir leat tacú le turas do pháiste ar scoil:
An Chéad 5 Scileanna Neamhspleáchais do Linbh
First 5 Transitions Postcard/An Chéad 5 Cárta Poist le hAghaidh Aistrithe
Má bhí tionchar díreach ag COVID-19 ar do leanbh bí an-chúramach faoi chomhráite a bheith agat le daoine fásta eile os comhair do linbh a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis imní nó trína chéile. Ba chóir do thuismitheoirí a iarraidh ar bhaill eile den teaghlach gan labhairt faoi ábhair áirithe os comhair leanaí freisin.
Tá teimpléad aistrithe speisialta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) ar féidir le tuismitheoirí a chomhlánú agus a roinnt le múinteoir a linbh. Is féidir leat teimpléad aistrithe ‘Mo Scéal’ a fheiceáil anseo.
Féadfaidh do sheirbhís um fhoghlaim agus cúram luath-óige pacáiste aistrithe a chur chugat a chuimsíonn an teimpléad seo agus cárta do do pháiste le pictiúr díobh féin a tharraingt dá múinteoir. B’fhéidir gur mhaith leat an teimpléad a líonadh agus é a roinnt leis an múinteoir nuair a thosóidh an scoil. Mura bhfaigheann tú pacáiste is féidir leat glaoch ar do Choiste Contae agus Cathrach i gCúram Leanaí áitiúil agus seolfaidh siad ceann chugat. Tá a gcuid sonraí teagmhála anseo.
Más é seo an chéad uair a fhreastalóidh leanbh i do theaghlach ar scoil, seo roinnt leideanna úsáideacha. Déanfaidh scoileanna cumarsáid dhíreach le teaghlaigh faoi na riachtanais don scoil sin.
Beidh teagmháil déanta ag an scoil chun tú a chur ar an eolas faoi éide agus faoin áit ar féidir iad a cheannach. Is gnách go mbíonn dhá chuid d’éide bunscoile, éide atá comhdhéanta de bhríste /pilirín, léine agus geansaí agus culaith reatha scoile le t-léine.
Inseoidh múinteoir do pháiste duit cén lá ar chóir do leanaí a gculaith reatha a chaitheamh nó d’fhéadfadh an scoil a bheith solúbtha ina leith.
Cuidíonn an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (Back to School Clothing and Footwear Allowance, BTSCFA) leo siúd atá i ngátar airgeadais costas éide agus coisbhirt a íoc do leanaí atá ag dul ar scoil.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Seans go bhfaighfidh tú liosta leabhar agus is féidir leat na leabhair a cheannach ar líne nó i siopa leabhar áitiúil. Is féidir na leabhair a chlúdach agus ainm do pháiste a chur orthu.
Tá scéim cíosa leabhar ag roinnt scoileanna. Tugann na scéimeanna seo téacsleabhair ar iasacht do leanaí agus gearrann siad táille cíosa. Is le Bord Bainistíochta na scoile na leabhair agus tugtar amach ar cíos iad gach bliain do dhaltaí.
Tá an costas a bhaineann leis na leabhair a fháil ar cíos ón scoil i bhfad níos ísle ná na leabhair a cheannach i siopa leabhar.
Beidh mála scoile, cás pinn luaidhe agus bosca lóin agus buidéal uisce ag teastáil ó gach leanbh agus a n-ainm orthu. Ba chóir go mbeadh leanaí in ann a mboscaí lóin féin agus buidéil uisce a oscailt. Seiceáil an mála scoile gach tráthnóna. Féadfaidh múinteoirí nótaí a sheoladh abhaile i málaí scoile na leanaí. Féadfaidh roinnt scoileanna cumarsáid a dhéanamh trí aip nó ríomhphost a úsáid.
