Leagtar amach i Straitéis Leithdháilte Vacsaín COVID-19 liosta tosaíochta sealadach de ghrúpaí le haghaidh vacsaínithe a luaithe a bheidh údarú faighte ag vacsaín(í) sábháilte agus éifeachtach(a) ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA).
D'fhorbair an Coiste Comhairleach Náisiúnta Imdhíonta (NIAC) agus an Roinn Sláinte an Straitéis, le tacaíocht ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET), agus ceadaithe ag an Rialtas an 8 Nollaig 2020.
Is cuid eile í an Straitéis i bhfreagra an Stáit ar phaindéim COVID-19, agus tiocfaidh sí chun cinn agus rachaidh sí in oiriúint le faisnéis níos mionsonraithe faoi na vacsaíní agus a n-éifeachtacht.
Is é seo an t-ordú sealadach ina ndéanfar muintir na hÉireann a vacsaíniú i gcoinne COVID-19.
1 | Daoine atá 65 bliana d’aois agus níos sine atá ina gcónaí in áiseanna cúraim fhadtéarmaigh (is dóigh go gcuimseofar gach ball foirne agus cónaitheoir ar an láthair) |
2 | Oibrithe cúram sláinte sa líne tosaigh |
3 | Daoine 70 bliain d’aois agus níos sine |
4 | Daoine 16-69 bliana d’aois a bhfuil riocht sláinte orthu agus atá i mbaol ó ghéarbhreoiteacht agus báis dá bharr |
5 | Daoine atá idir 65-69 bliain d’aois a chuireann a bhunghalar iad i mbaol an ard ó ghéarbhreoiteacht agus báis |
6 | Daoine eile idir 65-69 bliain d’aois, oibrithe cúram sláinte eile nach bhfuil i dteagmháil dhíreach le hothair, agus oibrithe lárnacha atá riachtanach don chlár vacsaíne |
7 | Daoine idir 16-64 bliain d’aois a bhfuil bunghalar orthu agus atá i mbaol ó ghéarbhreoiteacht agus báis dá bharr |
8 | Cónaitheoirí in áiseanna cúraim fhadtéarmaigh atá idir 18-64 bliain d’aois |
9 | Daoine 18-64 bliana d’aois atá ina gcónaí nó ag obair i suíomhanna plódaithe |
10 | Oibrithe lárnacha i bpoist riachtanacha nach féidir leo riosca ard nochta a sheachaint |
11 | Daoine atá ag obair in earnáil an oideachais |
12 | Daoine idir 55 -64 bliain d’aois |
13 | Oibrithe eile i ngairmeacha atá tábhachtach d’fheidhmiú na sochaí |
14 | Daoine eile idir 18 -54 bliain d’aois |
15 | Daoine faoi 18 mbliana d’aois agus mná ag iompar clainne |
Smaoinigh ar vacsaíniú a thairiscint do gach cónaitheoir agus ball foirne ar an láthair.
Réasúnaíocht
Is mó atá i mbaol breoiteachta troime agus báis.
In Éirinn, sa chéad bhabhta de COVID-19, tharla 56% de na básanna sa chatagóir seo.
Prionsabail Eiticiúla
Ag teacht leis an bprionsabal maidir le díobháil a íoslaghdú, chosnódh vacsaíniú an ghrúpa seo iad siúd is mó atá i mbaol drochthoraidh ó ionfhabhtú. Cloíonn sé le prionsabal an chomhionannais mhorálta agus le prionsabal na cothroime maidir leis an ualach díréireach atá ar an ngrúpa seo a shainaithint.
Oibrithe cúram sláinte sa líne tosaigh (HCWanna)* a bhfuil teagmháil dhíreach acu le othair (lena n-áirítear vacsaíneoirí) nó atá i mbaol a bheith nochta do shreabháin choirp nó aerasóil agus dóibh siúd a sholáthraíonn seirbhísí atá riachtanach don chlár vacsaínithe.
Réasúnaíocht
I mbaol an-ard nó ard nochta agus/nó tarchuir. Sa chéad bhabhta bhain níos mó ná 30% de chásanna le oibrithe cúraim sláinte.
Prionsabail Eiticiúla
Baintear amach an prionsabal maidir le díobháil a íoslaghdú, toisc go bhfabhróidh sochar d’oibrithe cúram sláinte agus do na hothair a dtugann siad aire dóibh, rud a tháirgeann éifeacht iolraitheora. Tá dualgas bunaithe ar chómhalartacht ag an tsochaí freisin maidir leo siúd a bhfuil rioscaí breise rompu a chosaint chun leas daoine eile a chosaint.
San ord seo a leanas: 85 agus níos sine, 80-84, 75-79, 70-74.
