An Roinn Coimirce Sóisialaí & Stáisiún na nGardaí Bun Cranncha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Fuathas suíomh de tuairim is 2.25 acra in 2005 i mBun Cranncha chun soláthar a dhéanamh d'oifig dhíláraithe agus d'Oifig Áitiúil nua don Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Nuair a fuarthas cuid bheag bhreise de thalamh in aice leis (0.334 acra), a bhí ar fáil le ceannach, agus leis an limistéar suímh curtha le chéile, bhíothas in ann stáisiún Gardaí nua a thógáil mar chuid den tionscadal céanna ar an iomlán, a chinntigh gur forbraíodh an suíomh go seasta agus gur cruthaíodh campas d'fhoirgnimh phobail sa bhaile atá ar ardchaighdeán.
Thosaigh an obair ar an suíomh ar an 2 Eanáir 2008 agus cuireadh i gcrích é in 2009. Thosaigh an fhoireann ón RCS ag bogadh isteach chuig a bhfoirgnimh nua i lár mhí na Samhna 2009 agus bhí gach aonad ann go luath in 2010. Bhog an Garda Síochána óna n-ionad sealadach in áitreabh an Clubman go dtí an foirgneamh nua roimh dheireadh mhí na Nollag 2009.
Is foirgneamh nua-aoiseach é oifig Dhíláraithe na Roinne Coimirce Sóisialaí ina bhfuil trí urlár agus carrchlós faoin talamh agus achar iomlán an fhoirgnimh ná 6,030 sqm. Tá tuairim is 110 ball foirne díláraithe san fhoirgneamh agus tá acmhainneacht ann le leathnú amach 10% a dhéanamh sa todhchaí.
Tá Oifig Áitiúil an RCS tógtha thar dhá urlár agus is é achar na hoifige ná 1,483 sq.m. agus is féidir soláthar cóiríochta a dhéanamh do suas go 40 ball foirne, chomh maith le limistéar mór poiblí a chur ar fáil inar féidir le daoine teacht isteach agus a gcuid riachtanas a phlé leis an bhfoireann i dtimpeallacht atá ar ardchaighdeán ina ndéantar soláthar don phríobháideachas agus do go leor spáis dá gcuid riachtanas. Tá Ionad Tástála Tiomána an RSA san Oifig Áitiúil freisin, ina bhfuil limistéar feithimh don phobal agus seomra agallamh de 67 sq.m ar an iomlán. Tá ceangal curtha ar fáil idir an foirgneamh díláraithe agus foirgneamh na hoifige áitiúla, ina bhfuiltear in ann áis ceaintín a chomhroinnt a ghlacann le suas le 40 ball foirne.
Tá trí urlár i gCeanncheathrú Ceantair an Gharda Síochána ina bhfuil 1,849 sqm i gceist, agus 1,052 sqm sa bhreis de charrchlós san íoslach a chuireann spásanna ar fáil do 32 feithicil agus seirbhísí a bhaineann leo. Cosúil le foirgneamh an RCS, i saoráid na nGardaí tá fráma struchtúir coincréiteach atá treisithe, ballaí bloic, cumhdach cloiche agus sinc agus an chuid eile de déanta i bplástar traidisiúnta.