Bealaí Nua faighte ag Lucht an Chultúir lena gcuid saothar a chur os comhair an phobail le linn Ghéarchéim COVID-19
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá athrú mór curtha ag géarchéim COVID-19 ar an tslí a gcuireann ealaíontóirí a saothar i láthair agus ar an tslí a n-aimsíonn siad lucht féachana agus éisteachta.
A bhuíochas don eolaíocht agus don teicneolaíocht, tá cumas níos fearr ná riamh againn anois tabhairt faoin gcruthaitheacht, faoin nuáil agus ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a roinnt. Tá ár gcultúr níos éagsúla ná mar a bhí riamh roimhe seo.
Féadaimid tarraingt ar an iliomad traidisiún ar an oileán seo, ar an mór-roinn agus ar domhan, níos mó ná riamh cheana.
Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair le príomhpháirtithe leasmhara – na hInstitiúidí Náisiúnta Cultúir, An Chomhairle Ealaíon, Fís Éireann, RTÉ agus TG4 – lena chinntiú go mbeidh plúr ár n-acmhainní ealaíonta, cultúir agus cruthaitheachta ar fáil don phobal i gcónaí sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn. Is mian leis an Roinn leanúint uirthi ag tacú le healaíontóirí agus le hoibrithe cultúir eile chun torthaí a gcuid saothair a roinnt lena gcomhshaoránaigh, cé gur ar bhealach iomlán éagsúil atáthar á dhéanamh sin. Tá roinnt tionscnamh nua á gcur chun cinn, amhail:
Tá freagra tugtha ag go leor grúpaí pobail, eagraíochtaí cultúir agus daoine aonair ar an gcás agus riocht eile curtha ar a gcuid saothair le gur féidir teacht air ar líne. Ós rud é go mbeidh go leor leor daoine ag fanacht sa bhaile sna seachtainí amach romhainn, is mian linn aird a tharraingt ar an iliomad acmhainní ar líne atá ar fáil dóibh. D'fhéadfadh sé gur anois, sa tréimhse neamhchinnte seo, a mhúsclaití arís an grá atá ag daoine don Ghaeilge. D'fhéadfaí úsáid a bhaint as an tréimhse seo le heolas a chur ar roinnt de na seoda atá sna bailiúcháin náisiúnta atá coinnithe inár nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir.
Tá na hacmhainní sin á dtabhairt le chéile againn thíos le go bhféadfaidh daoine an méid atá ar fáil dóibh a fheiceáil, agus teacht a bheith acu ar sin go héasca. Ní liosta cuimsitheach é an liosta thíos; tá roinnt míreanna fós á bhforbairt. Cuirfear leis an liosta sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn.
Tá cuireadh á thabhairt ag Dúchas.ie d’úsáideoirí an tsuímh tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar na scéalta a bailíodh mar chuid de Bhailiúchán na Scol. Tá súil ag Dúchas.ie go gcuirfidh an obair seo le rannpháirtíocht an phobail sa tionscadal agus go gcuirfidh sé le hinrochtaineacht an ábhair chomh maith.
Cuireann Fáilte ar Líne cúrsaí ar líne faoin nGaeilge agus faoi chultúr na hÉireann a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí (glantosaitheoirí) timpeall na cruinne.
Logáil isteach anseo le teacht ar limistéar na mball TechSpace agus le hacmhainní, treoracha, cláir agus tuilleadh a íoslódáil! Beidh cúrsaí traenála i STEM, na meáin chruthaitheacha agus ríomheolaíocht ar fáil freisin.
Tá cuireadh á thabhairt ag Logainm.ie don phobal ainmneacha Gaeilge agus Béarla, móide sonraí eile, a bhaineann le mionainmneacha a ionchur ar an suíomh seo. Is deis í seo do dhaoine na mionainmneacha ina gceantar dúchais a chaomhnú agus a chomhroinnt.
Tá Coláiste na Tríonóide ag obair ar aithint chainte don Ghaeilge (smaoinigh ar Alexa). Lena aghaidh sin, teastaíonn an oiread taifeadtaí agus is féidir uathu. Ba mhór an chabhair dóibh é dá bhféadfá cúpla abairt a thaifeadadh.
Tionscnamh é Edcite As Gaeilge chun banc d’acmhainní digiteacha Éireannacha a roinnt le múinteoirí. Tá fáil ar 200 tasc digiteach gur féidir a úsáid sa seomra ranga. Tá na hábhair uile saor in aisce agus tá siad ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile lena n-úsáid sna seomraí ranga.
Fís agus ceachtanna don fhoghlaimeoir Gaeilge. I rith an téarma scoile cuirtear in airde giotaí físe as Nuacht TG4 in éineacht le cleachtaí Gaeilge bunaithe ar na scéalta nuachta sin.
Tá raon áiseanna agus gníomhaíochtaí digiteacha ar fáil ar an suíomh.
Tagann an cúrsa leis an gcur chuige atá leagtha síos i gCuraclam na Bunscoile – Gaeilge. Tá sé bunaithe ar an gcur chuige cumarsáideach agus déantar comhtháthú ann ar na ceithre scil: labhairt, éisteacht, léitheoireacht agus scríbhneoireacht.
Ar an suíomh seo tá tú in ann cuardach a dhéanamh ar do rogha focal nó frásaí sa chorpas seo ina bhfuil 3000 téacs Gaeilge ón tréimhse 1600-1926. Is féidir torthaí áirithe a roghnú agus na focail nó frásaí a léamh ina gcomhthéacs dílis sa saothar inar scríobhadh iad.
Sraith nua atá á cur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le Tuairisc.ie le siamsaíocht a chur ar fáil do theaghlaigh fad is a bheidh na páistí sa mbaile ón scoil.
Bunachar Áiseanna
Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar líne do na háiseanna atá ar fáil do theagasc na Gaeilge nó don teagasc trí Ghaeilge.
Eolaire Áiseanna Teagaisc
Tá cóipeanna leictreonacha de na leabhráin áiseanna a fhoilsíonn COGG go bliantúil ar fáil anseo.
Is ceardlann idirghníomhach é an Seó Bóthair a úsáideann cluichí, plé, agus díospóireacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn i mbealach taitneamhach. Tá Conradh na Gaeilge á eagrú mar seimineár gréasáin idirgníomhach saor in aisce sna seachtain romhainn. Is féidir le múinteoirí clárú ar líne ag www.cnag.ie/seobothair
Is acmhainn oideachais chlosamhairc é TG4 Foghlaim atá curtha in oiriúint d'fhoghlaimeoirí ag leibhéal ar bith lena gcuid scileanna teanga a fhorbairt.
Cuirfear cleachtaí atá bunaithe ar mhíreanna físe ó scoth na gclár ar TG4 ar fáil. Tá na ceachtanna féin bunaithe ar thopaicí an tsiollabais Ardteistiméireachta agus ar fáil saor in aisce.
Acmhainní ar fáil ar líne do thuismitheoirí/múinteoirí. Clár seachtainiúil le ábhar laethúil á roinnt ar na meáin shoisialta.
Lón ar an bhfón' - ciorcal comhrá ar an bhfón.Leagan leictreonach dá bhfoilseacháin scoile á gcur ar fáil den chéad uair.
Tá fáil anseo ar na taifeadtaí sean nóis atá déanta do chláir TG4 féin agus ag an Oireachtas le blianta beaga anuas.
Fiche trí (23) comórtas atá ar chlár na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Tá réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d'fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, drámaíocht agus eile.
Tá comharchumainn áitiúla ag cur réimse seirbhísí ar fáil, ina measc - seirbhís siopadóireachta, béilte ar rothaí, grúpaí ríomhphost/whatsapp , seachadh cóir leighis, spásanna gteic.
Réimse clár Gaeilge, ar fáil ar fud an domhain.
Árdáin Sóisialta: Bloc & Molscéal. Tá ábhar do lucht óige 15 – 25 bliana ar fáil ar BLOC, agus ábhar dírithe ar an Chroí Lucht Féachana ar Molscéal.
Airgead i bhFócas – tacaíonn an deontas seo le cliantchomhlachtaí maoiniú suas le €7,200 chun costais táillí comhairleoireachta tríú páirtí a chlúdach. Tacaíonn an deontas le plean airgeadais agus gnó a aithníonn riachtanais airgeadais agus foinsí féideartha maoinithe a fhorbairt.
Gníomhaigh ar Thionscnaíocht – Beidh tacaíocht ar fáil do chliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil agus a bhfuil tionchar ag an víreas ar a ngnó. Soláthraíonn an tionscnamh 2 lá comhairleoireachta comhlachta gan aon chostas breise chun tacú le comhlachtaí a láidreachtaí a threisiú i dtrí réimse gnó; Bainistíocht Airgeadais, Foinsiú Straitéiseach agus Iompar & lóistíocht.
Cuireann an Scéim Mheantóireachta tacaíocht ar fáil do mheantóir gnó a chuideoidh leat i do chéim tosaithe gnó nó a thabharfaidh comhairle faoi réimsí sonracha de do phlean.
Airgead i bhFócas – tacaíonn an deontas seo le cliantchomhlachtaí maoiniú suas le €7,200 chun costais táillí comhairleoireachta tríú páirtí a chlúdach. Tacaíonn an deontas le plean airgeadais agus gnó a aithníonn riachtanais airgeadais agus foinsí féideartha maoinithe a fhorbairt.
Ceardlanna fostaíochta ar líne le cabhrú le mic léinn sna coláisti tríú leibhéal smaoineamh faoin todhchaí & na deiseanna atá ann dóibh.
Tá glór na ngael ag cur físeán, gníomhaíochtaí, crosfhocail, dúshláin,srl ar fáil ar a meáin shoisialta do thuismitheoirí agus gasúr atá sa mbaile.
Cláir Ghaeilge do ghasúir, ar fáil ar fud an domhain.
Mion-sraitheanna spraíúla do pháistí; Damhsa, Ealaíon, Scéal an Lae, Eolaíocht, Clubanna, Léirmheas Leabhair agus eile.
An Chlár sna hEalaíona Dúchasacha a reáchtáil i seomra ranga ar líne. Ranganna amhránaíochta nó ceol uirlise a réachtáil ar líne. Á phleanáil faoi láthair.
Tá togra ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá siad ag cur le chéile leabhar speisialta dírithe ar Rang a 6 2020, a fhoilseofar roimh dheireadh na scoilbhliana seo.
Tá cuireadh a thabhairt do dhaltaí Rang a 6 i ngach Scoil Ghaeltachta ar fud na tíre píosa scríbhneoireachta a chur ar fáil faoi théamaí a bhaineann lena mblianta sa bhunscoil. Tabharfar cóip den leabhar do gach dalta agus gach scoil a bheidh páirteach.
Tuilleadh eolais ar fáil ag eolas@tuismitheoiri.ie
Tá lámhleabhar 'Seandalaíocht sa Seomra Ranga' ar líne ar fáil do mhúinteoirí agus scolairí.
Tá comórtas ealaíne á réachtáil ag an Roinn ar líne do dhaoine óga. Beidh an comórtas dírithe ar topaicí bainteach leis an nadúr chuile sheachtain.
Comórtas do dhaoine óga, dírithe ar ár n-oidhreacht ailtireachta
Sraith ar na meáin shoisialta ar stair feanléasacha.
Cuirfear seimineáir dírithe ar oidhreacht ar fáil ar líne, le 10 léachtóir difriúil.
Tá scéal ag gach duine maidir leis an bportach. Tá an Roinn ag iarraidh ar mhuintir na tíre a gcuid scéalta faoin bportach a roinnt linn. Beidh na scéalta is fearr ar fáil ar suíomh [external-link www.facebook.com/LIFEraisedbogs | www.facebook.com/LIFEraisedbogs ] agus tabharfar cuireadh do na scéalaí is fearr a scéal a roinnt linn le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta.
[external-link www.facebook.com/LIFEraisedbogs | www.facebook.com/LIFEraisedbogs ]
Sraith ar na meáin shoisialta faoi oidhreacht thógtha na hÉireann.
Feachtas eolais ar na meáin shoisialta maidir le an scéim 'Uchtaigh Séadchomhartha', le míniú agus cur i láthair ó daoine atá páirteach ann.
