Tá an aip Rianaithe COVID ar fáil anois - féach anseo chun tuilleadh eolais faoi a fháil.
Mar chuid den fhreagairt náisiúnta atáthar ag tabhairt ar COVID-19, tá obair ar bun chun aip náisiúnta a fhorbairt chun an teagmháil agus na siomptóim a rianú san fhíor-am.
Is é príomhchuspóir an aip ná a chumasú do na seirbhísí sláinte luas agus éifeachtúlacht an rianaithe teagmhála a fheabhsú agus scaipeadh COVID-19 a mhapáil agus a thuar. Tacaíonn sé seo leis an gcuspóir foriomlán atá ann an cuar a leathadh agus leathadh COVID-19 a chosc ionas nach bhfaigheann dhaoine eile sa phobal é.
Anuas ar thacaíocht a thabhairt don iarracht foriomlán atá á dhéanamh ag an rialtas sa chogadh i gcoinne COVID-19 atá ar siúl faoi láthair, beidh buntáistí ar leith á dtairiscint ag an aip seo trí chúnamh a thabhairt do dhaoine filleadh ar ais ar an ngnáthshaol de réir is a mhaolaítear na srianta atá i bhfeidhm.