Tugann tosú na scoile an dúshlán agus an deis cairde nua a dhéanamh do leanaí agus do thuismitheoirí. Bíonn sé seo níos éasca do roinnt daoine fásta agus leanaí ná do dhaoine eile. Is féidir le tuismitheoirí cabhrú trí bheith oscailte agus cairdiúil le tuismitheoirí agus le leanaí eile. De réir mar a shocraíonn leanaí isteach, is féidir leat na cairdis sin a spreagadh trí choinní súgartha a eagrú, nuair is féidir sin, le tuismitheoirí eile. Is foinse iontach comhairle agus faisnéise faoin scoil iad tuismitheoirí le leanaí níos sine. Féach an bhféadfadh bealach a bheith ann do thuismitheoirí sa rang cumarsáid a dhéanamh as seo amach mar ghrúpa ‘WhatsApp’ ranga.
Roimh COVID-19, bheifeá ag bualadh leis an múinteoir agus tú ag fágáil do pháiste isteach ina rang. Ní bheidh sé seo indéanta faoi láthair agus tá scoileanna ag smaoineamh ar bhealaí nua chun cumarsáid a dhéanamh le teaghlaigh. Beidh sé deacair ar mhúinteoirí comhráite fada a bheith acu ag an am seo ach is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo agus iarraidh am a shocrú le caint leo má tá aon imní ort. D’fhéadfadh sé go mbeadh an caidreamh le do scoil níos foirmiúla ná an réamhscoil agus is mó seans go mbeidh méid an ghrúpa níos mó. Bí cairdiúil agus oscailte leis an múinteoir. Déan liosta de na rudaí a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait a rá. Ná bíodh eagla ort ceisteanna a chur faoin lá scoile agus ábhar an churaclaim. Ní bheidh múinteoir do pháiste ach ró-shásta iad a fhreagairt.
Tá bileog ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí ar an gcaoi a n-oibríonn scoileanna agus na poist éagsúla i scoil ar nós ról an phríomhoide agus Bord Bainistíochta na scoile. Is féidir leat féachaint air anseo. (Is oth linn nach bhfuil leagan Gaeilge den acmhainn seo ar fáil.)
Freastalaíonn os cionn 53,000 leanbh in Éirinn ar ghaelscoileanna. Is é an tsamhail oideachais a chuirtear chun cinn laistigh de Ghaelscoileanna ná an tumoideachas, áit a bhfaigheann daltaí a gcuid oideachais - laistigh agus lasmuigh den seomra ranga trí mheánna Gaeilge. Féadfaidh tú tuilleadh faisnéise agus tacaíochtaí a fheiceáil anseo
Is scoileanna DEIS (Comhionannas Deiseanna a Sheachadadh i Scoileanna) iad roinnt bunscoileanna in Éirinn. Tá sé mar aidhm ag na scoileanna seo deiseanna níos fearr a chruthú do leanaí i bpobail atá i mbaol míbhuntáiste agus eisiaimh shóisialta.
Tá freagracht oibríochta ar TESS as an Scéim Theagmhála Baile, Scoile agus an Phobail (Home School Community Liaison Scheme, HSCL). Is múinteoirí iad na Comhordaitheoirí Teagmhála Baile, Scoile agus an Phobail a thugann cuairt ar thuismitheoirí agus a thacaíonn leo, d’fhonn torthaí oideachais do leanaí a fheabhsú. Oibríonn Comhordaitheoirí HSCL go dlúth le comhghleacaithe ón dá shnáithe eile de TESS; an Clár Críochnaithe Scoile (School Completion Programme, SCP) agus an tSeirbhís Leasa Oideachais (Educational Welfare Service, EWS) d’fhonn seirbhís chomhtháite a sholáthar do leanaí agus do theaghlaigh i Scoileanna DEIS.
In aimsir na héiginnteachta seo, beidh scoileanna ag obair go crua le treoir ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun an chomhairle sláinte poiblí a chur i ngníomh. Féadfaidh tú tacú le do scoil trí chloí le haon treoracha a d’fhéadfá a fháil. Má tá imní nó fadhbanna sláinte ar leith ag do leanbh ba chóir duit iad seo a phlé leis an scoil sula dtosaíonn sé. Tá an chomhairle sláinte poiblí is déanaí ó HSE ar fáil anseo