Tugtar cuireadh don phobal pictiúr a sheoladh chugainn dá gcuid ábhar bácála - comórtas seachtainiúil ar Facebook.
Feachtas ar na meáin shoisialta, ag roinnt íomhánna agus eolas maidir le portaigh na tíre.
[external-link www.facebook.com/LIFEraisedbogs | www.facebook.com/LIFEraisedbogs ]
Tá tús curtha le leabhar nua a bhaineann le bruachbhailte Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath. Foilseofar íomhá d'fhoirgneamh gach lá agus iarrfar ar an bpobal teideal a cuir air. Úsáidfear na teidil is fearr sa leabhar, le hainm an duine. Cuirfear cóip den leabhar ar fáil do na buaiteoirí agus tabharfar cuireadh dóibh chuig seoladh an leabhair amach anseo. Tabharfar cuireadh do dhaoine a gcuid pictiúir fhéin d'fhoirgnimh a sheoladh chugainn freisin.
Sraith scéalta le líonra na nOifigeach um Chaomhnú Ailtireachta, ag roinnt na deascéalta maidir le hOidhreacht Thógtha ón am a tháinig an tAcht i bhfeidhm.
Íomhánna d' oidhreacht ailtireachta ó chontaetha eagsúla timpeall na tíre.
Tá físeán de 15 séadchomhartha curtha ar fáil ar na meáin shoisialta ag Seirbhís an Séadchomharthaí Náisiúnta. Is féidir iad seo a fhoilsiú ar na meáin shoisialta, le eolas faoin séadchomhartha.
Foilseachán den Suirbhé ar Oidhreacht Ailtireachta Chathair Bhaile Átha Cliath, le na cuntais ar fáil ar líne.
Is feidir leis an bpobal theacht ar eolas maidir le séadchomharthaí áitiúil ar an mbreathnóir comhshaoil stairiúil ar líne.
Is féidir leis an bpobal theacht ar eolas maidir le foirgnimh stairiúla áitiúla ar líne ar an suíomh www.buildingsofireland.ie
Tá an Roinn ag fiafrú ar an bpobal íomhánna de sheanfhoirgnimh nach bhfuil ag seasamh níos mó a roinnt ar na meáin shoisialta.
Forbairt a dhéanamh ar chomhordú na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta/ ag leibhéal áitiúil, le cabhrú le heagraí ócáidí a eagrú.
Foilseofar ábhar ó Chartlann na Seirbhíse Séadchomharthaí Naisiúnta, le scéalta maidir le stair na hÉireann. Ina measc ábhar ó chomhaid topagrafacha, comhaid suímh, mapaí chomh maith le teicnící caomhnú agus scéalta stairiúil.
Déanfar forbairt ar fheachtas ar na meáin shoisialta maidir le Gréasán Mhúrbhailte na hÉireann, dírithe ar thábhacht mhúrbhailte na tíre.
Déanfar forbairt ar shraith straitéisí le cabhrú le grúpaí oidhreachta áitiúla tabhairt faoi taighde ar líne maidir le stair áitiúil a gceantar féin.
Leanfar ar aghaidh le Séadchomhartha / Foirgneamh / longbhriseadh na Seachtaine a fhoilsiú ar mheáin shoisialta na Roinne.
Foilseofar íomhánna ó Chumann Staire Ráth Michíl. Thóg grianghrafadóir na Roinne, Jim Banbury, na pictiúir seo i 1950, agus bhí siad á thaispeáint timpeall na hEorpa ag an am.
Reáchtálfar comórtas pictiúir ar na meáin shoisialta, le híomhánna dírithe ar oidhreacht na hÉireann.
Scéim ag tacú le pobail ina n-iarrachtaí chun portaigh ardaithe na hÉireann a chur chun cinn agus a chaomhnú.
Cuirfidh saineolaí físeán ar fáil, ag tabhairt míniú ar hainmneacha bláthanna eagsúla. Déanfar forbairt freisin ar sraith físeán, ag múineadh do pháistí conas éin éagsúla a tharraingt.
Ag forbairt ar an gcomórtas emoji oidhreachta a bhí ar siúl anuraidh, fiafóidh muid ar ghasúr a gcuid emoji fhéin a dhearadh agus a sheoladh chugainn.
Cuirfear míreanna mearaí ar fáil ar na meáin shoisialta, ag úsáid íomhánna de shuíomhanna oidhreachta nó foirgnimh stairiúla.
Iarrfaidh muid ar dhaoine óga séadchomharthí náisiúnta a thógáil sa bhaile, ag úsáid Lego nó Minecraft agus a roinnt linn ar na meáin shoisialta.
Cuirfear ceacht agus acmhainní ar fáil ar líne faoi conas do phodchraoladh fhéin faoi oidhreacht a chur le chéile, dírithe ar dhaoine óga.
Ceachtanna ar líne ar cén chaoi úsáid a bhaint as Bhailiúchán na Scol - ceachtanna do pháistí, mar shampla ag glaoch ar sheanthuismitheoirí le ceisteanna maidir le stair na háite etc.
Beidh an formáid céanna á úsáid do mhapaí oidhreachta agus Breathnóir Comhshaoil Stairiúil na Roinne.
Tá físeáin, gníomhaíochtaí agus ábhar eile ar fáil ar mheáin shoisialta na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Tá ceamara láithreáin beo socraithe suas ag an Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, le monatóireacht a dhéanamh ar phéire iolar mara i gContae Chorcaí.
Ábhar foghlamtha.
Sraith podchraoltaí agus lámhleabhar dírithe ar curriculum staire na hArdteiste.
Ábhar foghlamtha idirgníomhach don aosghrúpa 15-25
An clár meantóireachta agus traenála d'ealaíontóirí á chur ar fáil ar líne.
Taispeántas ar líne le BlindBoy, Deirdre Kinahan, Rosaleen McDonagh, Frank McGuinness, Enda Walsh agus Carmel Winters.
Bailiúchán digiteach, gailearaithe, stórtha inchuardaithe, agus cluichí agus leabhar gníomhaíochta ar fáil do ghasúr ar líne.
Bailúcháin grianghraif ón mbailiúchán náisiúnta.
Os cionn 100,000 lámhscríbhinní a bhaineann le Éireann.
Tá réimse ábhar ar fáil don phobal ar líne ó Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann, ina measc turais fíorúla de Mhúsaem Stair an Dúlra agus acmhainní oideachais.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar thaispeántais agus bailiúcháin an Mhúsaeim ag na naisc thíos.
Ag cur le chéile sraith gearrscannán.
Taispeántais ar Líne.
Súil siar ar sraith léachtaí a bhí ar siúl ag an músaem le 8 mbliana, ar fáil ar youtube.
Turais fíorúla agus siúlóidí 360 ar líne.
Cartlann de thaispeántas ceoil ó Other Voices.
Gréasán ar líne d'os cionn 40 grúpa oidhreachta I gCo na Gaillimhe a rinne digitiú ar ábhar oidhreachta áitiúil.
#IrishMuseumsOnline - Feachtas ar líne, ag roinnt ábhar ó músaeim na hÉireann.
Tá sé i gceist ag an gComhairle Cheardaíochta agus Dearadh na hÉireann feachtas a sheoladh dírithe ar chliaint na comhairle ábhar a chur le chéile le roinnt ar líne - agallamh, ranganna, srl.
Tá an Ceoláras Náisiúnta ag tabhairt cuireadh do cheoltóirí Éireannacha agus thar lear, ábhar físe ar líne a chruthú agus a roinnt leo ar na meáin shoisialta.
Ag cabhrú le micreafhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide seimineáir gréasáin, feachtas meáin shoisialta, forbairt ar scileanna digiteacha.
Ag cabhrú le dearthóirí nua scileanna nua a fhorbairt ar líne. Acmhainní ar líne le scileanna nua a fhoghlaim.
Comórtas dírithe ar dhearthóirí agus nuálaithe atá ag obair le na dúshláin nua a bhaineann le Covid-19. A phleanáil faoi láthair.
Leabhar dathúcháin agus stiallchartúin ghrinn bunaithe ar thaispeántais.
Litríocht do pháistí.
Leabhar dathúcháin dírithe ar Oidhreacht Chill Dara.
Tá turais fíorúla, taispeántais dhigiteacha agus acmhainní do pháistí ar fáil ar líne anseo.