Réasúnaíocht
I mbaol níos airde ospidéalaithe agus báis.
Prionsabail Eiticiúla
Tá an prionsabal maidir le díobháil, comhionannas morálta agus cothroime a íoslaghdú ábhartha mar tá an grúpa seo i mbaol níos mó ualaí díréireacha ón bpaindéim a bheith curtha orthu.
Gach othar a bhfuil ailse ortha atá ag fáil (agus/nó laistigh de 6 seachtaine tar éis teiripe a fháil) teiripe shistéamach le ceimiteiripe cíteatocsaineach, teiripe spriocdhírithe, antasubstaintí monoclónacha nó imdhíon-teiripí agus máinliacht radacach nó radaiteiripe d’ailse scamhóg nó ailse chinn agus mhuiníl.
Gach othar a bhfuil ailsí aibithe/ metastatacha orthu.
Galar duánach ainsealach, ar scagdhealú, nó eGFR <15 ml / nóim.
Galar néareolaíoch ainsealach nó riocht le cliseadh aerála éabhlóideach (a bhfuil gá le aeráil neamh-ionrach dó), mar shampla: galar néarón luadrach, seargadh matánach dromlaigh.
Dianghalar riospráide ainsealach, mar shampla: fiobróis chisteach throm, COPD trom, fiobróis scamhógach throm.
Diaibéiteas neamhrialaithe, mar shampla: HbA1C ≥58mmol/mol.
Imdhíon-lagaithe trom mar gheall ar ghalar nó cóireáil, mar shampla:
Neamhoird meitibileachta idirghabhálaí / atá i mbaol díchúitimh ghéarmhíochaine, mar shampla: Galar Fuail Síoróip Mhailpe.
Siondróm Down.
BMI> 40 Kg/m2.
Críochnófar na grúpaí seo i gcomhthreo.
Réasúnaíocht
I mbaol ard ospidéalaithe agus báis.
Prionsabail Eiticiúla
Trí na daoine is mó atá i mbaol drochthorthaí ón ngalar a chosaint, seasfar leis an bprionsabal maidir leis an dochar a íoslaghdú.
Réasúnaíocht
Seirbhísí sláinte riachtanacha a sholáthar, othair a chosaint.
Prionsabail Eiticiúla
Cothabháil seirbhísí cúraim sláinte, íoslaghdaítear díobháil trí ghortú, breoiteacht agus bás a chosc ó chúiseanna seachas COVID, agus seasfar leis an bprionsabal cómhalartachta.
Réasúnaíocht
Seirbhísí a sholáthar atá riachtanach don chlár vacsaínithe.
Prionsabail Eiticiúla
Seasann sé leis an bprionsabal an dochar a íoslaghdú trí fheidhmiú leanúnach seirbhísí riachtanacha a chosaint. Seasfar le prionsabal na cómhalartachta.
Haemaiteolaíoch - laistigh de bhliain amháin.
Haemaiteolaíoch - laistigh de 1 - 5 bliana.
Neamh-haemaiteolaíoch - laistigh de bhliain amháin.
Gach ailsí eile ar chóireáil neamh-hormónach.
Galar croí ainsealach, mar shampla: cliseadh croí, galar cairdiach hipirtheannasach.
Galar duánach ainsealach le eGFR <30ml / min.
Galar ae ainsealach, mar shampla: cioróis nó fiobróis.
Galar nó riocht néareolaíoch ainsealach a chuireann isteach go mór ar fheidhm riospráide agus/nó ar an gcumas táil a ghlanadh, mar shampla: Galar Parkinson, pairilis cheirbreach.
Galar riospráide ainsealach eile, mar shampla: fiobróis chisteach chobhsaí, plúchadh mór (úsáid corticosteroidí sistéamacha ar bhonn leanúnach nó athúsáid díobh), COPD measartha.
Gach diaibéiteas eile (Cineál 1 agus 2).
Imdhíon-lagaithe mar gheall ar ghalar nó cóireáil, mar shampla: stéaróidigh sistéamacha ard-dáileoige (mar a shainmhínítear i dTreoirlínte um Imdhíonadh d’Éirinn Caibidil 3), daoine a bhfuil VEID orthu.
Neamhoird meitibileachta idirghabhálaí nach gcomhlíonann critéir maidir le riosca an-ard.
Míchumas intleachtúil *** gan Siondróm Down a áireamh.
BMI> 35 Kg/m2.
Meabhairghalar tromh, mar shampla: scitsifréine, neamhord dépholach, dúlagar trom.
