Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Le linn 2024 beidh ciste ar bun ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán d’Fhéilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag chun tacú le sprioc ardleibhéil na Roinne maidir le rochtain a fheabhsú ar na hearnálacha ealaíon, cultúir agus scannán agus le haitheantas a thabhairt do ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin in Éirinn.
Cuireann na tionscadail go mór le forbairt agus le cur chun cinn thurasóireacht chultúrtha inmharthana na hÉireann, chun leasa an turasóra baile agus eachtrannaigh araon agus is gné thábhachtach iad de chur i gcrích na gceangaltas turasóireachta cultúrtha i gClár an Rialtais.
Tá sé i gceist go mbeidh uasmhéid an chistithe in aghaidh gach iarratasóra thart ar €5,000.
Cuidíonn an scéim seo leis an Roinn a cuspóir a bhaint amach maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus pobail chun páirt a ghlacadh sna healaíona, i gcúrsaí gcultúir agus i gcruthaitheacht agus é sin a fhorbairt, d’fhonn beatha daoine a shaibhriú trí ghníomhaíocht chultúrtha. Ní mór do thionscadail a maoineofar faoin scéim seo rochtain ar earnálacha na n-ealaíon, an chultúir agus na scannán a fheabhsú chun ról sóisialta agus eacnamaíoch na n-earnálacha sin in Éirinn a aithint.
Tá an Scéim i gcomhair Féilte agus Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag forchoimeádta d’fhéilte agus scoileanna samhraidh neamhbhrabúis agus imeachtaí eile cosúil leo.
Tá an Scéim deartha chun tacú le féilte cultúir áitiúla agus le scoileanna samhraidh nach bhfuil airgead de chuid an Rialtais láir á fháil acu agus b’fhéidir nach bhfuil incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d'imeachtaí mórscála a fhaigheann tacaíocht ó Fáilte Ireland, ón gComhairle Ealaíon agus ó chomhlachtaí den chineál céanna. Níl imeachtaí atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Fáilte Ireland incháilithe.
Ní mór d'iarratasóirí:
• gan bheith ag fáil maoiniú ón gComhairle Ealaíon nó ó Fáilte Ireland don imeacht atá mar ábhar an iarratais. Áirítear leis sin bunmhaoiniú na Comhairle Ealaíon/Fáilte Ireland i gcás inar cuid den bhunghnó an t-imeacht.
• an cuspóir, an sprioc agus an toradh deiridh atáthar ag obair ina threo maidir leis an tionscadal beartaithe a leagan amach go soiléir;
• a mhéid is a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na Scéime a léiriú, le tagairt faoi leith do ghné na Scoileanna Samhraidh nó na bhFéiltí;
• costais agus ioncam uile an tionscadail a shonrú i bhformáid tábla;
• a dheimhniú nach mbíonn na comhlachtaí, na heagraíochtaí ná na forais ag feidhmiú ar mhaithe le brabús a dhéanamh; d’fhéadfadh an Roinn fianaise a lorg ar nós an Meabhrán & Airteagail Chomhlachais chun an stádas neamhbhrabúis a léiriú.
• achoimre a thabhairt ar shonraí maidir le maoiniú ó aon chomhlacht poiblí eile nó a thabhairt le fios go soiléir nach bhfuil maoiniú den sórt sin á fháil agat;
• a dheimhniú gur féidir an tionscadal a bhaint amach maidir leis an scála, leis an acmhainn chun é a sheachadadh, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh;
• barántas a thabhairt go bhfuil na léirithe ar fad atá déanta ar mhaithe leis an iarratas ar mhaoiniú a bhaint amach cruinn agus fíor;
• na ceadúnais rialacháin riachtanacha a bheith i bhfeidhm;
• a bheith comhlíontach maidir le cúrsaí cánach- Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir iarratais a mheasúnú gan uimhir thagartha cánach
• cóipeanna d'árachas don imeacht/ árachas dliteanais phoiblí / árachas cuí eile a chur ar fáil;
• mionsonraí a chur ar fáil maidir le tionscnaimh a bhaineann le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; an Ghaeilge; nó Gníomhú ar son na hAeráide;
• fianaise a chur ar fáil gur chláraigh an eagraíocht leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú https://www.safetocreate.ie/ga/abhaile/ ; agus
• gan hipearnaisc chuig ábhar breise a úsáid mar nach n-áireofar sa mheasúnú an méid sin
Déanfar measúnú ar iarratais ar bhonn iomaíoch agus ní bheidh aon dul thar chinneadh an choiste measúnachta.
