Clár Iarfheistithe an Láir Thíre le haghaidh Tithe Údaráis Áitiúil
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Rialtas ag maoiniú scéim le haghaidh oibreacha uasghrádaithe fuinnimh (iarfheistiú) ar tithe atá faoi úinéireacht na n-údarás áitiúil (sin le rá, comhairlí) i Lár na Tíre. Is é is aidhm leis an scéim ná go mbeidh na tithe seo níos teo, níos compordaí agus go mbeidh sé níos éifeachtúil iad a théamh. Cabhróidh na hoibreacha seo freisin le sláinte na sealbhóirí tí a chosaint. Tá an clár iarfheistithe mar chuid de Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide an Rialtais. Tá an scéim á mhaoiniú go díreach ag an Tobhach Carbóin.
Faoin scéim, déanfar iarfheistiú ar thithe áirithe de chuid na comhairle i gceantar an Láir Thíre go dtí Ghrádú Fuinnimh Foirgnimh (BER) “B2” (nó ‘leibhéal atá optamach ó thaobh costais de’). Is é is aidhm do ‘iarfheistiú’ ná téamh agus compord an tí iomláin a fheabhsú. Is éard a bhíonn i gceist leis na hoibreacha de ghnáth ná ballaí agus díonta a insliú; fuinneoga agus doirse a uasghrádú; córais téimh a athsholáthar; agus soilsí LED a shuiteáil. De ghnáth, mar thoradh ar na hoibreacha, feabhsóidh BER an tí ó ghrád D- nó E go grád B2.
I measc buntáistí eile:
Tá na hoibreacha seo tairbheach do theaghlaigh ísealioncaim ach go háirithe, a gcaitheann cion níos mó dá n-ioncam ar bhreosla ná mar a dhéanann an meántheaghlach go minic. Is minic go mbíonn an dúshlán a bhaineann leis an aistriú go dtí an slí mhaireachtála ísealcharbóin níos deacra do theaghlaigh ísealioncaim.
Roghnóidh gach ceann de na comhairlí atá bainteach leis an gclár grúpaí tithe (‘braislí’) i gceantair éagsúla a ndéanfar ‘iarfheistiú’ orthu. Cabhróidh an ‘braisliú’ sin lena chinntiú go mbeidh an scéim cost-éifeachtúil agus go mbeidh tionchar níos mó aici
Sa dara leath de 2020, déanfaidh na comhairlí suirbhéireacht ar tithe áirithe le féachaint cad iad na hoibreacha atá ag teastáil. Tar éis dí suirbhéireacht a dhéanamh ar teach, déanfaidh an chomhairle na hoibreacha a phleanáil agus cuirfidh sí an sealbhóir tí ar an eolas maidir leis an dáta a thosóidh na hoibreacha.
Tabharfaidh na comhairlí a oiread fógra agus faisnéise is féidir do na sealbhóirí tí roimh ré maidir le suirbhéireacht agus oibreacha atá pleanáilte. Déanfaidh na comhairlí iarracht na hoibreacha a dhéanamh ar bhealach nach mbeidh míchaoithiúil do shealbhóirí tí. Chun an riosca COVID-19 a laghdú, tá na comhairlí tar éis a mbuan-nósanna imeachta oibríochta a bhaineann le cothabháil agus iniúchadh ar tithe údaráis poiblí a leasú. Tá na treoirlínte sin i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte phoiblí.
Ní gá do thionóntaí i dtithíocht shóisialta teagmháil a dhéanamh lena gcuid comhairlí. Déanfar teagmháil le haon theaghlach a roghnófar i gcomhair oibreacha.
Is féidir tuilleadh eolais maidir le hiarfheistiú a fháil ar shuíomh gréasáinÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) .
Caitheann Eorpaigh beagnach 90% dá gcuid ama laistigh agus 50% nó níos mó dá gcuid ama sa bhaile. Dá bhrí sin, tá ról tábhachtach ag nochtadh faoi dhíon do shláinte agus d’fholláine. Taispeánadh go bhfuil tionchar ag go leor fachtóirí ar an gcáilíocht aeir faoi dhíon i dtithe, lena n-áirítear:
Tá ról suntasach ag an nochtadh do thruailleáin aeir lasmuigh agus laistigh ar nós cáithníní míne nó radón i bhforbairt na ngalar cardashoithíoch (a bhaineann leis an gcroí nó leis na fuileadáin) agus le galar riospráide (a bhaineann le hanálú). D’fhéadfadh an fás de chaonach a bheith mar thoradh ar dhroch-chaighdeán aeir faoi dhíon, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shláinte daoine.
Agus muid ag bogadh i dtreo sochaí atá níos tíosaí ar fhuinneamh, tá sé tábhachtach tuiscint a fháil ar thionchar athchóirithe atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh de ar leibhéil truailleán faoi dhíon. Cuideoidh sé linn tithe níos sláintiúla atá tíosach ar fhuinneamh a chruthú don todhchaí.
Déanfaidh foireann taighdeoirí ó OÉ Gaillimh staidéar ar na tairbhí sláinte agus ar na tairbhí eacnamaíocha gaolmhara do theaghlaigh maidir le sroicheadh “B2” nó níos airde den Ghrádú Fuinnimh Foirgnimh (BER) Tá an ÚFIÉ ag déanamh urraíochta ar an tionscadal seo faoi Chlár Maoiniúcháin Náisiúnta um Fhorbairt agus Taispeántas Taighde Fuinnimh ÚFIÉ 2019.
Beidh dhá chuid i gceist leis an staidéar:
Cé nach gceanglaítear ar rannpháirtithe sa chlár iarfheistithe páirt a ghlacadh sa staidéar seo, beidh na daoine a ghlacfaidh páirt sa staidéar ag cur go mór le taighde an-tábhachtach. Foghlaimeoidh siad freisin faoi na feabhsúcháin ar a dteach. Níl na taighdeoirí ag súil le haon rioscaí do rannpháirtithe a bheith rannpháirteach. Ní chuirfidh sampláil ar cháilíocht an aeir isteach ar dhaoine ná ar a dtithe. Cuirfidh an fhoireann taighde ainmneacha gach duine a chríochnaíonn an staidéar i dtarraiceán chun an deis dearbhán One4all de luach €250 a bhuachan.
Má roghnaítear do theach le haghaidh iarfheistithe faoi Clár Athfheistithe na nÚdarás Áitiúil, b’fhéidir go mbeidh tú in ann páirt a ghlacadh sa staidéar seo. Meastar go mbeidh an staidéar críochnaithe faoi Mhárta 2023.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an staidéar tabhair cuairt ar / déan teagmháil le:
An Dr Nina Wemken. Ríomhphost: nina.wemken@nuigalway
Nó
An Dr Marie Coggins. Ríomhphost: marie.coggins@nuigalway.ie