Plean Freagartha COVID-19: Plean Freagartha COVID-19 le haghaidh Athoscáilt Shábháilte Inbhuanaithe Iar-bhunscoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Plean Freagartha Covid-19 deartha chun tacú leis an bhfoireann agus leis an mBord Bainistíochta/Bord Oiliúna agus Oideachais (BOO) chun bearta a chur i bhfeidhm atá dírithe ar scaipeadh Covid-19 a chosc i dtimpeallacht na scoile.
Sonraítear sa Phlean Freagartha Covid-19 na polasaithe agus na cleachtais is gá do scoil a bheith aici chun Prótacal an Rialtais um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte agus plean na Roinne Oideachais um athoscailt Scoileanna a chomhlíonadh a mbeidh de chuspóir acu tabhairt isteach agus scaipeadh Covid-19 i dtimpeallacht na scoile a chosc.
Tá sé tábhachtach go mbeidh atosú teagaisc agus foghlama scoilbhunaithe agus athoscailt scoileanna ag teacht leis an gcomhairle agus na doiciméid treorach maidir le sláinte poiblí a d'ullmhaigh an Roinn. Laghdaíonn sé sin an riosca do scoláirí, don bhfoireann agus do dhaoine eile.
Tacaíonn an plean freagartha le hathoscailt inbhuanaithe na scoileanna inarb é an phríomhchuspóir sláinte na foirne agus na scoláirí a chosaint agus riachtanais oideachais agus forbartha na bpáistí sa scoil á gcur chun cinn ag an am céanna. Is doiciméad beo é an plean freagartha COVID-19 agus déanfar é a nuashonrú de réir na comhairle sláinte poiblí agus aon chomhaontú ábhartha eile le comhpháirtithe oideachais de réir mar is cuí do iar-bhunscoileanna.
I gcomhréir leis an bPrótacal um Fhilleadh ar an Obair go Sábháilte, tá cumarsáid láidir agus cur chuige comhoibritheach comhroinnte idir an mBord Bainistíochta/BOO, an fhoireann, na scoláirí agus na tuismitheoirí fíorthábhachtach chun gur féidir filleadh ar an obair go sábháilte agus go leanúnach, agus chun gur féidir scoileanna a athoscailt.
Tá cúnamh agus comhoibriú na foirne, na scoláirí, na dtuismitheoirí, na gconraitheoirí agus na gcuairteoirí go léir ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an bplean.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú