Clár Samhraidh 2024: clár scoilbhunaithe in iar-bhunscoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Beidh deis ag gach iar-bhunscoil clár coicíse a reáchtáil do scoláirí atá ar an rolla i ranganna speisialta, chomh maith leo siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais chasta acu agus scoláirí atá i mbaol ó mhíbhuntáiste oideachais.
Cuireann clár scoilbhunaithe eispéireas níos iomláine ar fáil do dhaltaí agus cuidíonn sé chun an nasc idir scoileanna agus piaraí a choinneáil.
Litir chuig na príomhoidí iar-bhunscoile
Clár Samhraidh d'Iar bhunscoileanna 2024: Forléargas/Téarmaí agus Coinníollacha
Treoir maidir leis an gClár Samhraidh 2024 Le haghaidh Iar-bhunscoileanna
Seimineáir ghréasáin eolais faoi Chlár an tSamhraidh, 2024
Beidh seimineáir ghréasáin agus/nó acmhainní, nuair atá siad ar fáil, le feiceáil anseo.
Chun rochtain a dhéanamh ar na seimineáir ghréasáin agus ar acmhainní sna blianta roimhe seo, cliceáil anseo le do thoil
Aguisín A – Teimpléad le haghaidh na Tuairisce Cláir Samhraidh
AGUISÍN C – TEIMPLÉAD LE HAGHAIDH COMHAIRLIÚCHÁN AR AN GCLÁR SAMHRAIDH
Ní mór d’iar-bhunscoileanna ar mian leo a bheith páirteach i gClár Samhraidh 2024 clárú ar Thairseach na Roinne um Chlárú ar Líne.
Beidh an tairseach ar fáil go luath i ndiaidh an clár a sheoladh chun ligean do scoileanna breithniú a dhéanamh ar an scála cláir is féidir leo a reáchtáil. Cuirfear in iúl do scoileanna faoi dháta oscailte na tairsí leis an nasc iomchuí.
Tar éis an chlárúcháin, eiseofar r-phoist cheadaithe chuig scoileanna do gach scéim dá bhfuil siad cláraithe ag leagan amach na n-acmhainní a ceadaíodh dóibh.
Tá síneadh curtha leis an Tairseach Chlárúcháin Scoilbhunaithe go dtí an 17 Bealtaine 2024.
Is féidir leat féachaint ar roinnt príomhoidí, múinteoirí agus foirne scoile ag caint faoin taithí a bhí acu ar chláir shamhraidh roimhe seo a reáchtáil ag an nasc thíos:
Clár Samhraidh 2024: clár scoilbhunaithe in iar-bhunscoileanna - Eolas do thuismitheoirí
Bainfidh scoileanna rannpháirteacha úsáid as córas Esinet na Roinne chun éilimh a chur isteach. Ceadóidh sé sin éilimh a phróiseáil ar bhonn leanúnach le linn an tsamhraidh.
Déanfaidh an Roinn iarracht amanna íocaíochta a laghdú i mbliana do na héilimh chomhlánaithe go léir a chuirfear isteach roimh na dátaí deiridh a fhoilseofar. Déanfaidh an Roinn íocaíochtaí do mhúinteoirí agus do CRSanna a phróiseáil de réir mar a chuirtear isteach éilimh chomhlánaithe trí thairseach Esinet le linn thréimhse an tsamhraidh.
Eiseofar eolas chuig na scoileanna rannpháirteacha maidir leis an mbealach chun éilimh d’íocaíochtaí le baill foirne a chur isteach sula dtosaíonn siad ar a gclár samhraidh.
Beidh an líne chabhrach don Chlár Samhraidh ag feidhmiú ó Luan go hAoine idir 9:00am agus 5:00pm ag 090648 4292.
Is féidir ceisteanna ar líne faoin gclár scoilbhunaithe a chur chuig schoolsummerprogramme@education.gov.ie