Le dhá chéad bliain anuas nach mór, tá tionchar ag saothar OPW ar mhórchuid gnéithe de shaol na hÉireann. Inniu, leanann saothar OPW ag dul i bhfeidhm ar shaol laethúil an phobail – mar shampla, dearadh réadúil tírdhreacha a chothaíonn bithéagsúlacht, cur i láthair Expo 2021 – Aonach Domhanda Tráchtála Éireann – nó luach a chur le scéimeanna um bainistiú priacal tuile.
I sraith chur i láthair leathanréimse ó chuid de na dearthóirí is suntasaí in Éirinn, is féidir eolas a chur ar ról an deartha imeasc réimsi éagsúla agus conas a chuirtear nuálaíocht chun cinn i dtionscadail phoiblí. Beidh caint spreagúil dúshlánach ón dearthóir idirnáisiúnta Lorna Ross: Crafting the Future: Lessons learnt from design-led innovation in complex systems. Bí linn ar thuras ó Chloich na Coillte go Dubai agus cuir eolas ar na daoine agus na tionscadail atá ag dearadh an tsaoil ata thart timpeall orainn.
Chun an seimineár gréasáin a tionóladh ar an Déardaoin 22 Deireadh Fómhair a fheiceáil, cliceáil ar an nasc thíos:
Please find below presentations (PDF) from the webinar