5 Mí na Samhna 2020
Inniu sheol an Rialtas Feachtas Eolais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ 2020 -2021.
Tá sé beartaithe go dtarraingeoidh an feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’, atá á rith don deichiú bliain as a chéile i mbliana, aird ar na dúshláin ar leith a bhaineann le míonna an gheimhridh agus soláthraíonn sé cur chuige comhordaithe agus leathan maidir le teachtaireachtaí sábháilteachta don phobal agus eolas a scaipeadh maidir le hullmhúcháin don gheimhreadh.
Tá an feachtas eolais seo seanbhunaithe faoin tráth seo agus is imeacht bliantúil tábhachtach é a bhfuil tionchar aige ar an tseirbhís phoiblí trí chéile.
Tarraingíonn an feachtas aird ar an gcur chuige ‘Uile-Rialtais’ atá á ghlacadh maidir leis na hullmhúcháin don gheimhreadh. Bhí fianaise ar an gcur chuige comhordaithe seo le tabhairt faoi deara i rith stoirmeacha agus drochaimsir a tharla le blianta beaga anuas a chruthaigh dúshláin do dhaoine aonair, pobail, gnóthaí, Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais.
An rud is tábhachtaí is ea go gcuireann an feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ an pobal ar an eolas faoin obair ullmhúcháin atá á déanamh don gheimhreadh agus na háiteanna ar féidir leo eolas luachmhar a fháil chun cabhrú leo fanacht slán i rith tréimhse dhúshlánach.