Creat eiticiúil le haghaidh cinnteoireachta i bpaindéim
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuimsíonn an creat eiticiúil seo roinnt prionsabal eiticiúil substainteach agus luachanna nós imeachta is féidir a chur i bhfeidhm ar an bpróiseas cinnteoireachta i bpaindéim agus a úsáid le linn an phróisis cinnteoireachta. Baineann prionsabail eiticiúla leis na cinntí a dhéantar, ach baineann luachanna nós imeachta leis an mbealach a dhéantar na cinntí sin.
Tá an creat ardleibhéil seo beartaithe do lucht déanta beartas agus do phleanálaithe agus soláthraithe cúram sláinte i suíomhanna géarmhíochaine agus pobail. Tá sé deartha freisin chun cabhrú le cliniceoirí na prionsabail eiticiúla a leagtar amach thíos ina gcleachtas cliniciúil a chur i bhfeidhm. Níl sé deartha chun cinntí cliniciúla aonair a threorú ach chun cabhrú le hoibrithe cúram sláinte smaoineamh ar na cinntí deacra a chaithfear a dhéanamh.