D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, pacáiste leasa shóisialaigh buiséid ar fiú €558 milliún é don bhliain 2022. Bhain an tAire comhaontú amach freisin go n-íocfar Bónas na Nollag 100% i mí na Nollag 2021 ar chostas measta breis agus €313 milliún.
Léireofar san íocaíocht Liúntais Breosla a thosóidh an tseachtain dar tús an 1 Samhain 2021 athruithe a tugadh isteach i mBuiséad 2022 agus áirítear leo an méid seo a leanas i gcás íocaíochtaí seachtainiúla agus íocaíochtaí cnapshuime:
○An méadú €5 sa tseachtain.
○Riaráistí 3 seachtaine d’fhaighteoirí seachtainiúla (€15).
○Riaráistí 12 sheachtain d’fhaighteoirí cnapshuime (€60).
Gheobhaidh daoine a bhfuil na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas á bhfáil acu Bónas na Nollag i mí na Nollag 2021: