Seoladh an Feachtas Eolais de chuid an Rialtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ 2023–2024 ar an 18 Deireadh Fómhair 2023.
Sheol Micheál Martin TD, An Tánaiste agus An tAire Cosanta, agus Jack Chambers TD, An tAire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus ar Bóthar agus Lóistíocht an feachtas i gcomhpháirt.
Dírítear i bhfeachtas 2023–2024 ar an teachtaireacht thábhachtach “Sábháilteacht ar Bhóithre – Pleanáil, Ullmhaigh, Bí Feasach”. Foilsíodh bileog eolais chun feachtas na bliana seo a thacú, bileog ina bhfuil comhairle ar Shábháilteacht ar Bhóithre agus treoir maidir le tiomáint le linn thréimhse an gheimhridh. Tá tuilleadh eolais ar fáil i mBileog agus Leabhrán an fheachtais, atá ar fáil thíos.
Leagtar béim san fheachtas ar an gcur chuige 'uile-rialtais' atá á ghlacadh maidir le hullmhúcháin don gheimhreadh. Tá sé mar aidhm aige comhairle agus faisnéis a chur ar fáil don phobal i gcoitinne ar cheisteanna a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu le linn mhíonna an gheimhridh in Éirinn, mar shampla cén chaoi le hullmhú le haghaidh aimsir chrua, cén áit le teacht ar eolas, agus gníomhartha pearsanta is féidir a dhéanamh d’fhonn a bheith níos acmhainní ina n-ullmhacht don gheimhreadh.
Tabhair cuairt ar an suíomh idirlín Bí Ullamh don Gheimhread h le haghaidh tuilleadh eolais agus comhairle ar an gcaoi le hullmhú don gheimhreadh. Gheobhaidh tú freisin roinnt bileog spriocdhírithe ar théamaí amhail Treoir maidir le Tuilte, Gnólachtaí agus Feirmeacha a Ullmhú le haghaidh Aimsir Chrua, agus comhairle ar Chúram Sláinte.
Is féidir freisin foinsí eolais cothrom le dáta a fháil ar sheirbhísí iompair, coinníollacha bóithre agus nuashonruithe tráchta le linn aimsir chrua ar ár leathanach Bí Ullamh don Gheimhreadh/Eolas Teagmhála de chuid na Roinne Iompair.