OPW - ag dearadh tírdhreaca don am atá romhainn
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceiliúradh an Lá Idirnáisiúnta um Bithéagsúlacht (IDB) faoin téama 'Is cuid den réiteach sinn'. Le dhá chéad bliain nach mór, d’imir feidhmithe deartha Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) tionchar ar dhearadh tírdhreacha in Éirinn. Cuimsíonn saothar OPW cuir chuige nuálaíocha chun freagra a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis na cortha casta i gcórais aimsire agus aeráide an phlainéid seo againn.
Chun na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide a fhreagairt is gá go n-athróidh daoine a mbealaí iompair. Ag Campas Bhacastúin i gCo. Chil Dara is féidir a fheiceáil conas a laghdaítear drochthionchar ar an gcomhshaol agus conas a fheabhsaítear bithéagsúlacht trí inbhuanaitheacht a fheidhmiú i ndearadh tírdhreaca. Dearadh an tírdhreach chun caidrimh chasta san éiceachóras a thacú agus dúshláin chasta lóistíochtúil agus éiceolaíocha a fhreagairt.
Ceapadh agus tógadh Campas Bhacastúin fiche bliain ó shin; baineann fíorluach an tionscadail leis an nuálaíocht agus le fís OPW um thírdhreach inbhuanaithe. Sa bhfíseán seo, míníonn Ciaran O'Connor, Ailtire Stáit agus Stiúrthóir Seirbhísí Ailtireachta an díriú fadtéarmach a cuireadh i bhfeidhm ar dhearadh an tionscadail. Ligeann cur chuige fadradharcach don champas leathnú ar bhealach struchtúrtha a neartaíonn agus a chosnaíonn an bhithéagsúlacht ar an láthair.
Léiríonn Campas Bhacastúin gur féidir inbhuanaitheacht a chruthú amach anseo nuair a thagann smaointe cruthaíocha le chéile; tá gnéithe ann a théann chun sochair an tsaoil nádúrtha agus san am céanna a chuireann le leas na ndaoine atá ag obair ann. Maireann éiceolaíocht agus dearadh daonláraithe ar scáth a chéile ins an suíomh leithleach seo.