Tacaíochtaí maidir le Soghluaisteacht ó Phost go Chéile
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déan sé níos éasca athlonnú go dtí an Eoraip don obair!
Scéim soghluaisteachta poist an Aontais Eorpaigh atá i Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa a chuireann cúnamh airgeadais ar fáil do shaoránaigh an AE atá 18 mbliana d’aois agus níos sine chun athlonnú don obair nó chun taisteal chuig agallamh i dtír eile an AE, san Iorua nó san Íoslainn. Cabhraíonn sé freisin le fostóirí ar spéis leo earcaíocht a dhéanamh d’fholúntais is deacair a líonadh i dtír eile an AE, san Iorua nó san Íoslainn.
Tá Éire ina comhpháirtí faoi láthair leis an tSualainn do seo Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa (TMS) seo thar ceann an AE.
Cuireann Scéim Soghluaisteachta Spriocdhírithe na hEorpa (TMS) tacaíocht ar fáil chun glacadh le fostaíocht san AE, san Iorua nó san Íoslainn, an méid seo a leanas ina measc:
Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais sula bhfágann tú do thír agus roimh dháta tosaigh do phoist nua/dháta d’agallaimh. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh i ndiaidh gur bhog tú chuig do thír nua oibre.
Chun teacht ar eolas breise agus le hiarratas a dhéanamh:
Is féidir le Fostóirí Fiontar Beag agus Meánmhéide (SME) iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais nuair a fhostaíonn siad duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine ón AE, an Iorua nó an Íoslainn.
Tugtar tacaíocht airgeadais do Chláir Imeasctha, Oiliúint Ionduchtúcháin, oiliúint teanga, oiliúint intí, oiliúint sláinte agus sábháilteachta agus cúnamh le cóiríocht oiriúnach a aimsiú san áireamh.
Caithfidh fostóirí foirm iarratais ina bhfuil cur síos ar an gclár beartaithe imeasctha a sheoladh ar aghaidh sula dtaistealóidh an t-iarrthóir chun glacadh le fostaíocht. Ba cheart na riachtanais oiliúna a aithint tráth nach déanaí ná céim agallaimh na hearcaíochta.
Tabhair faoi deara, le do thoil: tá téarmaí agus coinníollacha i gceist.
Tá Tacaíochtaí Soghluaisteachta Poist comhchistithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach. Tabhair cuairt ar eufunds.ie chun teacht ar eolas breise.