Is féidir eolas a fháil ar thaispeántais Ghailearaí Ealaíne Crawford ar an suíomh idirlín thíos. Tá acmhainní ar fáil do ghasúir, tuismitheoirí, daoine óga, scoláirí, múinteoirí agus do ghrúpaí pobail freisin.
[external-link https://crawfordartgallery.ie/
Tá clár laethúil, ar fáil saor in aisce, curtha ar fáil ar shuíomh Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, ag cur i láthair ceoil, amhrán agus damhsa. Ar fáil ag www.comhaltas.ie
Tá acmhainní ar líne curtha ar fáil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann dóibh siúd atá ag staidéar ceoil thraidisiúnta na hÉireann.
Ar fáil ag www.sctexams.com
Tá cartlann físe de cheol traidisiúnta na hÉireann, amhráin, damhsa agus béaloideas bainteach le Gaillimh, An Chláir, Luimneach agus Ciarraí ar fáil anseo.
Tá CCÉ Coiste Chontae Chiarraí ag tabhairt cuireadh dá gcuid baill físeán a sheoladh chucu dóibh fhéin ag ceol nó ag gabháil foinn. Ar fáil ag http://kerrycomhaltas.ie/
Tá Cartlann Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ar fáil ag www.ComhaltasArchive.ie
Tá físeáin de cheolchoirmeacha beo Chomhaltas na hÉireann ó 2019 agus 2020 ar fáil ag https://www.facebook.com/comhaltasconcerttours/
Tá seomra ranga ar líne le nótaí, liricí agus taifead d’amhráin ar fáil dóibh siúd atá ag foghlaim amhrán.
Tá na tionscnaimh seo ar fáil ar shuíomh agus leathanach Facebook Chomhaltas na Breataine.
Tugann Acadamh Bhrú na Sí deis do bhaill den bhráinse amhráin a fhoghlaim agus a gcuid scileanna ceoil a fhorbairt agus iad sa bhaile.
Is féidir le baill den bhráinse clárú trí ríomhphost a sheoladh chuig - youghal@comhaltas.ie
Is féidir leat súil a chaitheamh ar físeán de chuid de léirithe ón bhféile ag http://fleadhnua.com/index.php/archive
Tá dánta agus scéalta as Gaeilge ar fáil ag https://comhaltas.ie/education/comhra/
Tá acmhainní ar líne do leantóirí cheoil traidisiúnta na Mumhan ar fáil ag http://www.munstercomhaltas.ie/
Clár uile-Rialtais cultúir agus folláine a spreagann agus a athraíonn daoine, áiteanna agus pobail trí bheith cruthaitheach.
Tá réimse leathan ábhar ar fáil ar líne do gach aoisghrúpa tríd #createathome. Tá an feachtas seo dírithe ar ghníomhaíochtaí a chuireann le meabhairshláinte agus folláine le linn an tréimhse seo.
Is lá náisiúnta na hÉireann don ghníomhaíocht chruthaitheach saor in aisce do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois 18 é Cruinniú na nÓg. Tá Clár Éire Ildánach i gcomhar le hÁirc Damhsa, Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann, Great Lighthouses of Ireland, Fighting Words, Whizz Kids Training agus RTÉ ar cur tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil ar líne chun a chur ar chumas leanaí agus daoine óga féith na cruthaitheachta a chur ag obair.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://cruinniu.creativeireland.gov.ie/
Tá go leor acmhainní ar fáil ar líne ag Músaem Cathrach na Gaillimhe. Is féidir leat súil a chaitheamh ar a gcuid taispeántais agus gailearaithe; éisteacht le phodchraoltaí agus aithne a chur ar a gcuid déantáin éagsúla.
Is Cartlann Náisiúnta na hÉireann an taiscleann oifigiúil do thaifid stáit in Éirinn.
Is daonáirimh 1901 agus 1911 an dá daonáireamh iomlán d’Éireann atá ar fáil don phobail. Clúdaíonn siad oileán na hÉireann ina iomlán.
Déanann an suíomh seo cur síos ar fhorbairt stairiúil na hÉireann idir 1912 agus 1923, deich mbliana racánacha agus claochlaithe i stair na hÉireann.