*riochtaí míochaine breise nó nuashonraithe
**APECED - diostróife eict-dheirmeach candaidiáise inchríneach uathimdhíonachta
***Sainmhíniú ESD ar mhíchumas intleachtúil mar “lagaithe i bhfeidhmiú oiriúnaitheach, sóisialta agus intleachtúil (IQ <70), a éilíonn tacaíocht laethúil, a thosaíonn sa chéim fhorbartha (<18 mbliana)”
Réasúnaíocht
Riosca ard tras-seolta.
Prionsabail Eiticiúla
Tá prionsabail an chomhionannais mhorálta agus na cothroime infheidhmithe, i bhfianaise an riosca níos airde de nochtadh d’ionfhabhtú agus an leochaileacht a d’fhéadfadh a bheith ag roinnt daoine nach mbeadh in ann a leasanna féin a chosaint go leordhóthanach.
Réasúnaíocht
Is dóichí go mbeidh ualach níos airde ionfhabhtaithe ar ghrúpaí sociodemagrafacha faoi mhíbhuntáiste.
Prionsabail Eiticiúla
Tá baint ag prionsabail an chomhionannais mhorálta, an dochar a íoslaghdú (go háirithe i gcomhthéacs teaghlach ilghlúine) agus cothroime. Le tosaíocht a thabhairt don ghrúpa seo, aithnítear go mbíonn daoine áirithe níos leochailí ná COVID-19 mar gheall ar neamhionannas struchtúrach.
Cuimsítear anseo oibrithe sa chóras soláthair bia, iompar poiblí agus tráchtála agus seirbhísí ríthábhachtacha eile.
Réasúnaíocht
Riosca ard nochta toisc nach bhfuiltear in ann oibriú gan scaradh fisiceach.
Prionsabail Eiticiúla
Seastar leis an bprionsabal chun díobháil a íoslaghdú trí bhriseadh sochaíoch agus eacnamaíoch a laghdú agus aithníonn prionsabal na cómhalartachta an riosca breise atá ag na grúpaí seo maidir le seirbhísí riachtanacha a sholáthar.
Ina measc seo tá baill foirne scoile bunscoile agus dara leibhéal, cúntóirí riachtanas speisialta, oibrithe cúraim leanaí, oibrithe cothabhála, tiománaithe bus scoile.
Réasúnaíocht
Chun oideachas lánaimseartha a choinneáil ar oscailt do na leanaí uile a raibh tionchar díréireach ag an bpaindéim orthu.
Prionsabail Eiticiúla
Trí fhorbairt oideachasúil agus shóisialta na leanaí a choimeád agus fostaíocht tuismitheoirí a éascú, seastar leis an bprionsabal de dhochar a íoslaghdú. Tá prionsabal na cómhalartachta ábhartha freisin i bhfianaise an riosca breise a d’fhéadfadh a bheith ag grúpaí den sórt sin.
Réasúnaíocht
Bunaithe ar riosca ospidéalaithe.
Prionsabail Eiticiúla
Tá prionsabail maidir leis an gcomhionannas morálta, an dochar a íoslaghdú agus an chothroime i bhfeidhm.
Mar shampla: institiúidí tríú leibhéal, tionscail siamsaíochta agus táirgeachta earraí a oibríonn i suíomhanna inar féidir bearta cosanta a leanúint gan mórán deacrachta.
Réasúnaíocht
Riosca measartha nochta.
Prionsabail Eiticiúla
Seastar leis an bprionsabal maidir le díobháil a íoslaghdú d’fhonn gníomhaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a chumasú má dhéantar cosaint ar oibrithe riachtanacha atá ag teastáil chun bonneagar criticiúil agus seirbhísí tábhachtacha eile a chothabháil. Tá prionsabal na cothroime agus an chomhionannais mhorálta i bhfeidhm freisin.
Réasúnaíocht
Má léiríonn fianaise go gcuireann an vacsaín/na vacsaíní cosc ar tharchur, ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh siúd atá 18-34 bliana d’aois mar gheall ar a leibhéal méadaithe teagmhála sóisialta agus a ról i dtras-seoladh.
Prionsabail Eiticiúla
Tá an prionsabal maidir le díobháil a íoslaghdú ábhartha má thagann sé chun solais gur féidir le vacsaín tionchar a imirt ar tharchur an víris mar chosnódh sé seo go hindíreach na daoine is leochailí sa tsochaí chomh maith le gníomhaíocht shóisialta agus eacnamaíoch a athbhunú.
Réasúnaíocht
Má léiríonn fianaise sábháilteacht agus éifeachtúlacht.
Prionsabail Eiticiúla
Prionsabail an chomhionannais mhorálta, an dochar a íoslaghdú (má léirítear go bhfuil vacsaíní sábháilte agus éifeachtach sna grúpaí seo) agus cothroime.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú