An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Coimpléacs an GPO sa lá atá inniu ann
Tá coimpléasc an GPO, a bhfuil cáil air mar gheall ar a Oifig Phoist Phoiblí agus Músaem an GPO, ar cheann de na foirgnimh is so-aitheanta in Éirinn.
Taobh thall de na spásanna sin a bhfuil aghaidh acu ar an bpobal tá foirgneamh ollmhór ilfheidhmeach a bhfuil tuairim is 25,000 méadar cearnach i gceist leis. Clúdaíonn sé achar dromchla arb ionann é agus dhá pháirc CLG.
Is ionann coimpléacs an GPO agus bloc cathrach ilstórach a bhfuil aghaidh aige ar Shráid Uí Chonaill, ar Shráid an Phrionsa Thuaidh agus ar Shráid Anraí. Tá oifigí Rialtais ann le breis is céad bliain anuas anois. Ar leibhéal na sráide, tá siopaí feadh Shráid Anraí agus ar an dá thaobh de Stua an GPO, bealach poiblí a nascann Sráid Anraí le Sráid an Phrionsa Thuaidh.
Naisc
Faigh tuilleadh eolais faoi An Post:
Faigh tuilleadh eolais faoi Mhúsaem Ard-Oifig an Phoist:
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí: