Tá maoiniú aon uaire de €20 milliún á chur ar fáil sna seachtainí seo amach romhainn chun go mbeidh ar chumas na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna go léir sa Scéim Saoroideachais leabhair, closleabhair agus meáin eile a cheannach chun na taiscí d’acmhainní litearthachta atá acu cheana féin a fheabhsú.
Ní mór an maoiniú atá á sholáthar a úsáid ar mhaithe leis na taiscí d’acmhainní litearthachta atá ag an scoil cheana féin a fheabhsú agus ar mhaithe leis sin amháin. Níl sé i gceist go gceannófaí téacsleabhair leis agus níor cheart é a úsáid chun cur le maoiniú an Deontais Leabhar a sholáthraítear go bliantúil faoi láthair do na bunscoileanna agus na h-iar-bhunscoileanna go léir laistigh den Scéim Saoroideachais chun an costas a chuireann leabhair scoile ar thuismitheoirí a mhaolú. Tacóidh leabharlanna poiblí leis an soláthar maoine faoi Thacaíocht Leabharlanna Poiblí do Scoileanna, chun cabhrú le scoileanna pleanáil a dhéanamh maidir lena maoiniú deontais a chaitheamh.
Íocfar an deontas do scoileanna de réir rollú aitheanta daltaí ar an 30 Meán Fómhair 2021. Tá an deontas a íoctar le Bunscoileanna a bhfuil 60 dalta nó níos lú ar an rolla iontu bunaithe ar 60 dalta ar a laghad a bheith ar an rolla. Íocfar ráta deontais de €21.00 in aghaidh an dalta/scoláire i dtaca leis na bunscoileanna agus na h-iarbhunscoileanna aitheanta go léir atá sa Scéim Saoroideachais. Ní gá do scoileanna cur isteach ar an maoiniú seo, íocfar na deontais go díreach leis na scoileanna.
Tá gach scoil uathúil, faoi mar atá an stoc leabhar, closleabhar agus meán eile atá ar fáil laistigh de gach scoil. Is gá do scoileanna a gcás uathúil féin chomh maith leis na daltaí/scoláirí laistigh den scoil a chur san áireamh nuair a bheidh pleanáil á déanamh maidir leis an mbealach a ndéanfar an t-airgead deontais a fuarthas a chaitheamh.
Is gá do scoileanna iad seo a leanas a bhreithniú;
Tá tacaíocht á soláthar lena chinntiú gur féidir le scoileanna an úsáid is fearr a bhaint as an maoiniú deontais chun na hacmhainní litearthachta laistigh dá scoileanna a mhéadú. I dtaca leis sin, tá an Roinn ag obair leis an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí. Tá na Tacaíochtaí Leabharlanna Poiblí do Scoileanna comhaontaithe i gcomhar le chéile ag an Roinn Oideachais agus ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Soláthróidh Leabharlanna Poiblí bearta agus acmhainní breise i gcur chuige ina mbeidh dhá chéim chun tacú le cur i bhfeidhm na ndeontas chun leabhair, closleabhair agus ábhar eile a cheannach chun cur leis na hacmhainní litearthachta laistigh dá gcuid scoileanna.
Beidh seimineáir ghréasáin náisiúnta oscailte d’ionadaithe ó na bunscoileanna agus ó na hiar-bhunscoileanna go léir chun freastal orthu. Déanfar na seimineáir ghréasáin a thaifeadadh agus cuirfear ar fáil iad chun amharc orthu ar líne ina dhiaidh sin. Clúdóidh an chéad Seimineár Gréasáin a bhí sa scoilbhliain 2021/2022:
Bhí na seimineáir ghréasáin ar siúl ar feadh dhá lá i ndiaidh a chéile: 23 -24 Bealtaine 2022. Tá an nasc don seimineár gréasáin ar fáil anseo.
Beidh an dara sraith de sheimineáir ghréasáin ar siúl go luath sa scoilbhliain 2022/2023, agus beidh sí dírithe ar an mbailiúchán nua a uasmhéadú agus nascadh arís leis na seirbhísí leabharlainne agus leis an raon an-mhór acmhainní is féidir le leabharlanna a chur ar fáil chun tacú le:
Tharla dara sraith seimineár gréasáin i mí Dheireadh Fómhair 2022, agus í ag díriú ar an mbailiúchán nua agus arís ag ceangal le seirbhísí leabharlainne agus an réimse níos leithne acmhainní is féidir le leabharlanna a chur ar fáil chun tacú le:
Chlúdaigh an seimineár gréasáin a bhí ar siúl ar an Luan 24ú Deireadh Fómhair, Scoil Léitheoireachta a Bhunú, an chaoi scoláirí a mhealladh agus a fhorbairt mar léitheoirí. Áirítear leis an seimineár gréasáin sin na cur i láthair seo a leanas:
Is éard a bhí i gceist leis an dara seimineár a bhí ar siúl ar an gCéadaoin 26ú Deireadh Fómhair, Spás Léitheoireachta a Chruthú, ná ag díriú ar spásanna léitheoireachta / leabharlanna a fhorbairt agus leabhair a chur chun cinn. Áirítear leis sin na cur i láthair seo a leanas:
Déanfaidh gach seibhís leabharlainne cumarsáid leis na scoileanna ina gceantar údaráis áitiúil féin, agus tabharfar breac-chuntas ar na leibhéil tacaíochta is féidir leis an tseirbhís leabharlainne aonair a sholáthar go háitiúil do scoileanna laistigh den cheantar údaráis áitiúil, bunaithe ar acmhainní áitiúla.
Caithfidh gach ceannach a bheith de réir nósanna imeachta soláthair phoiblí, a chinntíonn an luach is fearr ar airgead. Ba chóir praghsanna a fháil i scríbhinn agus taifead iomlán ar an soláthar a choinneáil le haghaidh tagartha agus iniúchadh amach anseo de réir rialacha soláthair phoiblí.
Tá tacaíocht ar fáil do scoileanna ón Aonad Soláthair Scoileanna trína láthair gréasáin www.spu.ie nó ar ríomhphost procurementsupport@spu.ie . Tá treoir chabhrach Aonad Soláthair Scoileanna, Treoir do Scoileanna maidir le Dea…..
Chleachtais Soláthair ar fáil ar láithreán gréasáin Aonad Soláthair Scoileanna. Cuireann an Oifig um Sholáthar Rialtais tacaíocht agus eolas ar fáil freisin ag www.ogp.gov.ie .
Caithfidh an bord bainistíochta nósanna imeachta a bhunú a rialaíonn ceannach agus ba cheart socruithe a leagadh amach maidir le tairiscint agus ceannach earraí, sonraisc a íoc agus taifead cuntasaíochta a choinneáil. Tá na rialacha seo leagtha amach go soiléir sa Treoir do Scoileanna maidir le Dea-Chleachtais Soláthair, atá ar fáil le híoslódáil ón nasc seo.
Íocfar deontais do cheannach leabhar, closleabhar agus ábhair eile go díreach le scoileanna. Ní gá do scoileanna cur isteach ar an maoiniú sin. Amhail gach maoiniú deontais ón státchiste, ní mór go mbeadh ar chumas údaráis scoile taifid mhionsonraithe a sholáthar den bhealach ar caitheadh maoiniú, a soláthraíodh faoin scéim seo.
Ní mór go mbeadh gach caiteachas maidir leis an scéim dearbhaithe agus ní mór go mbeadh ar chumas scoileanna a chruthú gur úsáideadh an caiteachas chun ábhair a cheadaítear faoin scéim a cheannach. Ní mór sonraisc agus admhálacha a choinneáil i gcás go ndéanfadh an Roinn agus/nó an tArd-
Reachtaire Cuntas agus Ciste cigireacht iniúchóireachta.
Is gá do scoileanna sonraí faoi mheastacháin a fuarthas, sonraisc, admhálacha agus taifid ar bith eile a bhaineann le hábhar maidir le gach caiteachas a choinneáil ar feadh tréimhse seacht mbliana. Ní mór do scoileanna, i gcás go n-iarrtar sin, ráiteas scríofa maidir le caitheamh an deontais agus aon iarmhéideanna atá fanta chomh maith le heolas ábhartha eile a sholáthar don Roinn.
Má dhúntar scoil go buan, ní mór aon iarmhéid atá sa chuntas a thabhairt ar láimh don Roinn ar an dáta ar a stopann an scoil ag feidhmiú. Coimeádann an Roinn aici féin an ceart maoiniú a eisítear as maoiniú deontais eile a fhaigheann an scoil a fhorchúiteamh i gcás nach gcloíonn an scoil le ceann ar bith de théarmaí na Scéime seo.
Ní mór do scoileanna a chinntiú go gcloítear le Ciorclán: 13/2014 Bainistíocht agus Cuntasacht do Dheontais ó Chistí Státchiste Féach, le do thoil.
Tá sé de cheangal ar na Bunscoileanna, Meánscoileanna Deonacha, Pobalscoileanna agus Scoileanna Cuimsitheacha aitheanta go léir cuntais a chur faoi bhráid an Aonaid um Sheirbhísí Tacaíochta Airgeadais (FSSU) gach bliain.
Sásaíonn sé sin an ceanglas faoi Alt 18 den Acht Oideachais, 1998, go gcuirfeadh scoileanna a gcuid cuntas ar fáil le hiniúchadh ag an Aire. D'fhéadfadh sé go mbeadh scoileanna faoi réir iniúchóireachta ag FSSU mar chuid dá chlár oibre leanúnach ag tacú le scoileanna maidir le cúrsaí a bhaineann le rialachas airgeadais agus cur ar a gcumas forálacha an Achta Oideachais, 1998, a chomhlíonadh i dtaca le cuntasacht, trédhearcacht agus freagracht airgeadais i leith airgead Stáit.
Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchóireacht ar Ráitis Airgeadais Bhliantúla na mBord Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus cuirtear os comhair Thithe an Oireachtais iad, agus tugann an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí d’earnáil na mBord Oideachais agus Oiliúna dearbhú do Choiste Iniúchóireachta na mBord Oideachais agus Oiliúna go bhfuil an córas rialaithe inmheánaigh faoi mar atá sé á fheidhmiú ag an mbainistíocht feidhmiúcháin dóthanach agus ag feidhmiú go héifeachtach.