Má éiríonn leis an iarratas, beidh dearbhú ag teastáil uainn gur tugadh fógra don Údarás Áitiúil ar a laghad mí amháin roimh an imeacht.
Beidh na critéir cháilitheachta seo a leanas i bhfeidhm:
Beidh na critéir cháilitheachta seo a leanas i bhfeidhm:
• Ní dhéanfar measúnú ach ar iarratas amháin ó gach comhlacht i gcomhair imeacht nó tionscadal amháin
• Níl cead ag iarratasóirí cur isteach ar mhaoiniú faoi scéim ar bith eile a chuireann Aonad na Scéimeanna Cultúrtha ar fáil (Scéim Taispeántais na Músaem Réigiúnach, Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann, Scéim Maoinithe d'Fhéilte agus do Scoileanna Samhraidh Áitiúla ar Scála Beag, Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán) don tionscadal céanna. Má chuireann an tionscadal céanna isteach ar níos mó ná scéim amháin, d’fhéadfaí diúltú don dá iarratas nó d'aon iarratas a tugadh isteach
• Ní bheidh iarratasóirí a bhfuil maoiniú díreach á chur ar fáil dóibh ag Fáilte Ireland agus ag an gComhairle Ealaíon incháilithe do mhaoiniú faoin Scéim seo
• Má tá eagraíocht nó imeacht ag fáil bunmhaoiniú oibriúcháin (is é sin, maoiniú díreach ó rannóg an Chultúir) ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, níl sé incháilithe do mhaoiniú faoin scéim seo
• Ní mór d’eagraíochtaí clárú leis an gCód Iompair Sábháilte le Cruthú le go measfaí iad a bheith incháilithe https://www.safetocreate.ie/ga/abhaile/
Déanfar íocaíocht nuair a bheidh sonraisc íoctha faighte in éineacht le tuarascálacha ábhartha agus cruthúnas ar íocaíocht i riocht ráitis bainc. Ní féidir íocaíochtaí in airgead tirim a chúiteamh.
Mura gcomhlíontar na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an maoiniú, d’fhéadfaí maoiniú a tharraingt siar agus/nó cosc a chur ar iarratas a chur isteach ar scéimeanna eile ar feadh téarma seasta.
Chun tuilleadh soiléireachta a thabhairt, seo thíos liosta de na nithe a thagann lasmuigh de raon na scéime agus nach mbeidh incháilithe do mhaoiniú. Ní liosta cuimsitheach é seo agus forchoimeádann an coiste measúnaithe an ceart aon iarratas a dhiúltú.
1. Tionscadail chaipitil (e.g. trealamh, uirlisí ceoil, plaiceanna, dealbha, srl.)
2. Laethanta spóirt agus imeachtaí spóirt
3. Imeachtaí Laethanta Spraoi do Theaghlaigh (Preabchaisleáin, Fir Ghrinn agus Péinteáil Aghaidheanna, srl)
4. Campaí aclaíochta
5. Féilte Bia
6. Imeachtaí tráchtála / Fiontar chun brabús a bhaint amach
7. Imeachtaí na mBailte Slachtmhara
8. Fáiltithe, lena n-áirítear lónadóireacht agus alcól
9. Lóistín, cothú agus béilí
10. Íocaíochtaí in airgead tirim
11. Míleáiste / costais taistil
12. Duaiseanna agus Dearbháin
13. Bronntanais
14. Sonraisc in ainm an iarratasóra/na heagraíochta nó cuideachtaí faoi úinéireacht an iarratasóra
15. Costais rialta oibriúcháin, tuarastail, forchostais agus táillí cuntasaíochta san áireamh
Marcálfar na hiarratais bunaithe ar na critéir seo a leanas:
• A mhéid a chomhlíonann an tionscadal cuspóirí na scéime
• Réalaíoch maidir leis an scála, leis na costais, leis an gcúnamh atá á lorg, agus leis an amlíne chun é a sheachadadh
• Acmhainn an tionscadal a sheachadadh a léiriú
• Leibhéal na ranníocaíochta pearsanta nó tacaíochta (neamhstáit) i leith an tionscadail
• Tionscnaimh maidir le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; an Ghaeilge nó Gníomhú ar son na hAeráide a chur san áireamh
Is féidir gach ceist a chur ar an ríomhphost chuig F&SS@tcagsm.gov.ie
Má tá uimhir iarratais agaibh, luaigh an uimhir sin sa chomhfhreagras go léir a dhéanfar.
Féadfar uasdátú a dhéanamh ar an doiciméad seo ó am go chéile.
Na daoine ar féidir leo achomharc a dheanamh:
Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh i gcás ina measann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun a iarratas a athbhreithniú. Ní mór ríomhphost cinnteoireachta a bheith ag an iarratasóir ó Aonad na Scéimeanna Cultúrtha chun achomharc a dhéanamh.
Conas achomharc a dhéanamh:
Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist cinnteoireachta. Is gá go leagfar forais d'achomhairc amach go soiléir i ríomhphost ar cheart a sheoladh chuig Oifigeach Achomhairc Aonad na Scéimeanna Cultúrtha ag F&SS@tcagsm.gov.ie le "Achomharc" i dteannta uimhir d'iarratais i line ábhair an ríomhphoist.
13:00 ar an 26 Aibreán 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais do mhaoiniú faoin Scéim.
Ní mór aon mhaoiniú a leithdháiltear a tharraingt anuas de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá leagtha síos sa litir thairisceana tráth faoin 27 Meán Fómhair 2024. Ní ghlacfar le hiarratais ar íocaíocht i ndiaidh an dáta deiridh agus tarraingeofar siar maoiniú ó thionscadail nach bhfuil an maoiniú ar fad tarraingthe anuas acu faoin dáta sin.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, is féidir sonraí atá in iarratais agus i gcáipéisí tacaíochta a chur ar fáil do thríú páirtithe má iarrtar sin. Má tá eolas san iarratas atá íogair, tabhair sin le fios agus mínigh cén fáth nár cheart an t-eolas sin a nochtadh. Má fhaightear iarratas chun eolas íogair a nochtadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh ar cheart an t-eolas a nochtadh nó nár cheart. Ach, sa chás nach bhfuil aon eolas ar leith sainaitheanta mar eolas atá íogair, ní gá dul i gcomhairle leat sula ndéanfar é a nochtadh.
Tá an Roinn tiomanta do phríobháideachas a chosaint agus meas againn air agus cuireann sí bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta chun aon críche seachas chun na críche dár bailíodh iad. D'fhéadfaí sonraí pearsanta a roinnt le Ranna Rialtais eile, údaráis áitiúla, gníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne nó comhlachtaí poiblí eile, i gcúinsí áirithe ina bhforáiltear dó seo faoin dlí.
Ní choinneoidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta ach ar feadh an achair ama is gá chun na críocha dár bailíodh iad agus iad a phróiseáil ina dhiaidh sin. Nuair atá an riachtanas gnó atá ann an t-eolas seo a choinneáil imithe in éag, déanfar na sonraí pearsanta a scrúdú d'fhonn iad a scriosadh chomh luath agus is féidir agus de réir pholasaí na Roinne. Is féidir tuilleadh eolais maidir le Cosaint Sonraí a fháil ar ár láithreán gréasáin: https://www.gov.ie/en/organisation-information/023ba-data-protection/
Tabhair faoi deara go bhfoilseofar fógra oifigiúil le leithdháiltí ceadaithe ar láithreán gréasáin na Roinne.
Ní mór d’iarratasóirí treoirlínte na Scéime a léamh sula gcuireann siad tús le hiarratas. Tá an fhoirm iarratais ar fáil anseo https://artsandculture.submit.com/show/51. Beidh ar an iarratasóir clárú sula gcuireann siad tús le hiarratas.
Ba chóir don iarratasóir a chinntiú go bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe ina hiomláine agus curtha isteach. Is féidir dréacht-leagan den iarratas a shábháil sula gcuirtear isteach é – ach tabhair faoi deara le do thoil nach mbreithneofar dréacht-iarratais ná iarratais a chuirtear isteach i ndiaidh an spriocdháta.
I ndiaidh foirm iarratais a chur isteach seolfar ríomhphost dearbhaithe ó Submit.com chuig seoladh ríomhphoist an iarratasóra. Mura bhfuarthas an ríomhphost seo, níor cuireadh an fhoirm iarratais isteach mar is ceart, agus ní féidir é a bhreithniú. Mura bhfuil dearbhú aighneachta faighte agat déan teagmháil leis an Roinn chomh luath agus is féidir tar éis na haighneachta chun a chinntiú go bhfuarthas d’iarratas.