Siomptóim COVID-19 agus conas tú féin a chosaint
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má tá aon siomptóim choitianta COVID-19 (Coróinvíreas) agat, féin-aonraigh (fan i do sheomra) agus cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh láithreach. Inseoidh do dhochtúir teaghlaigh duit cibé an bhfuil tástáil COVID-19 de dhíth ort nó nach bhfuil.
Beidh ar dhaoine eile i do theaghlach srian a chur ar a ngluaiseachtaí (fanacht sa bhaile).
I measc na siomptóim choitianta tá:
B’fhéidir nach bhfuil na siomptóim seo go léir agat. Féadfaidh sé suas le 14 lá a thógáil go dtí go mbeidh na siomptóim le feiceáil. Is féidir leo a bheith cosúil le siomptóim slaghdáin agus fliú.
Ciallaíonn diagnóis luath ó do dhochtúir teaghlaigh gur féidir leat an cúnamh a theastaíonn uait a fháil agus scaipeadh an víreas a sheachaint, má tá sé agat.
Scaiptear COVID-19 (Coróinvíreas) i braoiníní sraotha nó casachta.
Chun tú a ionfhabhtú, caithfidh an víreas dul ó shrón nó ó bhéal duine atá ionfhabhtaithe isteach i do shúile, do shrón nó do bhéal. Féadfaidh sé seo tarlú má bhíonn duine a bhfuil an víreas air ag casacht nó ag sraothartach in aice leat. Nó má leagann tú lámh ar rud éigin a raibh siad i dteagmháil leis, mar shampla ábhar nó dromchla.
Tá sé tábhachtach go ndéanfá an méid seo a leanas:
Lean an chomhairle seo chomh docht agus is féidir agus tabhair spreagadh do dhaoine eile é seo a dhéanamh freisin.
Féadann COVID-19 duine ar bith a dhéanamh go dona tinn. Ach do roinnt daoine, tá an riosca níos airde. Ba chóir do dhaoine atá i mbaol níos airde ó COVID-19 cúram breise a ghlacadh chun iad féin a chosaint.
Cuideoidh do lámha a ní i gceart agus go minic le scaipeadh COVID-19 a stopadh.
Úsáid gallúnach agus uisce nó díghalrán lámh alcóil chun do lámha a ghlanadh:
Coinnigh do lámha i riocht maith. Úsáid maothóir go minic. Tá sé ceart go leor aon táirge bunúsach nach bhfuil cumhraithe nó daite a úsáid.
Caith clúdach aghaidhe ar iompar poiblí, i siopaí agus i suíomhanna eile faoi dhíon. Seo é an dlí. Féadfar fíneáil a ghearradh ort nó cead isteach a dhiúltú duit mura gcaitheann tú ceann.
Ba chóir duit clúdach aghaidhe a chaitheamh freisin in áiteanna oibre plódaithe, in áiteanna adhartha agus i spásanna gnóthacha lasmuigh ina mbailíonn a lán daoine.
Nuair a bhíonn tú ag casacht nó ag sraothartach, clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr páipéir nó le do mhuinchille. Cuir ciarsúir pháipéir úsáidte i mbosca bruscair agus nigh do lámha.
Ná leag lámh ar do shúile, do shrón ná do bhéal mura bhfuil do lámha glan.
Ná roinn rudaí a dhéanann teagmháil le do bhéal, mar shampla, buidéil nó cupáin. Glan agus díghalraigh ábhair agus dromchlaí a bítear á láimhseáil go minic.
Tá scaradh sóisialta tábhachtach chun cabhrú le scaipeadh COVID-19 a mhoilliú. Déanann sé é seo trí theagmháil idir daoine a íoslaghdú.
Ba chóir duit:
Is beag an riosca atá ann má tá tú díreach ag dul thar dhuine. Ach déan iarracht achar 2 mhéadar a choinneáil oiread agus is féidir.
Déan iarracht áiteanna a sheachaint nach féidir leat 2 mhéadar a choinneáil idir tú féin agus daoine eile. Má tá tú in áit phoiblí ina bhfuil sé deacair 2 mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile, caith clúdach aghaidh.
Is féidir le daoine atá ina gcónaí leo féin nó ag tuismitheoireacht ina n-aonar dul i bpéirí le teaghlach amháin eile le haghaidh tacaíochta. Tugtar 'boilgeog tacaíochta' air seo.
Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar theach na ndaoine i do mboilgeog tacaíochta agus féadfaidh siad cuairt a thabhairt ar do theach. Is féidir leat bualadh le chéile lasmuigh agus in áiteanna seachas an baile.
Má tá cuairteoirí agat i do theach, iarr orthu a lámha a ghlanadh nuair a thagann siad. Tar éis dóibh imeacht, glan dromchlaí a raibh siad i dteagmháil leo. Úsáid do ghnáthoibreán glantacháin agus glantaigh tí.
Ná caith lámhainní aon uaire in ionad do lámha a ní. Téann an víreas orthu ar an mbealach céanna agus a théann sé ar do lámha. Chomh maith leis sin, d'fhéadfá do lámha a éilliú agus tú á mbaint díot.
Caith clúdach aghaidhe agus tú ag tabhairt cuairte ar dhaoine atá 70 bliain d’aois nó níos sine, nó daoine eile atá i mbaol níos airde ó COVID-19.
Níor chóir duit bualadh le duine eile:
Seiceáil le daoine sula mbuaileann tú leo chun a chinntiú go bhfuil siad saor ó shiomptóim agus go mbraitheann siad go maith.
Siúil nó rothaigh in ionad iompar poiblí a úsáid, más féidir leat.
Seachain feithiclí a roinnt le daoine lasmuigh de do theaghlach. Caith clúdach aghaidhe má roinneann tú feithicil.
Oibrigh ón mbaile nuair is féidir.
Moltar clúdaigh aghaidhe in áiteanna oibre plódaithe.
Lean comhairle maidir le scaradh sóisialta i ngach áit lasmuigh den bhaile. Cuimsíonn sé sin d’ionad oibre.
Is é an bealach is coitianta is féidir leat COVID-19 (Coróinvíreas) a fháil ná trí dhlúth-theagmháil a dhéanamh le duine a bhfuil an víreas air. Is féidir leat an víreas a scaipeadh fiú mura bhfuil siomptóim ort.
Scaiptear COVID-19 go príomha trí dhlúth-theagmháil agus braoiníní a thagann ó do shrón agus ó do bhéal. Mar shampla, ó dhuine atá ag caint os ard, ag canadh, ag béicíl, ag casacht nó ag sraothartach. Tarlaíonn sé seo nuair a bhíonn daoine laistigh de 1 go 2 mhéadar óna chéile. Is é sin an fáth go bhfuil sé chomh éifeachtach scaradh sóisialta 2 mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile chun an scaipeadh a laghdú.
Is féidir leat an víreas a fháil ó dhromchlaí ionfhabhtaithe freisin. Mar shampla, nuair a bhíonn duine a bhfuil an víreas air ag sraothartach nó ag casacht, is féidir le braoiníní leis an víreas titim ar dhromchlaí timpeall orthu. Má leagann tú do lámh ar an dromchla sin agus ansin ar do shúile, do shrón nó do bhéal, d’fhéadfá a bheith ionfhabhtaithe freisin. Is é sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach do lámha a ní i gceart agus go minic.
Maróidh díghalráin tí coitianta an víreas ar dhromchlaí. Glan an dromchla ar dtús agus ansin úsáid dífhabhtán.
Is féidir le COVID-19 maireachtáil ar feadh:
Is ionann tarchur aeriompartha agus scaipeadh víris i gcáithníní uisce an-bheag. Féadfaidh sé seo tarlú thar achar níos faide ná braoiníní, mar shampla trasna seomra. Ní cosúil go bhfuil ról mór ag tarchur aeriompartha i scaipeadh COVID-19. Ach is féidir leis tarlú i gcásanna áirithe. Chun tú féin a chosaint, coinnigh spásanna faoi dhíon aeráilte go maith (lig an t-aer isteach) trí fhuinneoga agus doirse a oscailt más féidir.
Is féidir le clúdach aghaidhe tú a chosaint. Ach ba cheart duit na rudaí tábhachtacha a dhéanamh fós a theastaíonn chun scaipeadh an víris a chosc.
Áirítear orthu sin:
Is féidir leis an víreas scaipeadh go héasca i dtimpeallachtaí plódaithe. Seachain áiteanna plódaithe a oiread agus is féidir. Fág áit má bhíonn sé plódaithe agus mura féidir leat fad 2 mhéadar a choinneáil ó dhaoine eile.
Faigh rochtain ar Sheirbhís Ateangaireachta chianda na hÉireann (IRIS).
Is cúis bhuartha iad paindéimí galair thógálacha cosúil le COVID-19 (Coróinvíreas). Féadfaidh sé dul i bhfeidhm ar do mheabhairshláinte. Is iomaí rud is féidir leat a dhéanamh chun aire a thabhairt de do mheabhairshláinte le linn na tréimhse seo.
Tá póstaeir comhairle sláinte poiblí forbartha againn atá ar fáil duit le híoslódáil agus le taispeáint mórthimpeall.
Táimid tar éis forbairt a dhéanamh chomh maith ar Threoirlínte le bheith Sábháilte chun cabhrú leat an fad a thomhas agus a choinneáil i suíomhanna éagsúla.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú