Caighdeáin Íosta i gCóiríocht ar Cíos
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá dualgas dlíthiúil ar gach tiarna talún chun a chinntiú go gcomhlíonann a réadmhaoin ar cíos íoschaighdeáin fhisiciúla áirithe.
Leagtar amach na híoschaighdeáin seo sna: Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin Íosta i gCóiríocht ar Cíos) 2019
I gcás gach teach a ligtear ar cíos nó atá ar fáil le ligean ar cíos, ní mór don tiarna talún a chinntiú go bhfuil an réadmhaoin ar cíos i riocht cuí ó thaobh deisiúchán struchtúir de. Ciallaíonn sé sin nach mór don tiarna talún an réadmhaoin a chothabháil i riocht slán, taobh istigh agus taobh amuigh. Ní mór díonta, slinnte, fuinneoga, urláir, síleálacha, ballaí, staighrí, dorais, cláir sciorta, tíleanna ar urlár ar bith, éadanchlár síleála agus balla, fánphíobáin, feistis, gairdíní agus comhlimistéir a chothabháil i ndea-riocht agus i ndea-chaoi.
Ní mór don tiarna talún a chinntiú go ndéantar gach suiteáil gáis, ola agus leictreachais a chothabháil i ndea-chaoi, agus go n-oibríonn siad i gceart go sábháilte agus go bhfuil aerú leordhóthanach agus soilsiú an lae agus saorga i ngach seomra.
Ní mór sriantáin sábháilteachta fuinneoige oiriúnacha a shuiteáil ar fhuinneoga a bhféadfadh duine titim tríothu.
Ní mór don tiarna talún na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
I bhfoirgnimh ilaonaid, ní mór don tiarna talún aláram deataigh atá sreangaithe leis an bpríomhlíonra, pluid dóiteáin, agus plean éigeandála aslonnaithe a chur ar fáil do gach aonad. Ní mór soilsiú éigeandála a bheith i gcomhlimistéir freisin. Chun sonraí iomlána maidir le ceanglais cóiríochta ar cíos a fháil, féach ar na Rialacháin.
Déantar achoimre ar na príomhghnéithe sna Treoir maidir leis na Caighdeáin Íosta i gCóiríocht ar Cíos .
Tá údaráis áitiúla freagrach as na híoschaighdeáin seo a chur i bhfeidhm. Áirítear leis sin cigireacht a dhéanamh ar réadmhaoin. Más tionónta tú agus má cheapann tú nach bhfuil do chóiríocht ar an gcaighdeán cuí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’údarás áitiúil.
D’fhéadfadh pionóis agus ionchúiseamh a bheith mar thoradh ar mhainneachtain na híoschaighdeáin a chomhlíonadh. Is féidir le húdaráis áitiúla Fógraí Feabhsúcháin agus Fógraí Toirmisc a eisiúint chuig tiarnaí talún a sháraíonn na rialacháin maidir le híoschaighdeáin.
Leagtar amach i bhFógra Feabhsúcháin an obair nach mór don tiarna talún a dhéanamh chun sárú ar na rialacháin a réiteach.
D’fhéadfadh ról a bheith ann don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe, mar shampla, sa chás nach mbeadh tiarna talún ag freagairt d’iarraidh ar fhearas teasa a dheisiú nó sa chás go mbeadh an tionónta ag úsáid na réadmhaoine ar bhealach a mbeadh meath ar riocht na réadmhaoine agus sárú ar chaighdeán mar thoradh air.
Tá feidhm ag ceanglais mhalartacha i leith níocháin, bia a ullmhú agus áiseanna stórála do thionóntachtaí údaráis áitiúil, do thionóntachtaí comhlachta ceadaithe tithíochta agus do chomhaontuithe tionóntachta cónaithe príobháidí a bhfuil tréimhse léasa 10 mbliana ar a laghad i gceist leo. I gcásanna mar sin ní gá don tiarna talún ach na háiseanna seo a leanas a chur ar fáil:
Más tionónta údaráis áitiúil nó tionónta cumainn tithíochta tú agus má cheapann tú nach gcomhlíonann an réadmhaoin atá tógtha ar cíos agat na caighdeáin atá ann, is féidir leat gearán a dhéanamh le d’údarás áitiúil.
Ní mór gearáin ná fiosruithe maidir le híoschaighdeáin do chóiríocht ar cíos a chur ar aghaidh chuig Rannóg Tithíochta d’údaráis áitiúil .
Tá tuilleadh faisnéise maidir le staitisticí an mhargaidh tithíochta phríobháidigh le fáil ar Eolas maidir le leibhéal na n-iniúchtaí .
Sa chás go bhfuil fiosruithe ginearálta agat, déan teagmháil le d’údaráis áitiúil
Is féidir fiosruithe i ndáil le beartas agus reachtaíocht caighdeán a sheoladh chuig RentalStandards@housing.gov.ie