Cuspóirí agus téamaí Chlár Deich mBliana Céad Bliain 2012-2023
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann na cuspóirí atá leagtha amach do Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán faoi láthair tacaíocht éifeachtach ar fáil do gach duine a bhfuil baint aige/aici leis an bpróiseas comórtha. Moltar go gcuirtear na cuspóirí seo i bhfeidhm ar na bealaí seo a leanas ar feadh an chuid eile den Deich mBliana:
1. Comóradh agus machnamh pobail; cuimhne ar oidhreachtaí, ar phearsantachtaí, ar áiteanna, ar imeachtaí agus ar théamaí áitiúla a bhfuil tábhacht ar leith leo laistigh de chontaetha, de pharóistí agus de phobail.
2. Cuimhne mheasúil, íogair agus neamhpháirtíneach ar na daoine a d'fhulaing agus na daoine a maraíodh le linn na tréimhse idir 1921 agus 1923.
3. Críochdheghilt na hÉireann - Iniúchadh a dhéanamh ar thionchar agus ar oidhreacht na n-imeachtaí a tharla le linn na tréimhse ar na pobail a bhí ina gcónaí ar an teorainn nua-bhunaithe agus níos faide amach.
4. Éire agus an Domhan Mór - Iniúchadh ar an ngné idirnáisiúnta, lena n-áirítear naisc áitiúla, imirce agus ról diaspóra na hÉireann sna himeachtaí a tharla le linn tréimhse na réabhlóide. Ina theannta sin, iniúchadh a dhéanamh ar fhorais uile-oileáin tar éis na críochdheighilte.
5. Taithí na mBan - Iniúchadh a dhéanamh ar thaithí na mban le linn na tréimhse seo agus ar an bpáirt a ghlac siad leis na himeachtaí a tharla, á ról athraitheach sa tsochaí san áireamh.
6. Ord Nua a Bhunú:
7. Sochaí a raibh athrú ag teacht uirthi le linn na tréimhse seo, i measc na n-athruithe sin:
8. Smaointeoireacht chruthaitheach sna healaíona - filíocht, litríocht, ceol, drámaíocht agus na foirmeacha ealaíne eile, 1921 – 1923.