Creat-Treoir Straitéis na Mara (CTSM)
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le Marine Strategy Framework Directive ceanglaítear ar bhallstáit na hEorpa, Éire san áireamh, dea-stádas comhshaoil (DSC) a bhaint amach i gcomhshaoil na mara faoin mbliain 2020 ar a dhéanaí. Tá an treoir an-chosúil leis an gCreat-Treoir Uisce, ach gur ar chomhshaol na mara atá an fócas.
Ciallaíonn dea-stádas comhshaoil i gcomhshaol na mara go mbíonn na farraigí glan, sláintiúil agus táirgiúil agus go gcoinnítear an úsáid a bhaineann an duine as comhshaol na mara ar leibhéal inbhuanaithe.
Faoin treoir, caithfear ár n-uiscí mara a mheasúnú i gcoinne sraith caighdeán comhaontaithe lena gcuimsítear roinnt réimsí tábhachtacha comhshaoil (m.sh. an bhithéagsúlacht, stoic éisc, agus éilleáin). Bunaithe ar an measúnacht, caithfear targaidí agus táscairí cuí comhshaoil a shocrú agus cláir bheart a chur i bhfeidhm chun DSC a bhaint amach. Tá an fráma ama seo a leanas comhaontaithe:
Toisc a leithne is a bhíonn saincheisteanna mara, oibríonn ceithre roinn eile rialtais in éineacht linn chun an obair, a gceanglaítear orainn a dhéanamh leis an treoir, a chur i gcrích. Is iad seo a leanas na Ranna: An Roinn Talmhaíochta, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha. Beidh ról mór le himirt ag Foras na Mara freisin leis an Treoir a chomhlíonadh.
Cé gurb é príomhchuspóir na treorach comhshaol na mara a chosaint agus a chaomhnú, nuair a chinntítear go gcuirfear an treoir i ngníomh i gceart, tiocfaidh forbairt inbhuanaithe dá thoradh sin sna réimsí aitheanta. Cabhróidh sé le geilleagar aigéin na hÉireann a fhorbairt freisin:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir le Creat-Treoir Straitéis na Mara, téigh i dteagmháil le rannán mara agus urthrá na roinne ar +353 (0)1 888 2000.