An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Athfhorbairt ar choimpléacs an GPO
Is siombail dár náisiún í ár bPríomhchathair, sa bhaile agus thar lear araon.
Tá athforbairt mhór á stiúradh ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar cheann de na séadchomharthaí stairiúla is suntasaí in Éirinn; Coimpléasc Ard-Oifig an Phoist i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá an athfhorbairt suite laistigh de chomhthéacs níos leithne na ngníomhartha atá leagtha amach i dTreochlár Seachadadh an Rialtais maidir le Tuarascáil Tascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá sé mar fhís ag an tógra cathair níos rathúla, níos tarraingtí agus níos sábhailte a dhéanamh de lár Bhaile Átha Cliath; áit inmhianaithe le maireachtáil, le hobair, le gnó a dhéanamh agus le cuairt a thabhairt uirthi.
Tá Coimpléacs an GPO suite i gcroílár scéal náisiúnta na hÉireann le breis is dhá chéad bhliain.
Tá gá le hidirghabhálacha ar mhaithe lena úsáid a leathnú chun a ábharthacht leanúnach a chinntiú. Cosnóidh na hidirghabhálacha seo Coimpléacs an GPO mar acmhainn dár bpobail reatha agus do phobail atá ag teacht chun cinn, agus do na glúnta amach romhainn.
Déanfaidh an athfhorbairt cothromaíocht a aimsiú idir oidhreacht shaibhir Choimpléacs an GPO a chaomhnú agus an gá le feabhas a chur ar rochtain an phobail agus le toradh a sheachadadh a bhfuil leas poiblí fadtéarmach i gceist leis. Forbróidh Oifig na nOibreacha Poiblí an tionscadal seo ar bhealach atá freagrach go sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil de agus a chinntíonn luach ar airgead ag an am céanna. Forbrófar an tionscadal seo i gcomhréir leis na beartais, straitéisí agus pleananna ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ar fad.
Sula n-ullmhaítear aon mholadh dearaidh lena bhreithniú, cuirfear tús le comhairliúchán poiblí agus próiseas rannpháirtíochta neamh-reachtúil níos déanaí i mbliana (féach Comhairliúchán). Lorgófar tuairimí ó chách sa phróiseas oscailte ionchuimsitheach seo chun cabhrú le fís choiteann a chruthú don tionscadal.
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: