I bhfianaise an chaoi a bhfuil rudaí anseo agus thar sáile, is é an rud is sábháilte faoi láthair gan taisteal thar lear.
Glactar leis go bhfuil cuid mhór daoine ar gá dóibh taisteal isteach go hÉirinn agus amach chun feidhmeanna riachtanacha a chur i gcrích. Tá slabhraí soláthair bunriachtanacha freisin i gceist lena mbítear ag brath ar na bealaí iompair agus taistil sin chun bia, cógais leighis agus earraí eile a thabhairt isteach go hÉirinn a bhfuil barrthábhacht leo maidir le cúrsaí sláinte agus eacnamaíochta. Ar na cúiseanna sin, ní mór leanúint le taisteal idirnáisiúnta.
Táthar ag iarraidh ar phaisinéirí a thagann go hÉirinn srian a chur lena gcuid gluaiseachta ionas gur lú an seans go dtabharfaí COVID-19 isteach agus go scaipfeadh sé i measc gaolta, muintir na háite nó comhghleacaithe oibre.
Tá líon beag áiteanna a mbaineann malairt comhairle leo. I ndáil leis na háiteanna sin, tá aontaithe ag an Rialtas gur 'gnáthbhearta cúraim ' comhairle taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha ina leith.
Ní iarrtar ar dhaoine ar as na háiteanna sin a thagann siad srian a chur lena gcuid gluaiseachta, ach is ceart dóibh déanamh de réir na comhairle maidir leis an tsláinte phoiblí mar atá i bhfeidhm i ndáil leis an uile dhuine in Éirinn.
Déantar athbhreithniú go tráthrialta ar an Liosta Glas maidir le COVID-19 de réir lón comhairle ó oifigigh éagsúla, saineolaithe sláinte poiblí san áireamh, agus déanfar an liosta a leasú de réir mar is gá.
Tá brostú go fóill faoin bpaindéim COVID-19 go hidirnáisiúnta. Tá contúirt shuntasach ag rith le taisteal idirnáisiúnta agus tá teorainn leis an gcúnamh consail is féidir a chur ar fáil.
Sa chás go ndéanann tú taisteal, is ceart duit eolas a chur ar na coinníollacha atá i bhfeidhm san áit ina bhfuil turas á thabhairt agat.
Tá srianta ar eitiltí agus bealaí eitleáin á gcur ar ceal lá i ndiaidh an lae ar fud an domhain agus ní féidir a bheith cinnte go leanfaidh bealaí eitleáin á n-oibriú de réir na sceideal.
D'fhéadfadh go gcuirfí coinníollacha tástála nó srianta eile i bhfeidhm nó d'fhéadfadh a leithéid a bheith i bhfeidhm cheana féin in áiteanna thar lear. Is tábhachtach an rud seiceáil le do chomhlacht árachais faoi na nithe a thagann faoi scáth do pholasaí faoi láthair.
Filleadh go hÉirinn as áit nach bhfuil ar an Liosta Glas maidir le COVID-19