Cáin Mhaoine Áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is cáin bhliantúil í an Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) a ghearrtar ar luach margaidh maoine cónaithe áirithe sa Stát. Tá na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as an gCáin a bhailiú agus a riar. Aistrítear na fáltais ón CMÁ ina dhiaidh sin chuig an gCiste Rialtais Áitiúil lena ndáileadh ar aghaidh chuig údaráis áitiúla de réir bheartais an Rialtais ar leithdháiltí maoinithe.
Is é 1 Samhain gach bliain an dáta dliteanais i leith CMÁ. Más tusa an duine dliteanach i leith na maoine ar an dáta dlite, ní mór duit an CMÁ a íoc don bhliain ina dhiaidh sin.
Tá maoine áirithe díolmhaithe ón gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) má chomhlíonann siad na coinníollacha cáilitheacha. Tá a choinníollacha sonracha cáilitheacha féin ag gabháil le gach díolúine CMÁ.
Bhí aon cheann déag de dhíolúintí CMÁ ar fáil do na blianta dliteanais 2013 go 2021. Tá ceithre cinn de na díolúintí sin imithe in éag agus níl siad ar fáil le haghaidh 2022 go 2025.
Áirítear ar na díolúintí atá imithe in éag:
Tá tuilleadh eolais ar an gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021, lena n-áirítear sonraí na ndíolúintí ábhartha infheidhme, ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Chun eolas a fháil ar na díolúintí CMÁ atá ar fáil le haghaidh 2022 go 2025, ar nós na maoine sin a tógadh ag baint úsáide as bloic nó maoine coincréite lochtacha a dheimhnítear go bhfuil damáiste piríteach acu, féach an rannán ar an gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025 ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Déantar na fáltais ó CMÁ, a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim, a aistriú ina dhiaidh sin chuig angCiste Rialtais Áitiúil lena ndáileadh ar aghaidh chuig údaráis áitiúla de réir bheartais an Rialtais ar leithdháiltí maoinithe. Is é cuspóir foriomlán an CMÁ foinse chobhsaí agus inbhuanaithe maoinithe a chur ar fáil d’údaráis áitiúla.
Cuireann leithdháiltí bliantúla CMÁ tacaíocht airgeadais ar fáil d’údaráis áitiúla aonair ionas gur féidir leo leanúint dá n-iarrachtaí chun buiséid chomhardaithe a bhaint amach. Cabhraíonn sé le maoiniú a chur ar fáil do sheirbhísí áitiúla tábhachtacha amhail páirceanna, leabharlanna, áiseanna fóillíochta, seirbhísí dóiteáin agus éigeandála, sráideanna agus soilsiú sráide a chothabháil agus a ghlanadh - rud a théann chun tairbhe na saoránach go díreach. Forlíonann an leithdháileadh bliantúil CMÁ ioncam údaráis áitiúil ó fhoinsí eile ar nós rátaí tráchtála, ioncam a thuilltear ó sholáthar earraí agus seirbhísí agus deontais agus fóirdheontais Rialtais.
Cinntear leithdháiltí maoinithe roimh bhailiú, bunaithe ar mheastacháin ar an toradh CMÁ i gceantair aonair údaráis áitiúil don bhliain dliteanais ina dhiaidh sin. Tá staitisticí bailithe CMÁ ar fáil ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta freagrach as fáltais CMÁ a dháileadh ar údaráis áitiúla de réir bheartais an Rialtais ar leithdháiltí maoinithe.
Faoin tsamhail leithdháilte CMÁ, tá íosleibhéal maoinithe ar fáil do gach údarás áitiúil, ar a dtugtar an bhonnlíne. Tá éagsúlachtaí ar fud na tíre ó thaobh leibhéil CMÁ de ach tá sé tábhachtach go bhfaighidh gach údarás áitiúil an leibhéal bunlíne maoinithe seo ar a laghad chun a chinntiú gur féidir leo leibhéil leordhóthanacha seirbhíse a sholáthar. Má tá toradh measta CMÁ údaráis faoi bhun a leibhéil bonnlíne, gheobhaidh sé maoiniú forlíontach, ar a dtugtar cistiú comhionannaithe.
I roinnt ceantar údaráis áitiúil, tá an CMÁ a choinnítear go háitiúil i bhfad níos airde ná an bhunlíne. Sna ceantair seo, ní mór don údarás áitiúil cuid den airgead sin a chaitheamh ar sheirbhísí áitiúla a bheadh maoinithe ag an Státchiste murach sin.
Féadfaidh údaráis áitiúla an ráta CMÁ ina limistéar riaracháin a athrú suas le 15% de bhunráta na Cánach. Ní mór an cinneadh maidir le hathrú a dhéanamh le rún ón gComhairle. Cuireann an chumhacht chun rátaí CMÁ a athrú ar chumas comhaltaí tofa tionchar díreach a imirt ar leibhéal an ioncaim CMÁ atá acu chun a riachtanais chaiteachais a chomhlíonadh.
Má chinneann údarás áitiúil an bunráta CMÁ a athrú anuas (suas le 15%), léirítear an caillteanas iarmhartach in ioncam CMÁ i laghdú comhréireach ar ioncam lánroghnach don Chomhairle. Ar an gcaoi chéanna, má chinneann údarás áitiúil an ráta a athrú aníos, tá méadú comhréireach ar an ioncam sin.
Foilsítear faisnéis mhionsonraithe maidir le leithdháiltí CMÁ chuig údaráis áitiúla, lena n-áirítear miondealú ar na fachtóirí coigeartaithe áitiúla éagsúla arna gcur i bhfeidhm ag gach údarás áitiúil, ar bhonn bliantúil agus tá sé ar fáil ag an nasc seo a leanas: