Clárú SAFE agus an Cárta Seirbhísí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is próiseas é Clárú SAFE (Creat-Thimpeallacht i gcomhair Fíordheimhniú Caighdeáin) a úsáideann an Roinn chun d’aitheantas a fhíorú nuair a dhéanann tú iarratas ar Chárta Seirbhísí Poiblí (PSC).
Is féidir leat PSC a úsáid chun d’aitheantas a chruthú nuair a dhéanann tú seirbhísí poiblí a rochtain in Éirinn. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh clárú SAFE agus PSC tú a chosaint i gcoinne bradaíl aitheantais nuair a bhíonn na seirbhísí seo á rochtain agat.
Ní mór go mbeadh cónaí ar dhuine in Éirinn chun clárú le haghaidh SAFE. Ní eiseofar Cárta Seirbhísí Poiblí (PSC) ach chuig seoladh in Éirinn.
Tógann sé thart ar 15 nóiméad coinne Chlárú SAFE a chur i gcrích agus go hiondúil is féidir é seo a dhéanamh ag Ionaid Chláraithe PSC/SAFE .
Tarlóidh an méid seo a leanas i rith na coinne:
Má tá tú faoi 18 mbliana d’aois agus más mian leat PSC a fháil, ní mór do do thuismitheoir nó do do chaomhnóir freastal ar an gcoinne in éineacht leat.
Is féidir cárta a bhfuil an dáta air imithe in éag a úsáid chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
Más mian leat do PSC a athnuachan is féidir leat é sin a dhéanamh mar seo a leanas:
Ní mór duit dul chomh fada le Ionad Cláraithe PSC/SAFE chun d’ainm a athrú de bhrí go mbeidh síniú nua ag teastáil.
Chun an t-ainm ar do Chárta Seirbhísí Poiblí (PSC) a athrú, ní mór duit fianaise a sholáthar go bhfuil d’ainm nua in úsáid le haghaidh 2 bhliain. Chun é seo a dhéanamh, ní mór duit 2 cheann de na doiciméid seo a leanas ar a laghad a sholáthar, ar a bhfuil dátaí a théann siar 2 bhliain ar a laghad:
Chun d’ainm a athrú ar do PSC i ndiaidh pósta nó páirtnéireachta sibhialta, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Chun d’ainm a athrú ar do PSC chuig d’ainm réamhphósta nó d’ainm réamhpháirtnéireachta sibhialta, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Is doiciméad sínithe é gníomhas aonpháirtí a úsáidtear chun cur in iúl go bhfuil sé beartaithe agat d’ainm a athrú. Sonraítear an méid seo a leanas ar ghníomhas aonpháirtí:
Má tá d’ainm athraithe trí ghníomhas aonpháirtí agat, ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil:
Taispeántar an méid seo a leanas ar aghaidh an PSC:
Taispeántar an méid seo a leanas ar chúl an PSC:
Má tá tú cáilithe le haghaidh saorthaistil, beidh PSC ag teastáil uait de bhrí go n-úsáidtear é chun an Scéim Saorthaistil a rochtain.
Má tá tú i dteideal saorthaistil taispeánfar ceann de na cóid seo a leanas sa chúinne in uachtar ar chlé de do PSC:
Má chailltear, má ghoidtear nó má dhéantar damáiste do do PSC, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach na Seirbhísí Poiblí láithreach: