Lámhleabhar Dearadh do Thithíocht Ardchaighdeáin
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mian leis an Lámhleabhar seo treoir a sholáthar ar dhearadh forbairtí Tithíochta Sóisialta maidir le leagan amach laithreán agus leagan amach inmheánach áitribh aonair, go príomha d’údaráis áitiúla agus do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBanna), agus dá gcomhairleoirí.
Léiríonn na leaganacha amach láithreán samplacha atá sa Lámhleabhar seo na tosaíochtaí dearaidh uirbeacha agus déanamh áite, atá comhsheasmhach le fás dlúth, chun cuidiú le forbairtí tithíochta inbhuanaithe ar ardchaighdeán a sholáthar. Tá sé i gceist leis na leaganacha amach seo na prionsabail dearaidh agus an dea-chleachtas a léiriú a mbeadh súil ag an Roinn, agus inghlacthacht dearaí scéime le haghaidh ceadú maoinithe á meas aici, go gcuirfí i bhfeidhm, agus ag glacadh leis go mbeidh a dtionchair féin a bhaineann go sonrach le suíomh ag gach scéim.
Meastar go bhfuil na leaganacha amach inmheánacha caighdeánacha a chuirtear ar fáil sa Lámhleabhar seo ag teacht go hiomlán leis na prionsabail dearaidhatá leagtha amach i dTreoirlínte na Roinne Tithíocht Ardchaighdeáin do Phobail Inbhuanaithe (2007) agus Caighdeáin Dearaidh d’Árasáin Nua (2018) . Dá réir sin, cé go bhfuil siad roghnach le húsáid, meastar go gcomhlíonann na leaganacha amach inmheánacha seo do raon leathan tithe, árasáin agus árasáin dhá urlár riachtanais na Roinne maidir le cóiríocht ardchaighdeáin d’áitritheoirí amach anseo.
Tá sé mar aidhm ag an Lámhleabhar cur chuige comhsheasmhach a chur chun cinn go náisiúnta ag údaráis áitiúla agus AHBanna maidir le tosaíochtaí dearaidh agus caighdeáin spáis.Níl an láithreán agus na leaganacha amach inmheánacha chun críocha tógála, aguscaithfear ceanglais reachtúla mar chead pleanála agus comhlíonadh rialachán foirgnimh a chomhlíonadh ar an ngnáthbhealach.