Gradam Ailtireachta RIAI 2020 (Caomhnú)
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí áthas ar OPW a fhógairt gur bhuaigh Teach Laighean an Gradam Ailtireachta RIAI 2020 as an dtionscadal caomhnaithe ar cheann de na foirgnimh is mó clú ag an Stát.
Tógadh Teach Laighean in 1745 mar theach cónaithe sa chathair ag Séamas Mac Gearailt, 19ú Iarla Chill Dara agus ina dhiaidh sin 1ú Diúc Laighean. Cheannaigh Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) an teach in 1814 agus bhain siad úsáid as go dtí 1924 nuair a cheannaigh an rialtas é. Ón tráth sin ar aghaidh, is é an teach láir é in eastát pharlaiminte Thithe an Oireachtais.
Ba é Richard Castle a dhearaigh é ins an stíl Phallaidiach; maireann an bunfhoirgneamh slán chomh maith leis an mbunábhar stairiúil. Chun bunábhar an tí a choimeád slan agus Teach Laighean a choinneáil in úsáid tar éis 275 bliana, ba ghá mórshaothar maidir le brú ar na hurláir, cosaint dóiteáin agus athnuachan ar sheirbhísí meicniúla agus leictreacha; ba ghá freisin go mbeadh an teach dúnta ar feadh a laghad ama agus ab’fhéidir.
Sular thosaigh an obair in 2017, rinneadh taighde forleathan stairiúil agus suirbhéanna speisialta - maidir le, mar shampla, plástar, péint, ábhar cloiche, slinnte luaidhe, copar, fuinneoga agus doirsí.
Ó Nollaig 2017 go Lúnasa 2019 bhí scafall clúdaithe agus díon breise chun an láthair tógála, cosán ardaithe agus bunáit chonraitheora a scaradh ó oifigí an Oireachtais a bhí ag leanúint mar ba ghnách ar feadh an ama. Bhí mórán dúshlán ag éirí de réir mar a bhí an obair ag dul ar aghaidh agus réitiodh na ceisteanna seo uile i gcomhar leis an gconraitheoir, na fo-chonraitheoirí speisialta ceirde agus lucht soláthair. Tá dearadh agus ábhair difriúla le feiceáil in aon obair nua a cruthaíodh.
Ghlac OPW an deis chun an iliomad saothar ealaíne agus troscán stairiúil sa teach a athchóiriú agus a chaomhnú sular athosclaíodh an foirgneamh in Meán Fómhair 2019.
Is tionscadal suntasach é seo ag OPW – oidhreacht thógála a chaomhnú agus institiúid Stáit a chosaint.
Gradaim Bhliantúla RIAI 2020 – Tagairt an Ghiúiré:
Ba thionscadal tábhachtach náisiúnta é an foirgneamh is mó clú sa Stát a chaomhnú. Fuair na hailtirí an lámh in uachtar ar na dúshláin iomadúla a d’éirigh rompu agus iad go cúramach i mbun saothair, ag oibriú leo le staraithe, comhairleoirí innealtóireachta, conraitheoirí agus lucht ceirde speisialta. Is álainn é toradh a gcuid saothair agus sampla breá caomhnaithe.
Um liosta iomlán na mbuaiteoirí féach riai.ie.