Na himeachtaí scrúdaithe a bheidh ar siúl thar thréimhse na Cásca agus ina dhiaidh sin - 26 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é atá i gceist leis an ríomhphost seo ná chun tuilleadh eolais a chur ar fáil do phríomhoidí scoile, múinteoirí, tuismitheoirí agus scoláirí maidir le fiosruithe a ardaíodh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit maidir leis na himeachtaí scrúdaithe a bheidh ar siúl thar thréimhse na Cásca agus ina dhiaidh sin, i.e. na béaltrialacha, feidhmíocht phraiticiúil Cheol na hArdteistiméireachta agus tascanna ATF.
Seo thíos treoirleabhar gairid físe do mhic léinn atá ag déanamh na scrúduithe béil
Is féidir le tuismitheoirí agus scoláirí achoimre ar na sonraí a bhaineann leis na béaltrialacha don Ardteistiméireacht agus don Ardeistiméireacht Fheidhmeach a íoslódail anseo.
D’fhoilsigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit an imlitir seo Aoine 19 Márta 2021.
Is é aidhm an imlitir seo treoir a chur ar fáil do bhainistíocht na scoile agus do na múinteoirí maidir le hagallaimh bhéaltrialacha na hArdteistiméireachta, 2021, a phleanáil, a eagrú, a dhéanamh agus a thaifeadadh.
Ciorclán S13/21 Scrúduithe Béaltrialacha Teanga na hArdteistiméireachta 2021 Treoir do Bhainistíocht na Scoile Nóta Forlíontach
24 Márta 2021
Mar atá leagtha amach i gCiorclán 13/21 an CSS Treoir do Bhainistíocht na Scoile, agus an nóta forlíontach (24 Márta, 2021) , le séala an phríomhoide is gá anois go ndéantar caighdeán gach taifeadta ar leith a thástáil sula gcuirtear na taifeadtaí isteach go dtí CSS lena chinntiú go bhfuil gach taifeadadh ar leith ar chaighdeán leordhóthanach agus sásúil le bheith marcáilte ag an CSS, lena n-áirítear nach bhfuil guthanna an agallóra agus an iarrthóra múchta. Chun gach taifeadadh ar leith a thástáil ní mór don scoil éisteacht le cuid leordhóthanach den taifeadadh lena bheith sásta go bhfuil caighdeán an taifeadta sin ar leith sásúil.
Maidir leis na costais bhreise réasúnta a thabhaítear go sonrach i dtaca le solas, teas, glantachán, airíochas agus trealamh cosanta pearsanta, laistigh de scoileanna, a bhaineann leis na scrúduithe a bheidh ar siúl um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus le linn shaoire na Cásca, déanfaidh an CSS iad seo a chúiteamh. Clúdaíonn sé seo na costais i dtaca leis na béaltrialacha, Tascanna ATF agus Ceol.
I dtaca le hiompar scoile, agus faoi théarmaí Scéim Iompar Scoile na Roinne Oideachais, de ghnáth bíonn seirbhísí iompar scoile le haghaidh leanaí incháilithe ag feidhmiú le linn na gnáth-scoilbhliana chun freastal linbh a éascú le linn ghnáthamanna oscailte agus dúnta na scoile amháin. Beidh trialacha feidhmíochta Cheol na hArdteistiméireachta agus Tascanna ATF ar siúl thar thréimhse shaoire na Cásca agus an tréimhse atá ceaptha d’agallaimh na mBéaltrialacha Teanga ná um thráthnóna, ag an deireadh seachtaine agus le linn thréimhse Shaoire na Cásca; tréimhsí ama nuair nach mbeidh an Scéim Iompar Scoile ag feidhmiú. Ar chúiseanna sláinte phoiblí, agus ós rud é go mbeidh na himeachtaí seo ar siúl ar feadh tréimhse gairide, ní bheadh sé oiriúnach go mbeadh gnáthchóras iompar scoile ag feidhmiú.
Iarrtar ar scoileanna freastal na scoláirí a éascú ag baint úsáid as seirbhísí tacsaí sna cásanna teoranta seo a leanas; ní mór do na scoláirí;
Déanfaidh CSS na scoileanna a chúiteamh ar chostais réasúnta dá leithéid seirbhísí ach admhálacha bailí a chur ar fáil.
Is é aidhm an chliorcláin seo sonraí a chur ar fáil maidir le raon feabhsaithe tacaíochtaí atá ar fáil do scoileanna chun tacú le reachtáil Scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí agus próiseas na nGrád Creidiúnaithe in 2021.
Ba chóir an t-eolas seo a chur faoi bhráid bhainistíocht na scoile, na múinteoirí, scoláirí agus tuismitheoirí chomh luath agus is féidir.